B’fhéidir go bhfuil mé róluath á rá, ach ceapaim go bhfuil an chonspóid– nó cuid mhaith di ar aon chuma – imithe as fadhb na hinimirce.
Ní hin le rá nach bhfuil daoine buartha faoin scéal agus go dtarlóidh agóidí, mar a bhí i gCarna, nuair a bhrúitear ionaid tearmainn ar cheantair atá gann ar sheirbhísí cheana féin, ach is dóigh liom go bhfuil an tAire Dlí is Cirt, Jim O’Callaghan, ag tabhairt le fios go bhfuil sé ag dul i ngleic leis an bhfadhb.
Cabhair do theachtaireacht an rialtais – nó teachtaireacht Uí Cheallacháin – is ea na scéalta sna meáin mhóra faoi dhaoine nár éirigh lena gcuid iarratas a bheith á ndíbirt as an tír.
Tá fadhbanna ann, go háirithe maidir le cén chaoi le freastal orthu siúd atá ag lorg dídine, ach creideann móramh an phobail go bhfuil rud éigin ar siúl lena réiteach.
É sin ráite, ní dóigh liom go gcuirfear fáilte roimh scéal atá sna meáin faoi láthair go bhfuil óstán is ionad an Citywest le ceannach ag an rialtas le háitreabh a chur ar fáil do lucht iarrtha dídine ar chostas, a deirtear, €150 milliún.
Tá ceannlínte sna meáin freisin go bhfuil líon na nÉireannach gan dídean níos mó ná riamh, agus go bhfuil an figiúr sin ag dul i méad mí i ndiaidh míosa le roinnt blianta.
Cloisfear gearáin faoi seo, ach níl an chosúlacht air go mbeidh círéibeacha ann mar a bhí sa gCúlóg anuraidh.
Ar ndóigh, in ainneoin mhíshástacht daoine áirithe le cúrsaí inimirce níor éirigh leis an eite dheis i bhfad amach ná le lucht an chiníochais dul chun cinn suntasach a dhéanamh. Níor toghadh ach dornán beag comhairleoirí ón eite sin sna toghcháin áitiúla is níor toghadh éinne san olltoghchán, cé go mb’fhéidir go ndearna iarrthóir nó dhó ‘fead ghadhair’ as an scéal ina bhfeachtas.
Ach más scéal imeallach in Éirinn é, ní mar sin atá ar fud na hEorpa.
San Ísiltír, tá an rialtas i ndiaidh titim as a chéile – agus toghcháin beartaithe don fhómhar – ó tharraing Geert Wilders a pháirtí, PVV – Páirtí na Saoirse – as an rialtas nuair a dhiúltaigh na páirtithe eile glacadh le cosc iomlán ar an inimirce.
Ag an am céanna i dtíortha eile san Aontas Eorpach tá páirtithe na heite fíórdheise ag dul i méad.
Sa bPolainn, baineadh preab as an Aontas Eorpach nuair a d’éirigh le Karol Nawrocki, duine atá go láidir ar son féincheannas na Polainne taobh istigh den AE is atá ag iarraidh tionchar na Bruiséile a laghdú, an ceann is fearr ar an iarrthóir ar son an Aontais, Rafal Trzaskowski.
Cé go bhfuil Nawrocki go láidir i gcoinne na Rúise, tá sé ar aon tuairim le ceannairí eile ar nós Victor Orban san Ungáir nó Robert Fico sa tSlóvaic.
Pobalóirí a thugann lucht na Bruiséile ar na daoine seo, agus idirdhealú á dhéanamh acu idir pobalachas agus daonlathas.
Ar son an daonlathais, bhí an tAE sásta tacú le toghcháin sa Rómáine a chealú, le go dtoghfaí a rogha iarrthóra, agus mar sin de.
Sa Ghearmáin táthar ag caint faoin AfD a chur faoi chosc, sin páirtí eile atá amhrasach faoin bhfiontar Eorpach, ach páirtí a bhfuil blas den Naitsíochas ag baint leis.
Tá an chuma ar an scéal, ámh, nach bhfuil ag éirí le straitéis an AE, agus tá míshástacht faoin inimirce ag cinntiú go bhfuil tacaíocht na bpáirtithe seo ag dul i méad agus an bealach á réiteach don chiníochas.
Feictear domsa go bhfuil ag éirí leis an eite dheis i bhfad amach – Wilders agus Nawrocki – toisc go bhfuil an spás seo tréigthe ag an eite chlé. Ní hin le rá gur chóir don eite chlé glacadh le ciníochas, ach is cóir aitheantas a thabhairt do na fadhbanna, ar nós easpa acmhainní is seirbhísí sna ceantair ina bhfuil lucht iarrtha dídine le cur.
Ar ndóigh ní bhaineann Fico na Slóvaice leis an eite dheis ar chor ar bith, mar is daonlathach sóisialta é. Ach deineann sé freastal ar dhaoine a airíonn go bhfuil siad féin fágtha as an scéal ag an AE is acusan a rialaíonn na ballstáit.
An cóir, mar sin, go mbeadh an tAE ag feidhmiú mar stát, nó an cóir go mbeadh sé teoranta don chomhoibriú eacnamaíoch idir na stáit?
Tá móramh de mhuintir na hÉireann go láidir ar son an Aontais, ach tá an coimhthíos seo le tabhairt faoi deara in Éirinn freisin ach amháin go bhfuil sáinn pholaitiúil anseo: níl aon iontaoibh as an rialtas ach níl mórán iontaoibh as an bhfreasúra ach an oiread.
Fág freagra ar 'Tá an pobalachas ag dul i dtreis ar fud na hEorpa'