Tá na chéad chéimeanna éiginnte tógtha ag foirne idirbheartaíochta na Rúise agus na hÚcráine, ag lorg, b’fhéidir, conas críoch a chur leis an gcogadh, ach is cosúil go bhfuil an tAontas Eorpach agus an Bhreatain meáite ar leanúint leis an gcogadh, is cuma cén praghas a bheidh le n-íoc ag an Úcráin
Tá an Rúis anois ag cur dréacht ar fáil a léiríonn na bunéilimh atá acu – an Úcráin neodrach gan saighdiúirí eachtrannacha sa tír, cearta do lucht labhartha na Rúisise, agus aitheantas gur cuid den Rúis anois an Chrimé agus na ceithre oblast sa Donbas.
Ach de réir comharthaí eile go bhfuil an tAontas Eorpach ag iarraidh neamhní a dhéanamh den idirbheartaíocht, agus leanúint leis na gcogadh cé go n-admhaíonn, fiú na hEorpaigh féin, nach féidir leis an Úcráin seilbh a ghlacadh arís ar na hoblaist atá caillte – ach amháin, b’fhéidir, go mbeadh abhainn Dnipro mar theorainn agus Kherson is Zaporizhzhia roinnte.
Rinne Volodymyr Zelenskyy agus rialtais an Iarthair cáineadh géar ar chinneadh Vladimir Putin gan freastal ar an idirbheartaíocht in Istanbul. Dúirt Zelenskyy gur fianaise é seo nach bhfuil an Rúis tógtha i ndáiríre le síocháin. Níl sé sin ciallmhar, ar ndóigh, mar i gcásanna den sórt seo is gnáthchur chuige é go ndéanfadh oifigigh dréacht a ullmhú, agus ina dhiaidh sin go bpléfeadh na ceannairí an scéal le chéile bunaithe ar an bhfráma atá leagtha amach.
Ach d’oir sin don scéalaíocht atá á cur chun cinn ar fud na hEorpa. Mura bhfuil an Rúis ionraic maidir le síocháin, ní fiú an idirbheartaíocht is níl aon dul as ach leanacht leis an gcogadh, is cuma cé chomh fuilteach is a bheidh sé sin do mhuintir na hÚcráine.
Ach, má tá an cogadh caillte agus aithnítear an fhírinne sin go forleathan fiú i measc cheannairí an Aontais Eorpaigh, céard is fiú leanacht leis?
Ba é Meiriceá ar dtús a d’éiligh go bhféadfaí buachan ar an Rúis is nár chóir ligean don Úcráin cailliúint, ach ghlac ceannairí na hEorpa – taobh amuigh d’eisceacht nó dhó – leis an leagan sin den scéal.
Tá sé soiléir anois céard iad na bunchoinníollacha atá ag an Rúis a liostáil mé thuas.
Is cosúil go bhfuil Donald Trump sásta leis na coinníollacha sin. Ní giolla ná leantóir ag Putin é sin – mar a deir lucht a cháinte – ach duine a thuigeann nach féidir leis buachan. Ar aon chuma, tá a aird dírithe ar an tSín, agus seans go bhfuil súil aige gur féidir an Rúis agus na tSín a scoilteadh óna chéile. Bheinn amhrasach faoi sin, mar is léir go bhfuil sé chun leasa an dá thír sin seasamh le chéile. Ach ní theastaíonn ó Trump a chuid ama is fuinnimh a chur amú i gcogadh atá caillte cheana féin ar aon chuma.
Tá Trump anois ag iarraidh dlús a chur leis an idirbheartaíocht, agus é ag bagairt go n-éireoidh sé as an scéal ar fad mura ndéantar dul chun cinn.
Ní bagairt ar an Rúis an chaint sin, ach ar an Úcráin, mar dá stopfadh Meiriceá leis an tacaíocht armlóin is eile a thugann siad don Úcráin, ní mhairfeadh an Úcráin ach seal beag gan iad.
Ach tá na hEorpaigh ag leanacht leis an droch-chomhairle is leis an amadántacht le babhta eile smachtbhannaí, in ainneoin nár éirigh leis na sé bhabhta roimhe seo aon dochar suntasach a dhéanamh don Rúis.
Maidir le Putin, níl le déanamh aige ach fanacht. Ní dóigh liom go mbrúfaidh sé an idirbheartaíocht go dtí go mbeidh sé cinnte go bhfuil Zelenskyy nó ceannaire Úcránach eile réidh le glacadh leis an bhfráma síochána atá leagtha amach.
Deir sé go bhfuil dréacht den socrú síochána le tabhairt aige don Úcráin. Feicfimid ansin an ngéillfidh Zelenskyy d’fhírinne an scéil, nó an dtarraingeoidh Trump as, ag cur deireadh leis an eachtra ar fad.
Maidir leis an Eoraip, ní hamháin go bhfuil seilbh iomlán glactha acu ar scéalaíocht NATO i dtaobh na Rúise, ach tá siad gafa le seachmall go bhfuil an chumhacht acu a bhíodh nuair a bhíodh siad ina n-impirí.
Níl ar ndóigh, is ní bheidh. Ach san idirlinn is cosúil go bhfaighidh tuilleadh daoine óga ón Úcráin bás sa gcogadh fuilteach seo toisc nach dteastaíonn ó cheannairí na hEorpa go bhfeicfear nach bhfuil aon éadach ag an impire.
Fág freagra ar 'Tá an cogadh caillte ach níl an tAE sásta glacadh leis'