Tá an ciníochas éirithe níos coitianta ná an seicteachas

Tá méadú chomh mór sin ar choireanna ciníocha sa Tuaisceart le trí bliana anuas go bhfuil siad anois níos líonmhaire ná cinn sheicteacha

Tá an ciníochas éirithe níos coitianta ná an seicteachas

Is annamh a bhainfeadh abairt i dtuairisc oifigiúil an anáil díot ach scéal uafar is ea é go bhfuil ciníochas níos coitianta ná seicteachas i dTuaisceart Éireann anois.

Sceith bhéil as seicteachas agus coireanna seicteacha ab ea an Tuaisceart le fada, ba chuid den ghnáthshaol laethúil é rómhinic. Cúpla lá ó shin, áfach, nocht taighde nua ó Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann go raibh méadú chomh mór sin ar choireanna ciníocha le trí bliana anuas go bhfuilid anois níos líonmhaire ná cinn sheicteacha.

Rinne comhlacht neamhspleách Pivotal an taighde thar ceann an Choimisiúin féachaint le faisnéis bheacht a fháil faoin gceist ‘Tionchar an Bhreatimeachta ar Mhionlaigh Eitneacha agus Inimircigh i dTuaisceart Éireann’. Scrúdaíodh fíorthaithí agus braistint na ndaoine chomh maith leis na torthaí shocheacnamaíocha a bhí agus a bheidh ag an mBreatimeacht ar na mionlaigh sin abhus.

Bhí a fhios cheana gur mhinic a rinneadh ionsaithe ar thithe nó gur scríobadh teachtaireachtaí gránna ar thithe chun imeaglú a dhéanamh ar dhaoine arbh fhurasta iad a aithint mar ‘strainséirí’ i ngeall ar dhath a gcraicinn. Bhí a fhios ag cait an bhaile gur minic a caitear achasáin le daoine den chine gorm nuair a bhíonn siad ag dul thar bráid. Bhí a fhios freisin gur náirigh an PSNI iad féin nuair a gearradh fíneálacha ar dhaoine ag léirsiú Black Lives Matter le linn na paindéime nuair nár dúradh chugat a phúca le lucht léirsithe den chine geal. B’éigean na fíneálacha a chur ar ceal agus leithscéal a ghabháil ach léirigh an t-idirdhealú fadhb chórasach.

D’airigh breis is leathchéad ó mhionlaigh eitneacha nó inimircigh a ceistíodh don taighde gur treisíodh ar choimhthíos leo sna seacht mbliana ó glacadh leis an reifreann chun an tAontas Eorpach a fhágáil. Níl dóthain staidrimh ar fáil chun freagra cruinn a thabhairt ach bhí daoine soiléir faoina dtaithí agus a mbraistint. D’airigh go leor gur thug Breatimeacht ugach do dhaoine chun naimhdeas d’inimircigh a nochtadh.

Gnáthchuid den saol is ea an ciníochas anois – iompar ionsaitheach, bagrach ó strainséirí, fiodmhagadh faoi mhná, imeaglú agus gártha moncaí. Insíonn daoine faoi dhearcadh caoin ina leith go minic ach an drochiompar chomh forleathan go bhfuil sé dosheachanta.

I measc na scéalta le cúpla lá bhí cuntas ó bhean a d’inis faoi chomhrá gnó le gníomhaire eastáit a dúirt ‘ní chreidim tú’ nuair a dúirt sí nach raibh sí ag fáil airgid ón stát. Is cosúil go bhfuil baint ag an méadú ar chiníochas le fearg faoi chabhair airgid do theifigh agus lucht iarrtha tearmainn.

Anailís ar fhigiúirí an PSNI a léirigh go bhfuil coireanna ciníocha níos flúirsí ná coireanna seicteacha. Bhí méadú ar eachtraí fuatha in aghaidh dhaoine ón Áise ó 2016, bliain an reifrinn a ghlac leis an mBreatimeacht agus ardú go ginearálta ar mhaslú nó ionsaí ar inimircigh le blianta beaga. Glacann na póilíní féin leis nach ndéantar tuairisciú ar fhormhór na n-eachtraí ciníocha, tamall de bhlianta ó shin mheas siad gur tharla a chúig oiread eachtraí is a tuairiscíodh.

Níl an ciníochas teoranta do chaidreamh sóisialta. Údar imní is ea cur chuige na bpóilíní agus an úsáid a bhaintear as an gcumhacht ‘Stop agus Cuardaigh’.

23,650 duine a stopadh agus a cuardaíodh sa bhliain ó Aibreán anuraidh – ba ó chúlra eitneach 5.5% díobh sin cé gur 3.4% den daonra iomlán iad daoine ó na mionlaigh sin. Maítear freisin go ndéanann na húdaráis próifíliú ciníoch ar phaisinéirí ag aerfoirt agus ar bhusanna trasteorann, gurb iad na daoine den chine gorm a roghnaítear le ceistiú. Chonaic an scríbhneoir seo daoine den chine gorm á gceistiú ar bhus cois teorann nuair nár labhair na feidhmeannaigh le héinne eile.

Ina theannta sin ar fad tá daoine míshuaimhneach, imníoch faoina stádas i ré an Bhreatimeachta. Tá sé deacair eolas beacht a fháil faoina gcearta, cúrsaí i bhfad níos casta ná mar a bhí agus easpa suime an státchórais iontu follasach. Tá fadhbanna freisin ag daoine ó thíortha an Aontais Eorpaigh, ciníochas á fhulaingt ag cuid acu siúd freisin; tá an scéim lonnaithe dóibhsean dothuigthe nó deacair agus doiléir. D’uireasa Feidhmeannas in Stormont níl tosaíocht tugtha do shocruithe ná seirbhísí.

I bhfianaise na tuarascála agus obair leanúnach leis na mionlaigh eitneacha agus inimircigh, tá an Coimisiún ag éileamh gnímh ó na húdaráis – ón Roinn Cirt, ón PSNI agus ó Oifig an Fheidhmeannais.

Is fíor go gcaithfear na bearnaí a líonadh agus a dhul i ngleic go héifeachtach leis an bhfuath atá ag fás go rábach.

Níor deineadh dóthain ariamh faoin seicteachas; ná déantar an fhaillí chéanna arís.

Fág freagra ar 'Tá an ciníochas éirithe níos coitianta ná an seicteachas'