Súil siar ar 2018? Ní cuimhin liom i gceart céard a tharla aréir…

Tá barúil ag ár gcolúnaí go bhfuil an easpa codlata ag déanamh raic ar a cuimhne

Súil siar ar 2018? Ní cuimhin liom i gceart céard a tharla aréir…

Ba mhaith liom a bheith in ann súil a chaitheamh siar ar 2018 agus mo mhachnamh a dhéanamh ar an mbliain agus a rá céard a d’fhoghlaim mé i mbliana.

Ach, leis an fhírinne a rá, bíonn jab agam cuimhneamh ceart céard a thárla aréir nó maidin inniu, ná bac le céard a bhí ar bun againn le bliain anuas.

Tá a fhios agam nach i mo chodladh a bhí mé. Nó, tá barúil mhaith agam nach i mo chodladh a bhí mé, ar aon nós.

Ní hé nach dtéim a chodladh. Téim isteach sa leaba chuile oíche, am eicínt thart ar mheánoíche agus éirím amach aisti arís thart ar 7:30 ar maidin.

Sórt leathchuimhne a bhíonn agam ar maidin nuair a éirím ar céard a tharla an oíche roimhe. Sílim go gcaithim cuid mhaith den oíche ag siúl ar Lego, ag díbirt púcaí, agus ag imeacht síos staighre ag iarraidh deochanna uisce.

Ar tharla sé riamh duit go gcuirfeadh duine eicínt ceist ort maidin Dé Luain,’céard a rinne tú ar an deireadh seachtaine?’, is nach raibh tú in ann iad a fhreagairt?

Sula gcuirfidh tú uimhreacha tacaíochta chugam, ní hé go mbím amuigh ag ragairne, ná ag caitheamh siar drugaí aicme A, (ná aicme B… an bhfuil aicme C ann?) is go bhfuil mo chuimhne ar strae ar na cúiseanna sin.

Ní hea, tá barúil agam go bhfuil an ceal codlata ag déanamh raic ar mo chuimhne. Is dóigh go bhfuil cibé cén eagar atá m’inchinn ceaptha a chur ar imeachtaí an lae curtha in aer aige. Nó, tá súil agam gur sin atá ag tarlú, ar aon chaoi.

Thug mé faoi deara an lá cheana go bhfuil an fón ag déanamh taifead ar an am a dtéim a chodladh agus an t-am a n-éirím arís.

Feicim barrachairt ar an bhfón ar maidin agus líne chorcra air ag insint dom cé mhéad uair a chloig a chaith mé i mo chodladh.

Níl a fhios agam cén chaoi a mbeadh a fhios ag an bhfón an bhfuilim i mo chodladh nó nach bhfuil. An t-aon rud a rith liom, ná an nod nó dhó atá tugtha dom i gcaitheamh na mblianta go bhfuil an baol ann go mbím ag srannadh, scaití.

An bhfuil an srannadh á thaifead ag an bhfón agus an ‘am codlata’ é sin don bharrachairt?

Nuair a chuimhním anois air, is dóigh go raibh dul amú orm ar ball, tá mé in ann a rá gur fhoghlaim mé, ar a laghad, rud amháin i mbliana. D’fhoghlaim mé in 2018 go bhfuil an fón ag déanamh suntais den srannadh agus, seans maith, de gach caint agus fuaim eile a dhéantar sa teach.

B’fhéidir go dtriáilfinn mearbhall a chur air in 2019. Dhéanfadh sé cúis mar rún don athbhliain, is dóigh, agus tá seans níos fearr ann go ndéanfainn é ná, jogáil, mar shampla.

D’fhéadfainn codladh ar mo thaobh an bhliain seo chugainn, nó i mo shuí sa gcathaoir thíos staighre agus gloine uisce i mo láimh agam, nó gligín ar théad agus é a chroitheadh.

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2018? Ní cuimhin liom i gceart céard a tharla aréir…'