Fís Connolly – Éire na córa, Éire na síochána, Éire na Gaeilge agus Éire athaontaithe

Beidh ar gach páirtí ar an eite chlé comhghéilleadh a dhéanamh agus uaillmhianta pearsanta a chur ar leataobh má táthar le tógáil ar bhua Catherine Connolly i dtoghchán na huachtaránachta

Fís Connolly – Éire na córa, Éire na síochána, Éire na Gaeilge agus Éire athaontaithe

Bua mór cuimsitheach tábhachtach a bhí i mbua Catherine Connolly i dtoghchán na huachtaránachta. Fuair sí an céatadán is airde vótaí riamh i dtoghchán uachtaránachta, 63%, agus an líon vótaí céadrogha is airde freisin.

Ach sé an rud is tábhachtaí faoin scéal ná gur tháinig páirtithe na heite clé go léir le chéile, gur chruthaigh siad go bhféadfaidís obair in éineacht le chéile agus bua a fháil ar an gcaoi sin.

Sampla den bheart a d’fhéadfaí a dhéanamh in olltoghchán más féidir leis na páirtithe teacht le chéile arís, agus rialtas den eite chlé a chruthú don chéad uair.

Tá faitíos, ar ndóigh, ar an mbunaíocht i faoi sin, agus sin é atá taobh thiar den iarracht atá ar bun a bheag a dhéanamh den scéal agus béim na tráchtaireachta a dhíriú ar na vótaí millte.

Scéal tábhachtach é scéal na vótaí millte ach is scéal imeallach é i gcomparáid le bua Connolly.

Sea, milleadh 13% de na vótaí ach fiú má chuirtear san áireamh an líon vótaí bailí a fuair Connolly is 56% de na vótaí ar an gcéad chomhaireamh a bhí i gceist. Ná bac, mar sin, leis an gcaint amaideach go mbeadh an bua ag Maria Steen dá mbeadh sí sa rás: ar na figiúirí sin bheadh sí sa tríú háit, agus Connolly fós tofa ar an gcéad chomhaireamh.

Sheas Connolly go láidir agus go hoscailte ar son Éire a bheith neodrach agus ina tír atá ar son na síochána is a bhíonn ag iarraidh difríochtaí a réiteach gan aon chogadh. Éire a sheasfadh i ndlúthpháirtíocht leo siúd atá faoi ionsaí ag an impiriúlachas, Éire a chuirfeadh an Ghaeilge in ard a réime, agus Éire a bheadh athaontaithe gan seicteachas.

Ní theastaíonn ón mbunaíocht, ná ó na meáin mhóra, labhairt faoina leithéid. Ach sin é an t-éacht a tharla sa toghchán, gur tháinig móramh chomh mór sin amach chun an fhís sin a dhearbhú.

Anois, an chéad leibhéal eile. An mbeidh an eite chlé aontaithe seo in ann fanacht le chéile agus feoil a chur ar chreatlach fheachtas Connolly?

Ní bheidh sé sin éasca.

Tá difríochtaí idir na páirtithe maidir lena gcuid aidhmeanna, spriocanna, prionsabail is polasaithe. Bíonn siad i gcomórtas le chéile, is gan an oiread sin cairdis idir Sinn Féin – an páirtí is mó agus an páirtí a bheadh ina bhunchloch ag aon aontacht ar chlé tharlódh– agus páirtí atá ag díriú ar athaontú agus ar an teorainn.

Bhí Sinn Féin déanach ag teacht ar bord. Bhí díospóireacht dháiríre taobh istigh den pháirtí, agus roinnt – ó thuaidh go háirithe – ag iarraidh feachtas dá gcuid féin a bheadh ag díriú ar athaontú agus ar an teorainn. Bhí Mary Lou MacDonald ag argóint go láidir ar son páirt a ghlacadh i bhfeachtas Connolly, agus d’éirigh léi. Ansin go deimhin chonaic muid neart inneall Shinn Féin agus tairbhe na n-acmhainní airgid is eile atá ag an bpáirtí.

Bhí fadhbanna freisin ag Páirtí an Lucht Oibre is ag na Glasaigh. Tháinig Alan Kelly, iarcheannaire an pháirtí, amach i gcoinne an chinnidh; ach bhí sé leis féin ag deireadh thiar, cé go dtuairiscítear nach raibh Ged Nash, mar shampla, róshásta leis an gcinneadh ach an oiread.

D’éirigh iarTheachta Dála, Brian Leddin as an gComhaontas Glas mar gheall ar an gcinneadh, agus d’éirigh leascheannaire an pháirtí, Róisín Garvey, as an gcúram sin freisin. Agus cháin an t-iarsheanadóir, agus iarchathaoireach an pháirtí, Pauline O’Reilly, an cinneadh.

Ach sheas na páirtithe an fód.

An cheist ná an mbeidh siad in ann glacadh le Sinn Féin mar cheann feadhna agus polasaí aontaithe a chur le chéile leosan agus le Pobal Roimh Bhrabús?

Braitheann sé ar cé chomh dáiríre is atá siad faoi athrú a bhaint amach i gcóras na tíre.

Beidh ar gach páirtí comhghéilleadh a dhéanamh agus uaillmhianta pearsanta a chur ar leataobh.

Ach mura dtagann na páirtithe ar an eite chlé le chéile, ní bheidh aon athrú ar na polasaithe atá á gcur i bhfeidhm ag an rialtas, polasaithe a bhfuil teipthe orthu, go háirithe maidir le tithíocht, an cheist is mó ag vótóirí, a deirtear.

Tá tús maith curtha leis an aontacht. Comhoibriú maidir le cearta cainte sa Dáil, cabhrú le chéile i dtaobh díospóireachtaí Dála agus thar aon rud, an comhoibriú buacach seo i dtoghchán na huachtaránachta.

Is cinnte go ndéanfaidh an bhunaíocht agus na meáin mhóra a ndícheall an fiontar seo a chur as a riocht ach más féidir leo seasamh le chéile beidh fís Uí Chonghaile faoina lámha acu – Éire na córa, Éire na síochána, Éire na Gaeilge agus Éire athaontaithe.

Fág freagra ar 'Fís Connolly – Éire na córa, Éire na síochána, Éire na Gaeilge agus Éire athaontaithe'

  • Pól Ó Braoin

    Beidh le feiceáil an dtiocfaidh athrú ar na beartais rialtais chéanna ar teipeadh orthu cheana. Athrú rialtais le cabhair na comhoibre a theastós agus súil agam go dtiocfaidh fís an ailt seo fíor, a Eoin.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Sa deireadh chruthaigh Heather Humphreys go hainnis mar iarrthóir. Nuair a thréig Jim Gavin an pháirc thit ualach an chur in aghaidh Catherine Connolly ar a guaillí, rud nach raibh sí cumasach a dóthain a láimhseáil.

    Ar ndóigh ba iarrthóir maith í Connolly.