Synge agus Yeats i gConamara: Gan ach 5 bliana nó 10 mbliana fágtha ag an nGaeilge i gConamara… i 1905

Leanaimid inniu den chuntas a thug JM Synge agus Jack B Yeats ar Chonamara breis agus 100 bliain ó shin agus iad ag obair do nuachtán an Guardian

Trá bhán
Pictiúr de dhaoine i mbun oibre sa Trá Bhán a tharraing Yeats don Guardian i 1905

Thug an scríbhneoir agus an t-ealaíontóir a n-aghaidheanna ar Cheantar na nOileán agus Carna tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an Spidéal agus ar an gCeathrú Rua. 

Garmna

Chuaigh na cuairteoirí siar leo thar na droichid go dtí an taobh thiar d’oileán Gharmna. Is ann a bhíodar nuair a tháinig húicéir le cé agus lasta ar bord ón nGaillimh. Bhí mná ann agus asail acu chun na málaí plúir a thabhairt leo abhaile.

Thug Synge suntas do bhean óg amháin: “One of these, a young girl of seventeen or eighteen, drove on with her load far into Lettermullen, the next island, on a road that we were walking also, and then sent the ass back to Gorumna in charge of a small boy and took up the sack of flour, which weighed at least 16 stone, on her back, and carried it more than a mile, through a narrow track, to her own home.”

Sa cheantar céanna, thángadar ar bhuíon oibrithe eile ar scéim feabhsúcháin bóthair “working with the same curious aspect of shame and dejection”.

An Trá Bhán

Bhí Synge an-tógtha go deo le dúthracht mhuintir na Trá Báine agus iad ag obair go dian ag déanamh ceilpe. Bhí sé an-amhrasach, áfach, faoin smacht a bhí ag ceannaitheoir aonair na ceilpe ar an margadh agus chuala sé tuairiscí faoi mhíchothromaíocht agus fabhar. Dúirt sé go bhfaca sé “a party of old men sitting nearly in tears on a ton of rejected kelp that had cost them weeks of hard work, while, for all one knew, it had very possibly been refused on account of some grudge or caprice of the buyer.”

Thuairisc sé freisin go bhfaca sé daoine i mbun oibre ar an gceilp ag a ceathair agus a cúig a chlog ar maidin in ainneoin go raibh a mhalairt cloiste aige faoi mhianach oibre mhuintir Chonamara: “Complaints are often heard about the idleness of the natives of Connemara.”

Ba dhíol suntais dó go raibh taithí ag muintir na háite ar shuimeanna móra airgid a láimhseáil agus a bhainistiú. Gheobhadh dream áirithe idir £20 agus £30 ar cheithre nó cúig tonna ceilpe agus teacht isteach breise acu ó chúrsaí talmhaíochta agus iascaireachta.

Bhí sé intuigthe, dar le Synge, go mbraithfí an “sense of shame that is shown by those who are reduced to working on the roadside for the miserable pittance of a shilling a day.”

RowingDaighinis

Ar churach a tugadh Synge agus Yeats go Daighinis, oileán beag amach ó Leitir Mealláin a raibh pobal láidir ag maireachtaint ann ag an am. Scríobh Synge alt iomlán don Guardian bunaithe ar agallamh a dhein sé leis an mbádóir a thug ann iad, fear a raibh cuid mhaith den saol feicthe aige. 

Bhí sé le maíomh ag an bhfear seo go bhfaca sé “His Royal Highness the Duke of Edinburgh” agus gur chuaigh sé go Meiriceá “as interpreter for the emigrants in a bad season twenty-one years ago”.

Chaith se tréimhsí i Nua-Eabhrac, Baltimore agus New Orleans agus bhí tamall caite freisin aige ag obair ar bháid ar chósta na hAlban agus na Breataine Bige.

Bhí air filleadh ar Dhaighinis nuair a chuaigh a bheirt dheartháireacha go Meiriceá. Phós sé ar fhilleadh ar an mbaile dó: “I got married then, and I after holding out till I was forty.” 

Bhí clann óg air féin agus a bhean agus é sona sásta nó gur tháinig athrú chun donachta ar an saol. “Then the bad times came, and I lost my wife, and the potatoes went bad, and the three cows I had were taken in the night with some disease of the brain… so there I am now with no pigs, and no cows, and a young family running round with no mother to mind them…”

Bhí deora ina shúile, a dúirt Synge, agus é insint don scríbhneoir gur minic é ag brath anois ar phlúr agus ar mhin bhuí a fháil ó chairde.

Bhí an scoil ar Dhaighinis dúnta faoin am a thug Synge agus Yeats cuairt uirthi, cé gur chuimhin leis an mbádóir an uair go mbíodh fiche nó tríocha paiste inti agus máistreás scoile ag teacht ó Leitir Mealláin agus deichniúir páistí léi. Ba údar bróid dó go raibh duine dá iníonacha i Meiriceá. Ní raibh tugtha aici thall ach naoi mí ach bhí £3 curtha abhaile cheana féin aici. Go Meiriceá a rachadh na paistí ar fad, a dúirt sé, agus aithreachas air go mb’éigean dó féin deich mbliana eile a chaitheamh ag tabhairt aire don chlann nuair a d’fhéadfadh sé bheith thall ‘living in decency and earning my bread.”

CarnaCarna

Ar bord húicéara as Garumna a tugadh Synge agus Yeats go Carna, mar ar casadh orthu an saor báid a chuir “Noah building the Ark” i gcuimhne don scríbhneoir.

Bhí ardmholadh ag an saor báid do scéim áirithe de chuid Bhord na gCeantar Cúng faoina raibh athroinnt á dhéanamh ar thalamh na háite. “It is a great thing for the poor people to have their holdings arranged for them in one strip instead of the little scattered plots the people have in all this neighbourhood, where a man will often have to pass through the ground of, maybe, three men to get to a plot of his own.” Bhí imní ar Synge, áfach, gur teip a bhí i ndán don scéim mar go raibh na gabháltais róbheag do na teaghlaigh a bheadh ag brath orthu. 

Bhí amhras chomh maith air faoin bplean a bhí ag an mBord go gcuirfí díon iarainn ar na tithe. B’fhearr le Synge go dtabharfaí tacaíocht do mhuintir na háite don nós fadbhunaithe gur ceann tuí a bheadh ar na tithe.

Bhí traidisiún láidir tuíodóireachta ann, a dúirt sé: “In many districts the thatching is done in some idle season by the men of a household themselves, with the help of their friends, who are proud of their skill, and it is looked on as a sort of a festival where there is great talk and discussion…”

Ba cheart, dar leis, tuilleadh airde a thabhairt ar thobair an cheantair agus sciobóil a thógaint do bheithígh agus do mhuca a bhí ag maireachtaint sna tithe leis na daoine. Chabhródh sin go mór le ruaig a chur ar an bhfiabhras breac agus ar an bhfiabhras ballach, a dúirt Synge.

Súil siar

I ndeireadh mhí Iúil 1905, chaith Synge súil siar ar a raibh feicthe aige féin agus ag Yeats ar a dturas ar fud an iarthair.

Mhol sé go dtabharfaí tuilleadh maoine do Bhord na gCeantar Cúng  agus go gcuirfí ar fáil don phobal síol prátaí agus leasúchán níos fearr. Ba ghá chomh maith feabhas a chur ar chúrsaí iompair agus cumarsáide ar muir agus ar tír agus an tionsclaíocht áitiúil a fhorbairt.

Chaithfí cabhrú leis an bpobal dul i dtaithí ar chórais nua iascaireachta agus feirmeoireachta, dar leis an scríbhneoir, cé gur aithin sé go raibh amhras ar dhaoine faoi na modhanna oibre nua seo: “…they have a perfectly natural slowness to adopt the advice of an official expert who knows nothing of the particular conditions of their native place.”

Dhein Synge cáineadh géar ar an éirí in airde a bhain le cuid d’oifigigh an Rialtais a bhí in ainm is fóirithint ar an bpobal: “…one does not always pardon a sort of contempt for the local views of the people which seems rooted in nearly all the official workers one meets with through the country.”

Cé go raibh sé inmholta go rachfaí i ngleic leis an imirce trí thionscail bheaga a fhorbairt –tionscal an lása, mar shampla – bhí an baol ann nach mbeadh de thoradh ar a leithéid de chur chuige ach gur túisce go mbeadh dóthain airgid sábháilte ag cailíní óga chun dul ar imirce.

Dar le Synge gur fhág an bhochtaineacht nach raibh an dara rogha ag mórán daoine ach dul ar imirce ach bhí sé den tuairim go raibh a thuilleadh ann a raibh cúis eile acu an bád bán a thabhairt orthu féin: “…in place where there have been much improvement the younger and brighter men and girls get ambitions which they cannot satisfy in this country, and so they go also.”

Bhí ardmholadh aige do Chonradh na Gaeilge:

“For the present, the Gaelic League is probably doing more than any other movement to check this terrible evil, and yet one fears that when the people realise in five, or perhaps in ten, years that this hope of restoring a lost language is a vain one, the last result will be a new kind of hopelessness and many crowded ships leaving Queenstown and Galway.”

Fág freagra ar 'Synge agus Yeats i gConamara: Gan ach 5 bliana nó 10 mbliana fágtha ag an nGaeilge i gConamara… i 1905'