Cúrsaí comhrialtais ag éirí níos soiléire i ndiaidh cúpla lá craiceáilte

D’fhéadfadh an sóisialach-liobrálach Rob Jetten (D66) a bheith ar an bpríomh-aire is óige riamh ar an Ísiltír – ach beidh air nualiobrálaigh an VVD a mhealladh ar dtús

Cúrsaí comhrialtais ag éirí níos soiléire i ndiaidh cúpla lá craiceáilte

Ag páirtí atá rud beag ar chlé ón lár a bheidh an chéad deis comhrialtas a chur le chéile san Ísiltír – seachas ag páirtí an phobalóra Ioslamafóibigh Geert Wilders.

Tá an méid sin soiléir anois i ndiaidh cúpla lá craiceáilte nuair nach raibh a fhios cé aige a bhí an bua in olltoghchán na Céadaoin seo caite.

Bhí D66 an iarrthóra óig aeraigh Rob Jetten gob ar ghob le páirtí Wilders, an Páirtí don tSaoirse (PVV), ach anois agus vótaí na nÍsiltíreach a bhfuil cónaí orthu thar lear comhairthe, tá D66, páirtí sóisialach-liobrálach a chuireann an-bhéim ar chúrsaí tithíochta, oideachais agus sláinte, breis agus 28,000 vótaí chun cinn ar an PVV, atá i bhfad amach ar an eite dheis.

Beidh an líon céanna suíochán – 26 araon – ag an dá pháirtí, ach ós rud é gurb iad D66 an páirtí is mó ó thaobh vótaí de, is acu sin a bheidh an chéad deis iarracht a dhéanamh comhrialtas a chur i dtoll a chéile.

Ach ní jab éasca a bheidh ansin do Rob Jetten (38), Caitliceach as deisceart na tíre atá geallta leis an imreoir haca as an Airgintín, Nicolás Keenan.

Níl dóthain suíochán ag D66 a chuirfeadh ar a gcumas comhrialtas móraimh a bheadh ar dheis ón lár a chur i dtoll a chéile, rud a fhágann gur comhrialtas ar chlé ón lár, ina mbeadh comhghuaillíocht na nGlasach agus an Lucht Oibre (GLPvdA) páirteach, an rogha ba chiallmhaire agus ba sheasmhaí.

Tacaíocht dhá pháirtí eile, Daonlathaigh Chríostaí an CDA agus nualiobrálaigh an VVD, a bheadh ag teastáil do chomhrialtas dá leithéid, ach tá sé ráite arís is arís eile ag an VVD, atá ar an tríú páirtí is mó tar éis toghchán Dé Céadaoin seo caite, nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas ina mbeadh na Glasaigh agus an Lucht Oibre páirteach. Chaill siad sin cúig shuíochán sa toghchán ach ní hé sin ach a gclár oibre, atá rófhada ar chlé don VVD, is cúis leis an drogall atá ar na nualiobrálaigh dul isteach i gcomhrialtas leo.

Ceal roghanna inmharthana eile, iarracht a dhéanamh an VVD a mhealladh in ainneoin an drogaill atá orthu roimh GLPvdA, an dúshlán atá roimh Rob Jetten anois, mar sin, agus tá an jab sin déanta rud beag níos éasca dó ag comhghuaillíocht na nGlasach agus an Lucht Oibre. D’éirigh a gceannaire siúd, an sóisialach Frans Timmermans, as oíche an toghcháin agus toghadh an Glasach óg Jesse Klaver ina áit; bhí binb phearsanta idir Timmermans agus ceannaire an VVD, Dilan Yeşilgöz le fada.

Má éiríonn le Rob Jetten an dúshlán atá roimhe a shárú beidh sé ar an bpríomh-aire is óige dá raibh ag an Ísiltír riamh, agus lena chois sin, ar an gcéad phríomh-aire atá aerach go hoscailte.

Chiallódh sé freisin go mbeadh ról níos lárnaí ag an Ísiltír san Aontas Eorpach arís; le bliain go leith anuas, agus comhrialtas a bhí go láidir faoi anáil Geert Wilders i gcumhacht, is ar an taobhlíne a bhí an Ísiltír go minic i gcomhthéacs na hEorpa.

Maidir le Geert Wilders féin de, is sa fhreasúra, mar is dual dó, a bheidh sé sin arís mura dtiocfaidh cor aisteach sa scéal. Níor chabhraigh líomhaintí gan bhunús a rinne sé le cúpla lá anuas maidir le caimiléireacht sa toghchán Dé Céadaoin seo caite (inar chaill a pháirtí 11 suíochán) aon mhaith dá íomhá.

Fág freagra ar 'Cúrsaí comhrialtais ag éirí níos soiléire i ndiaidh cúpla lá craiceáilte'