Súil go dtacóidh ceannairí an AE amárach le ‘Éire Aontaithe’ i ndiaidh an Bhreatimeachta

Tuairiscíodh aréir go lorgófar ag cruinniú mullaigh an AE amárach tacaíocht cheannairí na hEorpa do ‘Éire Aontaithe’ i ndiaidh an Bhreatimeachta sa chás go mbeadh móramh sa tuaisceart ar a son

Súil go dtacóidh ceannairí an AE amárach le ‘Éire Aontaithe’ i ndiaidh an Bhreatimeachta

Tuairiscíodh aréir go bhfuil ceannairí na hEorpa ar tí a fhógairt go dtacóidís le ‘Éire Aontaithe’ i ndiaidh an Bhreatimeachta sa chás go mbeadh móramh sa tuaisceart ar son aontú na tíre.

Tuairiscíodh ar an Financial Times go lorgófar ag cruinniú mullaigh an AE amárach tacaíocht na gceannairí i 27 ballstát den AE don mholadh go gceadófaí do Thuaisceart Éireann filleadh go héasca ar an Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta ach ‘Éire Aontaithe’ a bheith ann.

Tuairiscíodh aréir go meastar go bhfeadfaí múnla athaontú na Gearmáine i 1990 a leanúint i gcás na hÉireann agus go mbeadh a leithéid ag teacht chomh maith le Comhaontú Aoine an Chéasta, mar a bhfuil soláthar d’Éire Aontaithe ach móramh a bheith ar a son ó thuaidh.

Thuairiscigh an Financial Times go bhféadfadh moladh oifigigh an Aontais go dtacódh ceannairí an AE i bprionsabal le hÉire Aontaithe cur leis an imní atá ar dhaoine sa Bhreatain go bhféadfadh go dtitfeadh an Ríocht Aontaithe as a chéile i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ag cruinniú mullaigh an lae amárach aontófar na téarmaí tagartha don idirbheartaíocht idir an AE agus an Bhreatain faoin mBreatimeacht.

Tugadh le fios gur oifigigh i mBaile Átha Cliath a mhol an téacs a bhaineann le hÉire Aontaithe a bheidh mar chuid de na cáipéisí a aontófar ag cruinniú an lae amáraigh má ghlactar leis.

Fág freagra ar 'Súil go dtacóidh ceannairí an AE amárach le ‘Éire Aontaithe’ i ndiaidh an Bhreatimeachta'

  • Séamus Ó Flaithbheartaigh

    Níl céim sa Ghaeilge agam, ach nach “i ndiaidh na Breatimeachta” a ba chóir a bheith anseo. An bhfuil eagarthóir ar bith ar an iris seo.
    Séamus

  • Éadóchasach

    Beag beann ar an gcéim atá agat, is léir ná fuil cur amach ró-chruinn ar ghramadach na Gaolainne agat: Is é deireadh an chomhfhocail a thugann a inscne dó agus is focal firinscneach é an focal ‘imeacht’. QED.

  • Galt

    imeacht nm3
    breatimeacht nm3
    an bhreatimeachta (ginideach)