‘Snod be with you!’ – slán fágtha le Pádraig Ó Snodaigh, duine de mhórGhaeil a linne 

1935-2025 - Cuireadh i gcré na cille inniu Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, scríobhneoir, gníomhaí teanga agus duine de phearsana móra shaol na Gaeilge agus shaol chultúrtha na hÉireann 

‘Snod be with you!’ – slán fágtha le Pádraig Ó Snodaigh, duine de mhórGhaeil a linne 

Cuireadh i Reilig Naomh Fionntan i gCill Fhionntain i mBaile Átha Cliath inniu Pádraig Ó Snodaigh, duine de mhórGhaeil a linne, tar éis Aifreann a shochraide in Eaglais Peadar agus Pól i mBaile Dúill. 

Bhí Pádraig Ó Snodaigh ar dhuine de phearsana móra shaol na Gaeilge agus shaol chultúrtha na hÉireann, mar bhunaitheoir an teach foilsitheoireachta Coiscéim, mar údar, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga.  

Dúirt an tAthair Micheál Ó Laifeartaigh ag an Aifreann sochraide gur “socláire” a raibh “intleacht dhochreidte” aige ab ea Pádraig Ó Snodaigh  

Ina aitheasc ag an Aifreann inniu, thagair Ciarán Ó Feinneadha, an gníomhaí teanga, do dhán de chuid Bhreandáin Uí Bheacháin, ‘Guidhe an Rannaire’. 

“‘Rachainn abhaile, mo ghnó agam críochnaithe’ – is cinnte go bhfuil breis is a ghnó déanta ag Pádraig le linn a shaoil,” arsa Ciarán Ó Feinneadha.  

Thagair Ciarán Ó Feinneadha do na rudaí éagsúla a bhain Pádraig Ó Snodaigh amach don teanga, i réimsí na foilsitheoireachta, an oideachais agus na gceart teanga.   

Luadh san aitheasc chomh maith beannacht mhagúil a bhíodh go minic ag an Snodach, ‘Snod be with you!’. 

Bhí an Coirnéal Stephen Howard, Aide de Camp Uachtarán na hÉireann Micheál D  hUigínn,  ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald agus scríbhneoirí, ceoltóirí agus ealaíontóirí go leor i láthair ag an tsochraid inniu.  

Tá ómós á léiriú do Phádraig ó bhásaigh sé Dé hAoine seo caite agus é 89 bliain d’aois. 

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, gur “laoch ríthábhachtach é Pádraig Ó Snodaigh i ngluaiseacht na Gaeilge”.  

“B’inspioráid é Pádraig do chuile dhuine a raibh suim acu sa Ghaeilge, agus spreag obair a shaoil grá don teanga is don chultúr araon i measc slua mór daoine,” a dúirt an tUachtarán. 

Luaigh an tUachtarán chomh maith an tacaíocht a thug Pádraig Ó Snodaigh agus a bhean, an dealbhóir Cliodhna Cussen, d’fheachtas na teilifíse Gaeilge agus bunú Theilifís na Gaeilge. 

“Is cuimhin liom cé chomh cabhrach a bhí an bheirt acu i mbunú ghluaiseacht na teilifíse Gaelaí. Bhí Pádraig go mór ar son shaibhreas agus neart na Gaeilge mar theanga bheo, agus is caillteanas ollmhór é do chách a oibríonn ar son cur chun cinn na teanga.” Dúirt Uachtarán na hÉireann gur cinnte go bhfágfadh obair Phádraig “ar son phobal na hÉireann” oidhreacht bhuan ina dhiaidh.  

Inniu ina aitheasc ag an Aifreann sochraide thug an gníomhaí teanga Ciarán O Feinneadha chun cuimhne agóid chailiúil i stair na teilifíse Gaeilge nuair a d’ardaigh Pádraig O Snodaigh go bun an dréimire ag an aeróg chumarsáide i nDomhnach Broc le bratach a chrochadh faoin easpa clár Gaeilge ar RTÉ – gníomh tábhachtach i scéal na gluaiseachta teilifíse Gaeilge.  

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach i 1935. I mBaile Átha Cliath a chaith sé a shaol oibre, leis an mBord Soláthair Leictreachais ar dtús agus ansin le hArd-Mhúsaem na hÉireann. Seisear mac a bhí aige féin agus Cliodhna Cussen— Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. 

I 1980 a bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim, ceann de ghaiscí móra a shaoil. 

Idir an fhilíocht, an prós, na cnuasaigh aistí, leabhair staire agus saothair aistriúcháin, tá os cion 1,300 leabhar curtha amach ag Coiscéim. Liosta le háireamh na húdair mhóra ar fhoilsigh Pádraig Ó Snodaigh a saothar, ina measc Máirtín Ó Cadhain, Tomás Mac Síomóin, Diarmaid Ó Súilleabháin, Deirdre Brennan, Seán Mac Mathúna,  Alan Titley, Áine Ní Ghlinn, Maidhc Dainín Ó Sé agus Pádraig Ó Cíobháin.  

Rinne sé cúram ar leith d’fhilíocht na Gaeilge agus ar na filí ar fhoilsigh sé cnuasaigh leo bhí Michael Davitt, Biddy Jenkinson Gabriel Rosenstock, Caitlín Maude, Louis de Paor, Aogán Ó Muircheartaigh, Greagóir ó Dúill agus Áine Uí Fhoghlú. 

Nuair a bronnadh céim oinigh DlittCelt air in UCD in 2019, dúirt an scoláire Máire Ní Annracháin gur mhúscail Pádraig Ó Snodaigh “misneach Bhanba” agus gur “fear cosanta filí” é.  

“Ghríosaigh sé na filí nua chun pinn, d’fhoilsigh sé iad, ghríosaigh sé arís iad, chuir sé in eagar iad, chruthaigh sé spás dóibh, chruthaigh sé muinín iontu, chuir sé ar fáil iad ar fud Éireann. Na céadta díobh,” a dúirt Máire Ní Annracháin. 

Bhí Pádraig Ó Snodaigh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag tráth cinniúnach i stair na teanga nuair a cuireadh go mór leis an iarracht í a bhrú go himeall ar fad sa státchóras. 

Sheas sé an fód in aghaidh na hiarrachta sin agus ba le linn a thréimhse uachtaránachta a cuireadh Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn – tús le feachtas nach gcríochnódh go dtí beagnach 30 bliain níos déanaí nuair a tugadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach. Ba le linn dó a bheith ina uachtarán a bunaíodh An Siopa Leabhar agus a athbhunaíodh Seachtain na Gaeilge.  

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Paula Melvin, gur “ábhar mórtais” do phobal na Gaeilge oidhreacht Phádraig Uí Shnodaigh agus gur spreagadh a bhí ina “cheannaireacht, a iarrachtaí ceannródaíocha san fhoilsitheoireacht agus a phaisean gan staonadh dár gcultúr”.  

Dar le hÍte Ní Chionnaith, iaruachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge, gur éirigh leis craobhacha nua den eagraíocht a bhunú ar fud na tíre agus “níos mó daoine óga radacúla” a mhealladh go dtí ngluaiseacht na teanga. Dúirt Íte Ní Chionnaith ag ócáid cheiliúrtha don Snodach roinnt blianta ó shin gur chuir sé “oiliúint” ar na daoine óga sin, ní hamháin ó thaobh cheist na Gaeilge aisti féin, ach “i gceist na Gaeilge mar bhunchloch don náisiún Gaelach…”. 

B’údar agus eagarthóir bisiúil ildánach é Pádraig Ó Snodaigh féin. Bhí suim mhór sa stair aige, go háirithe i dtréimhse na réabhlóide.  

I measc na leabhar a tháinig óna pheann bhí Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916 agus The Irish Volunteers, 17151793. Ar na cnuasaigh filíochta uaidh tá Cumha agus Cumann (1985), Cúl le Cúl (1988), Cronú (2004) agus Ag Druidim le 80, a tháinig amach in 2017. 

Ba chosúil le saothar dírbheathaisnéise iad na leabhair sa tsraith ‘Scór’ ina ndearna sé cur síos ar na nithe agus na daoine a bhí tábhachtach dó. 

Poblachtánach go smior ab ea é agus bhí ceangal mór aige le scríbhneoirí agus le muintir na sé chontae ar feadh a shaoil. 

 I 1973 a foilsíodh a leabhar The Hidden Ulster a bhain le cúlra Gaeilge na bProtastúnach sna sé chontae agus sheas sé go daingean leis na stailceoirí ocrais sna 1980idí. 

Dúirt Máirtín Ó Muilleoir, iar-aire airgeadais Stormont, go raibh meas agus cion thar na bearta ag pobal na Gaeilge ó thuaidh ar Phádraig Ó Snodaigh. 

Is beag spéis a bhí ag An Snodach sa mheasúlacht ná sa mhaorlathas,” a dúirt Ó Muilleoir.  

“Níorbh ann don bhalla idir é féin agus saol an oifigiúlachas nár leag sé le teann diabhlaíochta. Bhí spiorad na saoirse go daingean ann.” 

Fág freagra ar '‘Snod be with you!’ – slán fágtha le Pádraig Ó Snodaigh, duine de mhórGhaeil a linne '

  • Áine Uí Fhoghlú

    Beidh saothar saoil Phádraig mar bhuan-leac cuimhneacháin os a chionn. Dhein sé obair na gcapall ar son na teanga, ar son na litríochta agus ar ár son-na, scríbhneoirí. Go raibh suaimhneas síorraí anois aige, ós maith a shaothraigh sé é.

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Beidh an Snod fós linn inár gcuimhne agus inár gcroíthe!

  • Mícheál Ó Ruairc

    Club an Luain i gClub a’ Chonartha 1980 – 2020 ….. b’in iad na hoícheanta, a chara, cuileachta, ól, drabhlás, ceol, seanchas …..
    Slán go deo ón dtaobh seo uainne a bhí i d’fhochair is atá fós beo …….