Coiste Oireachtais nua na Gaeilge tagtha le chéile den chéad uair

Dúirt iarchathaoirleach an choiste gur foilsíodh go leor tuarascálacha le linn an téarma dheireanaigh ach go raibh amhras air an raibh aon toradh ar an obair sin

Coiste Oireachtais nua na Gaeilge tagtha le chéile den chéad uair

Tháinig Coiste Oireachtais nua na Gaeilge le chéile inniu den chéad uair ó cuireadh tús leis an 34ú Dáil.

Chuir an cathaoirleach nua, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, tús leis an gcruinniú gairid poiblí agus mhol Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, as an obair a rinne sé le cúig bliana anuas agus é féin ina chathaoirleach.

Catherine Connolly

Dúirt Ó Snodaigh inniu go raibh súil aige go bhfillfeadh an coiste nua ar chuid de na tuarascálacha, moltaí agus ceisteanna a tháinig aníos le linn a thréimhse mar chathaoirleach.

Dúirt Ó Snodaigh gur fhoilsigh an coiste go leor tuarascálacha le linn an téarma dheireanaigh ach go raibh amhras air faoin toradh a bhí ar an obair sin.

“Dheineamar go leor tuairiscí, níl a fhios agam cé na torthaí a bhí orthu, b’fhéidir gurbh fhéidir linn filleadh ar na ceisteanna sin a tháinig aníos le ceithre nó cúig bliana,” a dúirt sé.

Joe Conway

Maíodh i dtuarascáil bhliantúil an choiste don bhliain 2024 gur theip ar 90% de ranna stáit agus comhlachtaí poiblí a ngnó a dhéanamh leis an gcoiste i nGaeilge agus go raibh amhras ar na baill cé acu an mbíonn nó nach mbíonn airí rialtais ag éisteacht lena gcuid moltaí. Leag an coiste deireanach 19 dtuarascáil os comhair na Dála agus an tSeanaid ó bunaíodh iad agus rinneadh 285 moladh sna tuarascálacha sin.

Dúirt sé ag an gcruinniú inniu go raibh súil aige go mbeadh “an fuinneamh agus an cur chuige céanna” ag an gcoiste nua.

“Tá a lán díograiseoirí ó thaobh na Gaeilge de anseo, agus measaim go mbeidh seisiúin mhaithe againn,” a dúirt sé.

Bhí gach ball den choiste nua i láthair inniu cé is moite den Teacht Dála de chuid Fhianna Fáil, Naoise Ó Cearúil, a ghabh a leithscéal roimh ré leis an gcathaoirleach nuacheaptha, Catherine Connolly.

Cinneadh ag an gcruinniú go dtoghfadh baill an choiste leaschathaoirleach nua ag an gcéad chruinniú eile a reáchtálfar Dé Máirt an 10 Meitheamh. Beidh deis ag na baill ainmniúcháin a dhéanamh don leaschathaoirleach agus a thabhairt don chathaoirleach idir seo agus sin.

Shane Moynihan

Tharraing ball eile den choiste, an Teachta Peadar Tóibín ó Aontú, ceist am na gcruinnithe anuas inniu. D’fhiafraigh sé den chathaoirleach cé acu an bhfuil nó nach bhfuil am na gcruinnithe (11:30am ar an Máirt) daingnithe nó an bhféadfaí é a bhogadh.

Dúirt Catherine Connolly leis go bpléifí an cheist go mion sa seisiún príobháideach ach gur beag am eile a bhí fágtha do chruinnithe coiste faoin tráth gur lorgaíodh áit sa sceideal. Tháinig méadú ar líon na gComhchoistí Dála i mbliana, rud a fhágann go bhfuil brú breise ann ó thaobh an amchláir de.

Bhí ochtar den naonúr ball i láthair inniu: na Teachtaí Dála Catherine Connolly (NS), John Connolly (FF), Shane Moynihan (FF), Shónagh Ní Raghallaigh (SF), Peadar Tóibín (AON), Barry Ward (FG), Naoise Ó Muirí (FG) agus Aengus Ó Snodaigh (SF).

Bhí an Teachta Dála Conor D McGuinness, atá ina urlabhraí Gaeltachta do Shinn Féin, i láthair freisin chomh maith leis na Seanadóirí Jim Conway (NS), Nicole Ryan (SF), Seán Kyne (FG) agus Evanne Ní Chuilinn (FG).

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais nua na Gaeilge tagtha le chéile den chéad uair'