Tá ag teip ar an stát ach ní léir go bhfuil an misneach againn vótáil ar son athraithe

Is léir ó na fadhbanna atá ag cur isteach ar mhúinteoirí na tíre go bhfuil fadhbanna móra againn sa stát agus nach féidir linn a cheapadh go dtiocfaidh na hathruithe riachtanacha gan stró

Tá ag teip ar an stát ach ní léir go bhfuil an misneach againn vótáil ar son athraithe

Feicim go bhfuil muid fós sáinnithe sa bhfáinne fí.  Easpa tithíochta is cíos ard ag cur go mór le deacrachtaí a bhaineann le múinteoirí a fháil, go háirithe san ardchathair.

Tá an easpa tithíochta freisin ag cur isteach ar ollchomhlachtaí a tháinig thar sáile toisc nach féidir leo foireann a mhealladh nuair nach bhfuil siad in ann ionad cónaithe ar chíos réasúnta a aimsiú.

Cothaíonn fadhb amháin fadhb eile, gan stad, gan réiteach.

Maidir leis na múinteoirí, níl ach seachtain fágtha i ndáiríre sula n-osclófar na scoileanna, ach fós deirtear go bhfuil 400 folúntas ann nach féidir a líonadh.

Ní easpa tithíochta amháin is cúis leis seo, cé go bhfuil sin ag cur go mór leis an bhfadhb i mBaile Átha Cliath. Ach, mar deir Aontas Múinteoirí Éireann, ceardchumann na meán-mhúinteoirí, níl postanna buana á bhfógairt, ach conarthaí bliana a bhíonn go minic ar bheagán uaireanta is pá íseal.

Tá a fhios againn go léir an scéal. Is féidir le múinteoir a bheith ag obair deich mbliana nó níos mó sula bhfaigheann an múinteoir post buan, agus baintear leas as an scéal freisin le conarthaí a thairiscint nach dtugann pá saoire nó tinnis.

Fiú dá mbeadh morgáistí ar fáil, nó ionad cónaithe ar phraghas réasúnta – agus is annamh sin – níl a ndóthain airgid ag múinteoirí nuacháilithe.

Ar ndóigh, sábhálann an státseirbhíseach a chum an tseift seo roinnt bheag airgid don stát, toisc go n-íoctar pá níos lú le daoine ar chonradh ná le daoine buana.

Ach is bréagshábháil í, mar cuireann sé go mór le fadhb na heaspa múinteoirí.

Cén fáth sin?

An é nach féidir leo siúd atá i gceannas – agus tá mé ag caint faoin státseirbhís níos mó ná na polaiteoirí – a gcuid pleananna agus smaointe a chur in oiriúint dá chéile? Nó an bhfuil siad go léir dírithe an oiread sin ar a ranna rialtais féin gur cuma leo faoi na cinn eile?

Bealach amháin nó bealach eile feiceann muid go bhfuil ag teip ar an gcóras ina iomláine.  Ní féidir bheith dall ar an teip, ach fós tá leisce ar an oiread sin daoine glacadh leis go bhfuil sé riachtanach athrú bunúsach a dhéanamh ar gach gné de riarachán an stáit.

Feiceann muid é seo sna pobalbhreitheanna.  Cinnte, tá Sinn Féin go mór chun tosaigh ar aon pháirtí eile, ach ní léiríonn na pobalbhreitheanna ach an oiread gur cinnte go mbeidh rialtas nua ann i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.

Má scrúdaíonn muid an 21 pobalbhreith a foilsíodh sna meáin mhóra i mbliana, tá, ar an meán, tacaíocht 31.5% ag Sinn Féin, 20.6% ag Fine Gael agus 18% ag Fianna Fáil.  Sé sin, 31.5% i gcoinne 38.6%, má chuirtear FG agus FF le chéile.

Gan Sinn Féin i gceannas ar an rialtas ní bheidh athrú ar bith ann. Ní bheidh aon athrú ar an gcaoi a riartar an stát má fhanann muid le páirtithe an rialtais mar atá.

Ní hé go bhfuil an oiread sin iontaoibh agam as Sinn Féin ó ghéill siad don Aontas Eorpach is ó chuir siad a bpolasaí gnóthaí eachtracha i gcomhréir le Biden is na Stáit Aontaithe. Má ghéilltear don Aontas Eorpach – agus tá Mary Lou ag fógairt gur chóir do Shinn Féin bheith chun tosaigh sa bhFiontar Eorpach (cibé rud é féin) – géilltear cuid mhaith den smacht ar an ngeilleagar dúchasach atá riachtanach le polasaithe radacacha a chur í bhfeidhm.

Ach cibé amhras atá orm tá a fhios agam gurb é an t-aon seans atá againn le hathrú a chur i gcrích – rialtas faoi cheannas Shinn Féin.

Is é an pointe atá le déanamh ná nach féidir linn na maidí a ligean le sruth is a cheapadh go dtiocfaidh na hathruithe riachtanacha gan stró.  Beidh Sinn Féin faoi bhrú láidir – ó Mheiriceá, ón Eoraip, ó lucht an rachmais abhus, is ó lucht na sean-idé-eolaíochta.

Is má tá siad le teacht slán as seo, agus a gcuid geallúintí don phobal a chur í gcrích, beidh sé riachtanach go mbeadh brú orthu ón taobh radacach – ceardchumainn, eagraíochtaí pobail is brúghrúpaí teanga is forbartha.

Agus má tá sé riachtanach comhrialtas a dhéanamh idir Sinn Féin agus Fianna Fáil – agus tá gach cosúlacht faoi láthair gur amhlaidh a bheas – beidh an brú radacach seo ag teastáil níos mó ná riamh.

Beidh sé níos éasca ar ndóigh rialtas radacach a chur le chéile gan Fianna Fáil, ach mura vótálann móramh cinnte ar son athraithe, ní bheidh aon rogha ann.

Ach sin í an cheist mhór, nuair a thagann an crú ar an tairne, an rachaidh Fianna Fáil le Sinn Féin nó an bhfanfaidh siad ina ngiollaí lathaí ag Fine Gael?

Fág freagra ar 'Tá ag teip ar an stát ach ní léir go bhfuil an misneach againn vótáil ar son athraithe'

  • Gabriel Rosenstock

    Beidh orainn vótáil go luath – agus go minic.

  • jpmorley0@gmail.com

    Cónaíonn 70.04% de bhunáite na hÉireann ina dtithe féin. Tá an ráta coigiltis in Éirinn ar an gceann is airde san Eoraip. Tá na billiúin i gceist… Ní bheinn ag súil le haon ní radacach ó dhream daoine mar sin.

  • Pádraig O'hEipicín

    Is bhóta ar son an ghinmhilleadh bhóta le h-aghaidh Sinn Féin.
    Is peaca mharfach bhótáil ar son Sinn Féin.
    Is ceann é de na ceithre coir atá ag iarraidh díoltais ó Neamh