T-léine nua á díol a bhfuil ‘alpaca galánta’ na Gaeltachta uirthi

Tharraing Hugh Carr as Rann na Feirste go leor airde ar alpaca i gCarraig Fhinn i nDún na Gall

T-léine nua á díol a bhfuil ‘alpaca galánta’ na Gaeltachta uirthi

t-léine nua Ghaeilge a bhfuil íomhá d’alpaca aitheanta as Gaeltacht Dhún na nGall le feiceáil uirthi ar díol ar líne.

Tharraing Hugh Carr as Rann na Feirste go leor airde ar an alpaca i gCarraig Fhinn i nDún na Gall nuair a scaip sé ar na meáin shóisialta físeán de féin agus a chairde ag beannú don ainmhí agus ag fógairt ‘Goitse alpaca!’ air.

1o0,000 radharc atá faighte ag an fhíseán den ainmhí as Meiriceá Theas ar Tiktok agus mheall an teachtaireacht go leor cainte ar Twitter freisin.

Tá t-léine, a dhear Hugh Carr agus a chairde, ar díol ar líne anois ar €20 agus tús curtha le feachtas tiomsaithe airgid do MASI, grúpa a bhíonn ag cuidiú le hiarrthóirí tearmainn in Éirinn.

Dúirt Carr go raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh “maitheas” as scéal “alpaca galánta” na Carraige Finne agus go rachadh 100% den airgead a chruinneofar chuig an bhrúghrúpa MASI a bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur leis an Soláthar Díreach agus díbirt daoine as Éirinn.

Fág freagra ar 'T-léine nua á díol a bhfuil ‘alpaca galánta’ na Gaeltachta uirthi'