An naomh a bhfuarthas a thaisí i scoil i mBaile Átha Cliath agus an cainteoir dúchais Gaeilge

An Bráthair Seán Aibhistín de Grás as Callainn a dheimhnigh sa Róimh sa bhliain 1878 go raibh taisí an Naoimh Hilarius faighte

An naomh a bhfuarthas a thaisí i scoil i mBaile Átha Cliath agus an cainteoir dúchais Gaeilge

Cainteoir dúchais Gaeilge as Cill Chainnigh agus ball de cheann de na chéad chumainn a chuir an Ghaeilge chun cinn in Éirinn a bhí sa Bhráthair Críostaí a chuir a ainm le taisí an naoimh Hilarius a bhfuarthas i scoil i mBaile Átha Cliath le déanaí.

Ba é an Bráthair Seán Aibhistín de Grás as Callainn an té a dheimhnigh an chéad lá, sa Róimh sa bhliain 1878, gur leis an naomh a mhair sa tríú haois na taisí céanna a bhfuarthas i mbosca in altóir Mheánscoil Uinsionn i nGlas Naíon níos luaithe an mhí seo.

Tháinig Colin Sheridan, Conor Brogan Carr, Munasar Omar, Jonathon Taite agus Ethan Byrne -daltaí sa chúigiú bliain – ar thaisí Hilarius agus iad ag aistriú na haltóra le haghaidh searmanas dheireadh na bliana sa scoil.

Nuair a chuir príomhoide na scoile, Máire Quinn, fios ar an saineolaí taisí, an tAthair William Purcell as Cill Chainnigh, dheimhnigh an sagart gur fíorthaisí a bhí faighte ag na buachaillí.

Nuair a osclaíodh an clúdach litreach a bhí istigh leis an mbosca bhí teastas ann a raibh séala leis agus teachtaireacht ghairid i mBéarla:

Reverend John Augustine Grace, authentication of the body of St Hilary martyr, 1878 from Rome.

Ba é seo Seán Aibhistín de Grás a bhí ina bhall de Chomhairle Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge i mblianta tosaigh na heagraíochta. De réir eolais atá ar an suíomh Ainm.ie, cainteoir dúchais Gaeilge ab ea de Grás, arbh as an mbaile céanna é le hÉamonn Iognáid de Rís – bunaitheoir na mBráithre Críostaí.

Maítear sa leabhar Edmund Ignatius Rice and the Christian Brothers gur scoláire díograiseach a bhí in de Grás a raibh spéis ar leith aige i “stair agus i dteanga a thíre”. Cuireadh go hiarthar na hÉireann é, mar a raibh an Ghaeilge fós i mbarr a réime, agus mhúineadh sé an Teagasc Críostaí do mhuintir na háite a bhí ar bheagán Béarla nó gan Béarla ar bith.

Bhí baint mhór ag an mBráthair de Grás le cúrsaí oideachais in Éirinn agus ó 1839 chaith sé breis agus ceathracha bliain ag múineadh i Scoil Uí Chonaill i lár na cathrach. Ba é a scríobh an lámhleabhar teagaisc ar ar bunaíodh córas oideachais na mBráithre Críostaí in 1844. Iarradh air, agus é ceithre scór bliain d’aois, cabhrú leis an nGaeilge a chur á múineadh i scoileanna na mBráithre Críostaí.

Bhásaigh sé in 1886 agus é 86 bliain d’aois. Tar éis a bháis in Marino ar an 26 Eanáir an bhliain sin, dúradh i dtuarascáil Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge go mba é ba chúis leis an rath a bhí ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna na mBráithre Críostaí sa tír seo.

Scoil de chuid na mBráithre Críostaí a bhí i Scoil Uinsionn Naofa i nGlas Naíon, mar a bhfuarthas na taisí an mhí seo. Thug Iontaobhas Éamoinn de Rís le fios gur tháinig an altóir ina raibh na taisí go dtí an scoil sna 1990idí agus gur ó Scoil Uí Chonaill a tháinig sí. Meastar gur tógadh an buidéilín fola ó Chatacómaí na Róimhe agus gur seoladh chuig na Bráithre Críostaí é.

Is beag eolais atá ar fáil faoin naomh Hilarius féin ach gur mhair sé sa dara nó sa tríú haois agus gur fhógair a phobal féin ina naomh é sula a raibh Cuallacht na Naomh ann.

Fág freagra ar 'An naomh a bhfuarthas a thaisí i scoil i mBaile Átha Cliath agus an cainteoir dúchais Gaeilge'

  • Art

    Thuigeas i gcónaí nach n-úsaidtear ‘Reverend’ ach i gcás duine oirnithe agus ní i gcás Bráthar Críostaí ach seans go raibh dul amú orm? An bhfuil aon seans nach ionann an Reverend John Augustine Grace agus an Bráthair Seán Aibhistín de Grás?