Deir Teachtaí Dála agus Seanadóirí Choiste Oireachtais na Gaeilge go ndearna an Roinn Oideachais neamhaird ar éileamh a rinne siad faoi shuirbhé conspóideach agus go bhfuil litir seolta acu lena míshásamh a chur in iúl faoin scéal.
Chinn baill an Coiste Oireachtais litir a sheoladh chuig an Roinn Oideachais toisc nár chuir an Roinn faoina mbráid roimh ré na ceisteanna faoin oideachas lán-Ghaeilge a bheadh ar shuirbhé ar thuismitheoirí a seoladh inné.
Dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste, Naoise Ó Cearúil, le Tuairisc nár fhreagair an Roinn Oideachais fiú iarratas an Choiste go gcuirfí faoina mbráid roimh ré na ceisteanna faoin nGaeilge a bhí le cur sa suirbhé.
“Tá muid chun litir a sheoladh chuig an Roinn. D’iarr mé féin orthu go seolfadh siad na ceisteanna chugainn sula seolfaí an suirbhé amach chuig na tuismitheoirí agus ní dhearna siad é sin.
“Tá an sórt ceisteanna a bhíonn ar a leithéid de shuirbhé ríthábhachtach. Braitheann an freagra agus an t-eolas a gheofar ar an sórt ceisteanna a chuirfidh tú faoi bhráid na dtuismitheoirí,” a dúirt Ó Cearúil.
Pléadh an suirbhé nua, a seoladh inné, ag cruinniú de chuid an Choiste Gaeilge. Léirigh Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais, agus Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, uachtarán Ghaeloideachais, imní faoin gceist a cuireadh faoin oideachas lán-Ghaeilge i suirbhé na Roinne Oideachais.
Dúirt Ní Ghréacháin go raibh sé “deacair a shamhlú” go mbeadh mórán tuismitheoirí “sásta rogha a dhéanamh ar son oideachas lán-Ghaeilge” sa suirbhé mar gur bhain sé le páistí a bhí ar scoil cheana féin.
Dúirt sí nach bhfaighfí tuiscint chruinn ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge trí cheist a chur ar thuismitheoirí ar mhaith leo go ndéanfaí scoil lán-Ghaeilge den scoil Bhéarla a bhfuil a bpáistí ag freastal uirthi.
B’fhearr, a dúirt sí, an cheist a chur ar thuismitheoirí nach bhfuil a bpáistí tosaithe ar scoil go fóill nó í a chur ar bhealach eile amhail “an mbeifeá tar éis scoil lán-Ghaeilge a roghnú dá mbeadh an rogha ann roimhe seo?”.
Dúradh i ráiteas a d’eisigh Gaeloideachas i ndiaidh an chruinnithe go raibh imní ar an eagraíocht go mbeadh an suirbhé “lochtach” seo “neamhéifeachtach agus deighilteach”. Dúradh go raibh “an-imní” ar an eagraíocht nach bhfuil an suirbhé “oiriúnach le tomhais bheacht a dhéanamh” ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge.
Impíodh ar thuismitheoirí agus ar phobail scoile tabhairt fain suirbhé “le croí agus meon oscailte i leith na Gaeilge” agus dúradh nach “vóta in aghaidh a bpobail scoile” a bheadh ann dá dtacófaí le scoil lán-Ghaeilge ina gceantar.
“Níor cheart go mbeadh freagróirí imníoch gur vóta in aghaidh a bpobail scoile reatha a bheadh ann dá dtacóidís le gaelscolaíocht a bheith ar fáil ina gceantair áitiúla. Is féidir tacú le deiseanna a bhronnadh ar na glúnta atá le teacht leis an nGaeilge a shealbhú trí ‘oideachas trí mheán na Gaeilge’ a roghnú,” a dúradh.
Tá imní léirithe freisin ag an eagraíocht An Foras Pátrúnachta maidir leis an suirbhé. Dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra, go gcuireann an cheist faoin oideachas lán-Ghaeilge “rud casta i láthair mar rud atá simplí”.
“Cé go gcuirimid fáilte roimh an deis do thuismitheoirí a dtuairimí a chur in iúl maidir le hoideachas ilchreidmheach, tá imní orainn maidir leis an gceist faoin oideachas lán-Ghaeilge. Cuireann an cheist sin rud casta i láthair mar rud atá simplí: ‘ar mhaith leat go ndéanfaí gaelscoil de do scoil?’.
“Is próiseas casta atá i gceist leis sin agus is í an imní atá orainn ná go mbeidh tuismitheoirí cúramach agus go vótálfaidh siad ‘níl’. D’iarr muid ar an Aire McEntee an cheist a leasú ach níl aon athrú uirthi,” a dúirt Ó hEaghra.
Dúradh i ráiteas a chuir An Foras Pátrúnachta amach go bhfuil súil acu go “nglacfaidh tuismitheoirí an deis” a mianta a chur in iúl i leith na Gaeilge agus go mbeifear in ann “oibriú i dtreo oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar i gceantair timpeall na tíre”. Mhol an eagraíocht do gach tuismitheoir scoile agus réamhscoile “tacú leis an nGaeilge chun an t-éileamh is airde a léiriú”.
An mhí seo caite, dúirt Teachtaí Dála de chuid pháirtí an Aire Oideachais, Helen McEntee, Fine Gael, chomh maith le Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil, go raibh imní orthu faoin bhfoclaíocht atá in úsáid don cheist faoi theanga an teagaisc na scoile.
Dúirt Naoise Ó Cearúil, ó Fhianna Fáil, go raibh sé den tuairim go bhfuil an baol ann nach roghnóidh tuismitheoirí ná caomhnóirí tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge mar go bhfuil imní orthu faoina n-easpa cumais féin sa teanga. Dúirt Naoise Ó Muirí, ó Fhina Gael, go raibh “ceisteanna” ann faoin suirbhé agus faoin gcur chuige.
Níos luaithe i mbliana, léirigh Conradh na Gaeilge a n-imní féin faoin suirbhé a bhí á bheartú an uair sin. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí na heagraíochta, gur “beag seans” go mbeadh “toradh dearfach ann don Ghaelscolaíocht” ón suirbhé.
Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais Gaeilge míshásta go ndearna an Roinn Oideachais neamhaird ar a n-éileamh faoi shuirbhé conspóideach'