Is beag duine sa tír nach bhfuil scéal iontach na hógmhná Salomé ar eolas acu, bíodh sin ón mBíobla, ó ghearrscéal Shean-Phádraic Uí Chonaire, ‘Teatrarc na Gaililí’, ó Oscar Wilde nó fiú ó cheol Strauss.
An comhlacht damhsa Ériú agus Amharclann na Taibhdheirce atá ag cur an chluanaí inár láthair sa Taibhdhearc an turas seo agus leagan Gaeilge scríofa ag Eoghan Mac Giolla Bhríde atá bunaithe ar dhráma Oscar Wilde, a scríobh sé in 1891 i bhFraincis.
Ní hé amháin gurb é an damhsóir Breandán de Gallaí Héaróid sa seó, is é an cóireagrafaí agus comhstiúrthóir é chomh maith agus Sarah Fennell ina Salómae théisiúil ag gabháil idir é agus a chúraimí agus a shuaimhneas.
Deichniúr damhsóirí atá ar stáitse agus is í do shúil seachas do chluas is géire a theastaíonn uait mar ní haon ‘riverdance’, seanváls ná fíbín atá againn anseo ach lúbarnáil mheallacach, searradh sliodarnach agus stáidiúlacht sciamhach a spochann ainmhianta na collaíochta i bhfear céile cumhachtach Héaróidias, máthair Shalómae. Amhail seanasal a bheadh spalptha leis an tart cois claí, tá Héaróid spalptha leis an dúil atá aige ina neacht agus a leas-iníon, dúil nach féidir leis a cheilt orainne ná ar shúil nimhe a mhná céile.
Insíonn na damhsóirí an scéal dúinn leis na rithimí éagsúla – cosa ar chlár, gluaiseachtaí tomhaiste, tarraingt na gcos nocht nó fiú struipeáil ar stáitse – agus ní gá focail. Idir an ceol agus na gluaiseachtaí sin bhuail sórt meadhrán mé féin, ní áirím an seanbhuachaill.
Cé nach mór é, tá focail fhileata sa léiriú agus athrá go leor, agus tá canúint cheolmhar Uladh ag an damhsóirí go léir, rud nach iontach is dóigh agus scríbhneoir agus stiúrthóir as na bólaí sin. Ón áit a raibh mise i mo shuí ag cúl na hamharclainne, chuaigh cuid den chaint chéanna ar strae orm agus mé ag brath ar na fotheidil os ár gcionn – is léir go raibh fabht éigin ar an gcóras fuaime nó ar an seachadadh. Is mór an mhaith gur tábhachtaí an fhís ná an friotal sa léiriú agus go raibh dráma Wilde feicthe agam cheana.
Aon duine a léigh leagan Uí Chonaire den scéal seo, díol suntais í Salómae seo Wilde, atá gan aon mheabhair i ndiaidh colainn álainn Ióchánáin, a bhéal caordhearg agus a dhá shúil dhorcha agus colg uirthi gur dhiúltaigh sé í agus nach ligfeadh di é a phógadh. A éileacht air, baineadh an cloigeann de agus is féidir le Salómae seo í féin a shásamh lena bhéal milis agus í á húnfairt féin i bhfleá súnáis agus cead a cinn aici anois a rogha rud a dhéanamh lena chloigeann. Bean óg í seo atá go maith in ann a cuid a chur in iúl agus a fháil, a thuigeann a colainn féin agus atá beag beann ar mháthair ná gnás ná fear na hadhairce. Ní bhactar le céasadh intinne Héaróid anseo, an céasadh ina ghabhal is mó atá ag cur as dó.
Bhain mé an-sásamh go deo as an damhsa agus as teaspach is teallaireacht Shalómae Wilde/Mhic Ghiolla Bhríde d’ainneoin mo chuid cantail leis an bhfuaim san amharclann.
An múisiam is mó a cuireadh orm níor bhain sé leis na rinceoirí breátha beag ná mór ach leis an dá ghiolla treoraithe faoi T-léinte na féile ealaíon nach raibh de chúirtéis ná d’fhios a ngnó acu Gaeilge a labhairt le haoi san amharclann náisiúnta. Is léir nach ealaín í Gaeilge na gcosa lofa.
Fág freagra ar 'Súnás Shalómae agus fleá damhsa sa Taibhdhearc'