Tá t-léine nua Ghaeilge a bhfuil íomhá d’alpaca aitheanta as Gaeltacht Dhún na nGall le feiceáil uirthi ar díol ar líne.
Tharraing Hugh Carr as Rann na Feirste go leor airde ar an alpaca i gCarraig Fhinn i nDún na Gall nuair a scaip sé ar na meáin shóisialta físeán de féin agus a chairde ag beannú don ainmhí agus ag fógairt ‘Goitse alpaca!’ air.
This is what happens when boys from the Gaeltacht see an alpaca for the first time pic.twitter.com/kgsQIBZnth
— Hugh Carr (@hughcarrhere) August 2, 2020
1o0,000 radharc atá faighte ag an fhíseán den ainmhí as Meiriceá Theas ar Tiktok agus mheall an teachtaireacht go leor cainte ar Twitter freisin.
Tá t-léine, a dhear Hugh Carr agus a chairde, ar díol ar líne anois ar €20 agus tús curtha le feachtas tiomsaithe airgid do MASI, grúpa a bhíonn ag cuidiú le hiarrthóirí tearmainn in Éirinn.
Dúirt Carr go raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh “maitheas” as scéal “alpaca galánta” na Carraige Finne agus go rachadh 100% den airgead a chruinneofar chuig an bhrúghrúpa MASI a bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur leis an Soláthar Díreach agus díbirt daoine as Éirinn.
Fág freagra ar 'T-léine nua á díol a bhfuil ‘alpaca galánta’ na Gaeltachta uirthi'