Súil ‘sráidbhaile Gaelach’ a thógáil sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste

Spórtlann na hÉireann’ atá á thabhairt ar an sráidbhaile Ghaelach agus is iad Forbairt Feirste, eagraíocht forbartha pobail, atá i mbun an togra

Súil ‘sráidbhaile Gaelach’ a thógáil sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste

D’fhéadfadh go bhfuil ‘sráidbhaile Gaelach’ i ndán d’iarthar Bhéal Feirste agus cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste tacú le plean de chuid Forbairt Feirste.

Chinn an Chomhairle Cathrach an tseachtain tacaíocht a chur ar fáil do Forbairt Feirste chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar ‘baile turasóireachta Gaelach’ a thógáil sa sa cheantar in iarthar na cathrach a dtugtar an Cheathrún Ghaeltachta air.

Dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin, Ciarán Beattie go bhfuil an staidéar féidearthachta á reáchtáil le “buntáistí turasóireachta agus forbartha” sa Cheathrú Ghaeltachta a fhiosrú.

“Díreoidh an staidéar féidearthachta ar thogra turasóireachta pobail d’fhéadfadh cur go mór leis an Cheathrú Ghaeltachta, agus le fás agus cur chun cinn na Gaeilge,” a dúirt an Comhairleoir Beattie leis an Belfast Media Group.   

Dúirt sé gurb é an fhís atá ann don sráidbhaile úr, a thógfaí ar an talamh os comhair Choláiste Feirste ar a dtugtar ‘Triantán Ard na bhFeá’, go mbeadh páistí “ó gach áit sa tír” ag teacht chuig iarthar Bhéal Feirste “le Gaeilge a fhoghlaim i gceantar uirbeach”.

‘Spórtlann na hÉireann’ atá á thabhairt ar an sráidbhaile Ghaelach agus is iad Forbairt Feirste, eagraíocht forbartha pobail, atá i mbun an togra.

I measc na n-áiseanna atá luaite leis an tionscnamh nua tá spásanna foghlama, seomraí taispeántais agus imeachtaí, caifé agus lóistín.

Tá súil go gcruthófar poist do mhórcheantar Iarthar Bhéal Feirste agus go meallfar breis turasóirí chuig an cheantar.

Agus “láthair fhóirsteanach” aimsithe don tógáil, dúirt stiúrthóir Fhorbairt Feirste Jake MacSiacais go bhfuil deis anois ann aird a tharraingt ar an chultúr Ghaelach agus ar an Ghaeilge agus chun turasóirí mhealladh.

Mhaígh MacSiacais go léireofaí chéim eile seo d’fhorbairt ‘An Spórtlann’ cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge sa chathair.

“Clochmhíle” atá sa togra seo, a dúirt sé, ar aistear ar chuir “ceannródaithe” Bhóthair Seoighe tús leis 50 bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Súil ‘sráidbhaile Gaelach’ a thógáil sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste'