Tá togra idir lámha ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha agus na húdaráis áitiúla chun “leaganacha cruinne Gaeilge” a sholáthar do bhreis agus 13,200 sráidainm agus iad a chur ar an suíomh Logainm.ie.
Is iarracht atá sa togra “an bhearna” atá ann maidir leis na leaganacha Gaeilge de na sráidainmneacha a líonadh agus a chur ar fáil don phobal ar Logainm.ie. Tá leaganacha Béarla de na 13,200 sráidainm i mbunachar Logainm.ie, ach níl leaganacha faofa oifigiúla Gaeilge ann fós do go leor acu.
Thosaigh an togra reatha in 2023 agus tá súil ag Diarmaid Ó Maoileoin, atá ag plé leis in DCU, go dtiocfaidh sé chun críche i mbliana. Dúirt sé le Tuairisc go raibh moill bheag ar an dul chun cinn a bhíothas a dhéanamh mar gheall ar easpa foirne sa Bhrainse Logainmneacha ach go bhfuiltear ag súil go mbeidh borradh faoin obair arís agus ball nua foirne le tosú sa Bhrainse an mhí seo.
“Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar, titeann na sráidainmneacha lasmuigh de scóip ról lárnach an Bhrainse Logainmneacha.
“Tá súil againn a bhformhór [na sráidainmneacha] a dhéanamh an bhliain seo chugainn, ach braitheann sé ar cén cineál próisis atá ag na Comhairlí Contae agus Comhairlí Cathrach. Níl muid tagtha chomh fada fós le sonraí logainmneacha a sheoladh amach ach níl muid ag súil go mbeadh an oiread le déanamh ag an mBrainse leis na liostaí moltaí do shráidainmneacha,” a dúirt Ó Maoileoin.
Mhínigh Ó Maoileoin go bhfuil an Brainse Logainmneacha sásta “comhairle” a chur ar na húdaráis áitiúla maidir le leaganacha Gaeilge nuair a iarrtar an chomhairle sin orthu ach nach bhfuil an cúram ar an mBrainse féin liosta sráidainmneacha a sholáthar.
“Cuireann Logainm leagan Gaeilge ‘molta’ ar fáil do na sráidainmneacha i gcontae ar leith nach bhfuil leagan Gaeilge leo go fóill sa mbunachar. Ansin seoltar ar aghaidh chuig an mBrainse iad le faomhadh. Déanann an Brainse seiceáil orthu agus cibé taighde breise a theastaíonn, stair na mbailte fearainn, sloinnte neamh-Ghaelacha agus araile.
“Ó tharla gurb iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar, is acusan atá an cinneadh deiridh i leith na n-ainmneacha a mholtar. B’fhéidir go mbeadh leagan áitiúil in úsáid d’áit, sloinne nó duine ar leith, agus nuair atá [an Chomhairle] sásta, is fúthusan na hainmneacha a dheimhniú agus a chur in airde ar chomharthaí agus araile,” a dúirt Ó Maoileoin le Tuairisc.
D’fhoilsigh réamhtheachtaí an Bhrainse Logainmneacha – an Coimisiún Logainmneacha – treoirlínte le córas caighdeánach chun sráidainmneacha Gaeilge a chóiriú. Bhain údaráis áitiúla áirithe úsáid as na treoracha sin le liostaí sráidainmneacha a chur le chéile ach tá “bearna mhór fós ann”, dar le Ó Maoileoin, agus tá sé curtha rompu ag lucht Logainm.ie féin “borradh a chur faoin bpróiseas féachaint ualach oibre na n-údarás a laghdú ionas go bhféadfaí leaganacha Gaeilge a chur ar fáil don phobal”.
Tá scagadh de réir contae déanta ag Logainm.ie ar na sráidainmneacha agus sonraí faighte acu ón Ordanáis Suirbhéireachta (nó Tailte Éireann mar a thugtar anois air) faoi shráideanna ar fud an stáit. Tá 2,500 sráidainm i mbailiúchán chontae Chorcaí agus 2,000 sráidainm i mbailiúchán chontae Bhaile Átha Cliath.
Ní bheidh sráidainmneacha as an Tuaisceart san áireamh sa togra atá ar bun i láthair na huaire, ach dúirt Ó Maoileoin go bhféadfadh sé go ndíreofaí ar na sráideanna ó thuaidh amach anseo agus go mbeifí ag comhoibriú le PlacenamesNI mar a bhíothas cheana.
“Tá obair mhór ar bun ag PlacenamesNI, ach níl ach fíorbheagán sráidainmneacha as an Tuaisceart sa bhunachar s’againne. Níl aon phlean ann faoi láthair tabhairt faoin obair sin, ach amach anseo b’fhurasta a leithéid a dhéanamh,” a dúirt sé.
Cé gur ‘sráidainmneacha’ atá in úsáid ag lucht Logainm.ie le cur síos a dhéanamh ar na háiteanna atá i gceist leis an togra seo, ní sráideanna amháin a bheidh ar an mbunachar ach a mbeidh an togra curtha i gcrích. Tá eastáit tithíochta, sráideanna, lánaí, cearnóga, faichí, agus gnéithe eile den tírdhreach uirbeach san áireamh faoin teideal ‘sráidainmneacha’.
Dúirt Ó Maoileoin gur minic a chruthaítear fadhbanna le leaganacha Gaeilge d’ainmneacha i gcás na n-eastát nua tithíochta atáthar a thógáil mar gheall nach mbíonn na forbróirí “ag leanacht na dtreoirlínte” go docht. Dúirt sé go bhfuil forbróirí ceaptha taighde a dhéanamh ar an gceantar ina bhfuil eastát nua tithíochta á thógáil agus inspioráid a thógáil ó oidhreacht an cheantair agus ainm á chumadh acu. Ní mar sin a tharlaíonn i gcónaí, dar leis.
“I gcás na n-eastát tithíochta, bíonn cuid de na forbróirí ag cur ainmneacha Béarla chun cinn agus ansin nuair a thagann siad chuig an gComhairle áitiúil iarrann siad orthu an t-ainm sin a aistriú go Gaeilge agus is minic a bhíonn an jab sin deacair.
“Tá an cur chuige sin ag teacht salach ar an gcomhairle faoin ainmneacha a chumadh, go mbeifí ag déanamh taighde ar stair agus logainmneacha an cheantair sula gcumfaí ainm d’eastát. Tá an leagan Gaeilge á fhágáil go dtí an deireadh, go dtí go bhfuil comharthaíocht le dul suas,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Súil le 13,200 sráidainm Gaeilge a chur ar logainm.ie i mbliana'