Liosta le háireamh iad na gnéithe den saol agus den duine a leagann spórt a lámh orthu agus tá siad siúd a chleachtann agus a leanann sin i gceist anseo agam. Le lua ar an liosta tá sláintiúlacht coirp agus intinne, mórtas cine agus pearsanta, smacht, fócas, comhobair, cothrom na Féinne, meascadh le daoine, cinnireacht, dílseacht agus féinmhuinín.
Le cur leis sin ar ndóigh tá a thábhacht ó thaobh na heacnamaíochta. Le gairid d’fhoilsigh an comhlacht airgeadais KPMG staidéar ina raibh sé déanta amach acu gur chuir spórt €3.7 billiún le heacnamaíocht na tíre seo anuraidh.
D’fhéadfadh duine ag coinneáil air ag rianú amach rútaí an spóirt go mbeadh íochtar an leathanaigh seo sroichte. Níl a fhios agam cé chomh fada ón mbun nó ón mbarr a bheadh sé ach creid é nó ná creid, bheadh an teangeolaíocht liostáilte.
Sea fiú an beagán againn faraor a chleachtann teanga ár sinsir ó lá go lá leagan sé a lámh orainn – bíodh gur á chleachtadh, ag féachaint air, ag caint air nó ag scríobh faoi a bhíonn muid.
Bhí a bheag nó a mhór de ann ariamh ach le bunú Raidió na Gaeltachta agus ina dhiaidh, TG4, tosaíodh ag déanamh níos mó suntais agus ag cur níos mó suime i bhfoclaíocht agus i dtéarmaíocht spóirt nuair a shocraigh na stáisiúin sin seirbhís ar leith spóirt a sholáthar do phobal na Gaeilge.
De réir a chéile a tháinig sin i gceist. I dtús aimsire ba iad cluichí Chumann Lúthchleas Gael ba mhó a bhí faoi thrácht. Ba chluichí iad sin a mba bheag d’athrú a bhí tagtha ar a gcuid stíle ná rialacha leis na cianta agus a raibh seanaithne ar na téarmaí simplí a bhain leo – feall, saorchic, cearnóg, cúl, cúilín, fóraoil/amú, preab, trasnán, cuaille/posta, cic éirice etc.
Ceann amháin a raibh deacracht leis i dtús mo ré-se sa Raidió ab ea focal nádúrtha a fháil a dhéanfadh cur síos ar an gceann Béarla ‘tackle’. ‘Ag dul i ngleic leis’ nó a leithéid a deireadh Micheál Ó Sé. ‘Tabhairt faoi’ a bheadh mar leagan ag Seán Bán. Leaganacha nádúrtha de chuid na Mumhan agus Chonamara a thug léargas cruinn ar a raibh ar siúl os comhair an dá súil amach.
Anois le blianta beaga is cosúil go bhfuil droim láimhe á tabhairt leis na leaganacha nádúrtha ag na húdair a cheapann téarmaí oifigiúla. Is cosúil go mbíonn dé de mhian acu iarracht a dhéanamh líon na bhfocal i nGaeilge a bheith ar cóimhéid leis an leagan Béarla ina gcuid téarmaí. Feicim ‘taicleáil’ agus ‘taicil’ i gcuid d’fhoclóirí an lae inniu. Cleachtas é a bhfuil an dearg-ghráin agam air mar gur truailliú é ar chaint na ndaoine.
Chuirfinn é féin agus ‘Cad é mar scór!’ sa mbád céanna. Níor mhiste liom ach gur beag brí atá leis an leagan Béarla a bhfuil sin ag déanamh aithrise air: “What a score!”
Feicim ‘loca pionóis’ ag na foclóirí céanna ar an ‘sin-bin’ a tháinig i gceist sna Cluichí Gaelacha cúpla bliain ó shin. Thabharfainn lánmharcanna dóibh air sin. Ba i loca a bhíodh na caoirigh cuibhrithe ag feiliméaraí lá den saol.
An chéad uair a chuala mé ‘úd’ á úsáid mar ainm ar an scór is luachmhaire atá ar fáil i gcluiche an rugbaí cheap mé go mba focal nuachumtha a bhí freisin ann. Deirtear anois liom go raibh a leithéid in úsáid ag an scoláire, an file agus ag an scríbhneoir Seán Ó Neachtain (1640-1729). Sa leabhar is tábhachtaí a scríobh sé, Stair Éamoinn Uí Chléirigh, luaitear “ó úd go finit” rud a chiallaíonn ‘ó thús go deireadh’ a deir an Duinníneach linn ina fhoclóir fhéin.
Ní mba é an rugbaí a bhí i gceist ag ceachtar acu ach molaim freisin an té a cheap an téarma ‘slánú’ ar na pointí breise a théann leis an úd ach an liathróid a sheoladh thar an trasnán.
Aisteach go lor is é an rugbaí céanna a thugann dúinn an t-aon téarma atá fáiscthe as an nGaeilge – ‘Garraí Eoin’ a thugtar ar an gcic ard a bhuaileann imreoir i dtreo an fhreasúra a thugann deis dá chomhghleacaithe ruathar fíochmhar a thabhairt fúthu siúd.
As ceartlár chathair Luimnigh a tháinig an t-ainm. Ansiúd sa 12ú céad bhí teampall ag na Teamplóirí a bhí tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste. Ord míleata a bhain leis an gcreideamh Caitliceach ab ea iad siúd.
‘Acra Eoin’ a bhí mar ainm ar an gceantar i ndaonáireamh a deineadh i 1659 ach am éicint idir sin agus 1884 nuair a bunaíodh cumann rugbaí san áit ba é an ‘Garraí’ a bhí luaite in áit an acra.
Ba iad Cumann Rugbaí an Gharraí Eoin ba thúisce a chuimhnigh ar an mbuntáiste a bhain le haer a thabhairt don liathróid ubhchruthach. Is in ómós dóibhsean atá an t-ainm coinnithe ó shin agus é in úsáid ar fud an domhain.
Is dóigh freisin go bhféadfaí éileamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an leagan ‘iománaí ar an gclaí’ tagtha isteach i dteanga an Bhéarla, cé nach bhfuil mé cinnte cé chomh forleathan agus atá sé taobh amuigh den tír seo. ‘Monday Morning Quarterback’ a thugann an Meiriceánach ar a leithéid.
Agus mé ag caitheamh súil ar leaganacha as spórtanna éagsúla eile sular thug mé faoin bpíosa seo, rith sé liom gur minic a chuala mé agus a léigh mé go mba chluiche é an cruicéad a bhí lomlán le téarmaí aite.
Déarfainn gur beag fáilte a bheadh ag tráchtairí RnaG ná TG4 na linne seo scéal a fháil go raibh a gcuid fostóirí ag cuimhneamh tabhairt faoi chraoladh a dhéanamh ar an gcluiche sin. Seo an píosa eolais ba thúisce a tháinig i mo bhealach.
“The doosra is the off-spinner’s equivalent of the leg-spinner’s googly, which spins in the opposite direction to the leg spinner’s stock ball.”
Thabharfainn faoi ach faitíos go gceapfadh an t-eagarthóir go mbeadh sé rógháirsiúil.
An tseachtain seo chugainn, b’fhéidir!
Eithne Ni Chadhain
B’fhéidir go mbeadh suim agat san alt seo . Shíl mé go raibh sé suimiúil !
Eoin Ó Murchú
Níor thuig mé céard ba bhrí leis an abairt Bhéarla sin faoin doosra. Ach thug Google Translate an leagan Ghaeilge seo dom. Agus má thuigeann éinne é fair play dó nó di.
Is éard atá sa doosra atá comhoiriúnach le googly an ghlactha, a casann i dtreo contrártha don liathróid chaighdeánach a chasann an liathróid chosa.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Mártan Ó Ciardha, ‘Truailliú ar chaint na ndaoine cuid den téarmaíocht spóirt sa Ghaeilge’, tuairisc.ie, Dé Domhnaigh, Bealtaine 25, 2025.
Agus é ag tagairt do na cluichí Gaelacha, áitíonn Mártan Ó Ciardha go raibh ‘seanaithne ar na téarmaí simplí a bhain leo –– feall, saorchic, cearnóg, cúl, cúilín, fóraoil/amú, preab, trasnán, cuaille/posta, cic éirice etc.’ Déanann Mártan amach gur aithris ar an leagan Béarla ‘What a score!” is ea an leagan Gaeilge ‘Cad é mar scór!’
Má ba sheantéarmaí dúchasacha i nGaeltachtaí Cho. na Gaillimhe iad, na téarmaí sa chéad abairt sa pharagraf roimhe seo, níorbh ea iad go léir i ngach uile Ghaeltacht. Bhí mise ag obair in aon seomra le Pádraig Ua Maoileoin sa Ghúm fadó, ar feadh an áirithe sin blianta. Ó Chom Dhineol, leathpharóiste le Dún Chaoin, i gCorca Dhuibhne is ea Com Dhineol, agus mac iníne do Thomás Ó Criomthain, ‘An tOileánch’ ba ea Pádraig. Thug sé na blianta sna Gardaí, agus fuair sé post ansin sa Ghúm. Bhí sé ar Fhoireann an Fhoclóra Gaeilge–Béarla ag an nGúm (1977 recte 1978), agus ar fhoireann foclóirí eile de chuid an Ghúim, cuir i gcás An Foclóir Beag, foclóir a ndeir an scoláire Gaeilge, an Dr Diarmuid Ó Sé, gurb é an foclóir Gaeilge is fearr riamh é, mar gur as Gaeilge a chiallaítear na ceannfhocail Ghaeilge atá ann.
Ní stopadh Pádraig ach ag roinnt a chuid eolais ar an nGaeilge, agus ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne go háirithe, leis an gcuid eile d’fhoireann an Ghúim le mo linnse. Bhí Pádraig go láidir ar an tuairim gur téarmaí nuachumtha ba ea a lán de théarmaí na caide a bhíodh Cumann Lúthchleas Gael, agus Micheál Ó Muircheartaigh, beannacht Dé lena anam, a chur i gcúrsaíocht. Cuir i gcás, ní hé ‘cúl’ an seanleagan ar ‘goal’ i gCorca Dhuibhne, ach ‘báire’, agus ní hé ‘cúilín’ an seanleagan ar ‘point’ i gCorca Dhuibhne ach ‘pointe’. ‘Imithe cúil’ an seanleagan i gCorca Dhuibhne ar ‘ar fóraoil/amú’. ‘Báire/pointe a chur’ na seanleaganacha ar ‘cúl/cúilín a scóráil’. ‘Fear lár goirt’ an seanleagan ar ‘fear lár páirce’. ‘Na camáin’ a thugtar coitianta i gCorca Dhuibhe ar ‘iomáint’.
Ní thuigimse an locht atá ag Mártan ar ‘Cad é mar scór’. Tá ‘cad é mar’ san Fhoclóir Gaeilge–Béarla ag an nGúm, sa chiall atá i gceist. Moladh mór ar rud i gCorca Dhuibhne is ea ‘cad é’ a chur roimhe, mar shampla, ‘cad é seanchas a bhí aige!’
Chomh fada leis an rugbaí de, chuala mé féin Micheál Ó Muircheartaigh á insint, go raibh an–dealramh leis an rugbaí ag an saghas caide a d’imrítí i gCiarraí sular cuireadh Cumann Lúthchleas Gael ar bun.
Ba i Sean–Sparr Thuamhan i gceartlár Chathair Luimnigh a saolaíodh mé féin. Tá a chuma air go bhfuil an ceart ag Mártan i dtaobh an leagain ‘Garryowen/Garraí Eoin’, ach seans leis go bhfuil baint ag an leagan sin leis an bhfonn a bhíodh á sheinnt ag Marcshlua na Stát Aontaithe, ‘Garryowen in Glory’, an fonn a ndeirtear gurbh é a bhí á sheinnt ag ceoltóirí an Ghinearáil Custer, agus saighdiúirí Custer ag scaoileadh faoi The Little Big Horn.
Ní ghlacfadh Pádraig Ua Maoileoin leis an bhfocal ‘spórtanna’ ar ‘sports’. Maidir leis an gcruicéad de, is léir ar Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, go mbíodh an cruicéad á imirt coitianta i gCo. Chill Chainnigh, agus an Súilleabhánach beo (1783–1838) [ag Tomás de Bhaldraithe, Cín Lae Amhlaoibh (An Clóchomhar 1970)].
Gach uile theanga bheo, tagann athruithe uirthi. Uaireanta is truailliú a bhíonn i gceist. Cuir i gcás, an forainm firinscneach, nó an forainm réamfhoclach firinscneach a chur ag obair ar fhocail bhaininscneacha, leithéid ‘sé’ a chur ag obair ar ‘teangeolaíocht’, agus ar an teanga Ghaeilge féin, ag muintir na Gaeltachta féin, rud a bhíonn le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta gach re lá. Feicigí libh na habairtí seo ag Mártan: ‘Níl a fhios agam cé chomh fada ón mbun nó ón mbarr a bheadh sé ach creid é nó ná creid, bheadh an teangeolaíocht liostáilte./ Sea fiú an beagán againn faraor a chleachtann teanga ár sinsir ó lá go lá leagan[n] sé a lámh orainn –– bíodh gur á chleachtadh, ag féachaint air, ag caint air nó ag scríobh faoi a bhíonn muid.’
Carraig
1. ‘Cad é mar olagón!’
2. Cad é mórtas a bhí air!
Dhá shampla ó fhoclóir Uí Dhónaill.
‘God é mar chluiche!’ cloiste agam féin.
Nath Muimhneach is ea é ní foláir liom, ón uair nár chualaigh an t-údar féin riamh é.
‘Bosca na bPeacaí’ a bhíodh ag Maidhc Sé ar an ‘loca pionóis’.
Agus an liathróid imithe ‘ar bóiléagar’ nó ‘ar fóraíl’ aige.
Ní háirím ‘”buille maruithe na muice.”
Níl aon chol rómhór agam féin le ‘teaicil’ óir is béas le gach teanga ar domhan bradaíocht a dhéanamh ar fhocail ó theangacha eile ach go gcuirid a gcló, a gcrut agus a bhfuaimniú féin orthu.
An tSínis féin, mar shampla, is ‘tek-â-si’ atá aici ar ‘tacsaí’.
Chuaigh an Laidin, an Ghréigis agus an Fhraincis go mór fén mBéarla agus tá an Béarla ag dul faoi gach aon teanga eile ar domhan anois.
Ba bhreá lem chroí dá dtiocfadh Maidhc Sé ar ais chun Brian Tyers (ceardaí maith eile) a thionlacan i mbosca na tráchtaireachta i gcomhair cluichí áirithe.
Seathrún
“Dhein X file caoch de Y.”
Micheál Ó Sé, tráchtaire.
Seán
Rí na dtráchtairí. Faraor níor líonadh a bhróga riamh