‘Sure, I’m only a boy from Bruree’ – cuimhní ar ré Éamoin de Valera

Tá caoga bliain caite ó bhásaigh Éamon de Valera agus is iomaí scéal faoi a insítear go fóill

‘Sure, I’m only a boy from Bruree’ – cuimhní ar ré Éamoin de Valera

Sheasamar ar thaobh an bhóthair agus muid ag tabhairt suntais don charr mór a bhí ag dul siar thar Thrá na mBan sa Spidéal. Ní fhaca mé riamh carr chomh mór agus chomh galánta leis. Bhí sé á thiomáint go deas réidh agus paisinéir ina shuí i gcúl an chairr.

Ina dhiaidh sin, d’inis mo mháthair dhom gurb é an tUachtarán Éamon de Valera a bhí feicthe agam.

Toisc go raibh mé fós sa Spidéal, déanaim amach gur am éigin i rith an tsamhraidh a tharla an eachtra mhíorúilteach seo.

Níl aon fhianaise agam, ach ar tharla sé thart ar an am ar coisriceadh an Ardeaglais nua i nGaillimh? Ar an 15 Lúnasa 1965 a tharla sé sin. Bhí an tUachtarán i láthair don ócáid, seasca bliain go ham seo.

Tá caoga bliain caite ó bhásaigh Éamon de Valera.

Chaith sé laethanta deiridh a shaoil gar go maith don áit a bhfuil mé in mo chónaí anois – bhí teach altranais ‘Linden’ sa cheantar seo. Tógadh riar mhaith árasán agus tithe ar an suíomh sin roinnt blianta ó shin. Ach, d’aithneofá ón chuma atá fós ar ceann de na foirgnimh gur clochar nó mainistir a bhíodh ann. Ní raibh sé féin agus a bhean Sinéad i bhfad ann nó gur bhásaigh siad.

Bhí meas mór ar de Valera sa teach s’againne nuair a bhí mé óg. Ceannaíodh an páipéar nuachta a bhunaigh sé, an Irish Press, chuile lá agus an Sunday Press gach Domhnach. (Ach i lár an lae chuirtí an páipéar amach go dtí Muintir Molloy le go malartófaí é ar an Sunday Independent. Bhí an nuacht ní ba thábhachtaí ná aon dílseacht pholaitiúil.)

Toisc go raibh Dev chomh sean sin nuair a bhí sé ina Uachtarán níl aon chuimhní agam air mar fhear óg, mar Thaoiseach, mar dhuine de cheannairí an Éirí Amach i 1916, ná ar na hóráidí móra a thug sé i mbailte éagsúla ar fud na tíre.

Cuimhníonn daoine anois air mar phearsa staire, mar dhuine a raibh stádas ar leith aige de bharr a raibh bainte amach aige agus é ina fhear óg. Agus cé go raibh daoine an-deighilte faoi uair amháin, níl mórán den drochmheas ná den droch-chuimhne ag daoine anois air, feictear dom.

An oíche a bhásaigh Dev, i Lúnasa na bliana 1975, bhí an leathbhádóir, a bhí ina mhac léinn in UCD, ag obair don samhradh sa seomra innealra san Irish Press.

B’oifigeach sa mBrainse Speisialta a sheanathair ar thaobh a mháthar, agus ceann de na cúraimí a bhí air sna blianta 1932-1948 ná cosaint a thabhairt do Dev. I rith Chogadh na gCarad roimhe sin, bhí sé ar an taobh céanna le de Valera. Ní nach ionadh bhí pictiúr den Uachtarán crochta go feiceálach sa gcistin.

Ar aon nós, an oíche a bhásaigh bunaitheoir an Irish Press agus iarUachtarán agus iarThaoiseach na hÉireann, bhí an leathbhádóir tar éis lá fada oibre a chur isteach agus bhí cúpla pionta ólta aige.

Tháinig cnag ar an doras thart ar mheán oíche. Bhí sé féin ina chodladh.

Bhí veain agus tiománaí taobh amuigh – bhí cabhair de dhíth ar an Irish Press. Bhíodar gann cúpla duine agus bhí sé i gceist acu ceathrú milliún cóip den pháipéar a phriontáil chun an ócáid mhór náisiúnta seo a chomóradh. Go hiondúil bhíodh 16 leathanach sa pháipéar ach an babhta seo, bhíodar ag cur leagan mór toirtiúil amach in ómós do ‘Dev’ agus bheadh 32 leathanach ann, ar a laghad.

Cuireadh isteach ag bailiú na bpáipéar é le go gcuirfí amach chuig na veaineanna agus na traenacha iad le scaipeadh ar fud na tíre. Bhí na beartáin páipéar trom, bhí an obair crua fadálach. Agus bhí na piontaí ag dul i bhfeidhm air.

Tháinig teachtaire isteach – bhíodar tar éis an traein go Cill Chainnigh a chailliúint. An raibh seans ar bith go ngabhfadh an leathbhádóir mar chúntóir sa leoraí mór Bedford chomh fada le stáisiún traenach Chill Chainnigh? Ba mhór an faoiseamh an t-athrú seo. Agus seans aige teacht chuige féin, b’fhéidir. Thart ar a cúig a chlog ar maidin shroicheadar Cill Chainnigh. Bhí an ghrian ar tí éirí.

Bhí na mílte páipéar le tógáil amach as an leoraí agus le leagan ar an gcosán taobh amuigh den stáisiún. Tháinig na carranna agus na veaineanna seachadta chomh fada leo agus thosaigh á lódáil arís iad féin le tabhairt ar fud oirdheisceart na tíre.

Agus an rud ab fhearr faoin eachtra ar fad, ná go raibh daichead punt saothraithe ag mo dhuine agus é breá sásta leis féin. Bheadh súil agat nár chaith sé Tigh Mhulligan é.

Bhí sé ráite faoi Éamon de Valera gur fhan sé rófhada sa bpolaitíocht agus gur fhan sé go raibh sé róshean ina Uachtarán. Bhí sé 90 bliain nuair a d’éirigh sé as (tá Michael D 84 anois.)

Níl aon chuimhní agam féin a bhaineann go díreach le de Valera ach tá cuimhne agam ar chlár teilifíse a rinne mé le Brian Páircéir nuair a bhí Dev 25 bliain básaithe. Bhí droch-cháil tarraingthe air ag an scannán Michael Collins agus ag clár teilifíse de chuid an BBC, agus chuireamar romhainn an scéal a chur ina cheart. Nó ar a laghad, insint níb fhírinní a thabhairt.

D’fhéach mé siar ar an gclár sin sa tsraith Léargas – ‘Up Dev?’ ar an ardán YouTube an lá cheana. Is beag duine atá beo anois a mbeadh cuimhne acu ar Dev agus é i mbarr a mhaitheasa. Mar sin bhí an t-ádh orm 25 bliain ó shin gur éirigh linn agallamh a chur ar a Rúnaí Uachtaránachta Máirtín Ó Flathartaigh a bhí ina chónaí ar an gCarraig Dhubh. (Garmhac le Máirtín é an ceoltóir Fiachna Ó Braonáin.)

Duine eile a bhí beo beathach ag an am ná Máire Ní Cheallaigh, rúnaí pearsanta Dev. Bhí sí an-chúthail agus ní raibh fonn uirthi labhairt ach rinne sí agallamh ar deireadh. Bhí scéalta acu sin uilig agus ag an gcraoltóir Donncha Ó Dúlaing. Rinne Ó Dúlaing rud nach raibh sé de mhisneach ag éinne eile a dhéanamh – chuaigh sé caol díreach ag Áras an Uachtaráin agus d’iarr cead ar an ‘Chief’ é féin an mbeadh sé sásta scéal a bheatha a insint. ‘Sure I’m only a boy from Bruree,’ a dúirt Dev agus bhí teideal na sraithe ar an bpointe ag Ó Dúlaing. Craoladh ina dhiaidh sin é (cúig chlár) ar RTÉ Radio 1.

Caithfidh sibh féachaint ar an gclár ‘Up Dev’ go mbeidh a fhios agaibh cén chaoi an raibh Máire Mhac an tSaoi in ann a mhaíomh gur chodail sí le Éamon de Valera.

Fág freagra ar '‘Sure, I’m only a boy from Bruree’ – cuimhní ar ré Éamoin de Valera'