Níl deireadh fós leis na cluichí ceannais contae agus cúig cinn mhóra againn an deireadh seachtaine seo. Dar ndóigh, chuir an rabhabh oráiste aimsire isteach ar chluiche ceannais an Chláir an Domhnach seo caite agus beidh sé sin á imirt ar an Luan. Cuireadh ceann Dhoire siar go dtí inniu agus tá trí chluiche ceannais eile le himirt idir inniu is amárach freisin.
I bPáirc Uí Nualláin, beidh seaimpíní reatha Chill Chainnigh, Gaeil Uí Lochlainn, i gcoinne seaimpíní idirmheánach an contae anuraidh, Baile Mhic Andáin. Dar ndóigh, níor tháinig deireadh le bliain Bhaile Mhic Andáin leis an gcraobh sin anuraidh mar chuadar ar aghaidh chun craobhacha an chúige agus na hÉireann a chur léi. Cinnte tá rith an rása leo i mbliana agus iad ag dul ó neart go neart agus iad lán de mhuinín. Coicís ó shin, bhí bua cuimsitheach acu ar Mhuileann an Bhata i gcluiche a bhí thart ag leath ama agus Baile Mhic Andáin aon chúilín déag chun tosaigh. Ocht bpointe dhéag, 1-27 i gcoinne 0-12, a bhí eatarthu ar deireadh.
Ach tá an taithí ag an leibhéal seo ag na Gaeil agus iad ag imirt a gceathrú cluiche ceannais ó 2021. Sa chluiche leathcheannais, bhíodar d’uireasa Mikey Butler agus Mark Bergin, a fuair cártaí dearga sa cluiche i gcoinne Bhaile Dic, ach fós tháinig siad slán. Fillfidh an bheirt amárach agus cuirfidh siad go mór leis na seaimpíní. Tá an Ciarraíoch Fionn Mackessy leo i mbliana chomh maith agus é an-fheiceálach sa chomórtas go dtí seo. Seasann an laoch contae Huw Lawlor ar imeall na cearnóige mar lánchúlaí agus a chomhghleacaí Paddy Deegan os a chomhair ag uimhir a sé. Ina dteannta, tá Jordan Molloy, Owen Wall agus Conor Heary a bhí ar phainéal na gCat nuair a dhíbir na Cláirínigh Cill Chainnigh ó Chraobh na hÉireann i rith an tsamhraidh. Foireann láidir atá acu, cinnte.
Ní féidir a rá go bhfuil an taithí ná an neart céanna ag Baile Mhic Andáin. Dar ndóigh, thosaigh John Donnelly i gcoinne an Chláir i mbliana agus tá roinnt Donnellys eile ar an bhfoireann atá lán de spiorad. Tá gaisce déanta acu an cluiche ceannais a bhaint amach ar an gcéad iarracht ón ardú céime a fháil agus éacht iontach a bhí ann buachan ar Bhaile Héil sa chluiche leathcheannais. An féidir leo gaisce eile a dhéanamh amárach ? N’fheadar faoi sin.
Curaidh na bliana seo caite atá ag iarriadh a gcraobh a chosaint i Luimneach chomh maith agus Na Piarsaigh ag iarraidh a dtríú craobh as a chéile a bhuachan amárach. Dún Bleisce atá ag iarraidh teacht aniar aduaidh orthu chun a gcéad chraobh a bhuachan agus beidh roinnt mhaith réaltaí idirchontae le feiceáil ag imirt ar Pháirc na nGael.
Cosúil le Gaeil Uí Lochlainn, tá i bhfad níos mó taithí ag na Piarsaigh. Ó bhuadar a gcéad chraobh in 2011, tá seacht gcinn eile curtha léi acu agus dhá chluiche ceannais eile caillte. Le leithéidí Shane Dowling sa chúl, Mike Casey mar lánchúlaí, Will O’Donoghue sa líne leathchúil agus leaids ar chumas Ronan Lynch, Conor agus John Boylan agus Kevin Downes acu, tá an-taithí agus neart sa bhfoireann.
Tá imreoirí aitheanta ag Dún Bleisce freisin áfach, leithéidí Barry Murphy, Pat Ryan, Adam agus Richie English, Darragh O’Donovan agus imreoir mór, cumasach ag uimhir a ceathair déag, sin é, Kevin Maher.
Tá fear ábalta, Derek McGrath, iarbhainisteoir Phort Láirge, ar an taobhlíne acu chomh maith. Tá siad ag feabhsú de réir a chéile le blianta beaga anuas ach tá siad fós ag fanacht leis an chraobh a bhaint agus cluichí ceannais caillte acu i gcoinne na bPiarsach in 2018 agus 2020. B’fhéidir gurb é amárach an lá a athróidh rudaí. Mar bhónas, más bónas é, beidh na buaiteoirí amuigh an Domhnach seo chugainn ar an bpáirc chéanna agus Baile Gunnair mar fhreasúra acu.
San ardchathair, tá curaidh na bliana seo caite arís sa chluiche ceannais. Seo í an ceathrú bhliain as a chéile ag Na Fianna a bheith ag imirt sa chluiche mór i mBaile Átha Cliath agus Cill Mochuda Na Crócaigh chun aghaidh a thabhairt orthu.
Chaill peileadóirí na gCrócach an Domhnach seo caite ach is dócha nach gcuirfidh sé sin isteach ar na hiománaithe agus gan imreoir ar bith á roinnt ag an dá fhoireann.
Beidh cath ceart sa cheann seo agus na Crócaigh ag iarraidh an chraobh a bhuadar in 2021 agus 2022, i gcoinne na bhFianna mar a tharla sé, a bhuachan arís.
Mar fhocal scoir, caithfidh mé tréaslú arís an tseachtain seo leis an chlub ar leith sin, Luachma Caisleán Laighnigh a thóg leo an corn sinsir peile i dTiobraid Árann chun cur leis an cheann iomána a bhí buaite acu an tseachtain roimhe sin. Murab ionann is Cill Mochuda, bhí dornán maith imreoirí a d’imir sa dá chluiche ceannais. Is éacht é sin san lá atá inniu ann. Sin an tríú huair go bhfuil an dá chraobh buaite acu le haon bhliain déag anuas.
Fág freagra ar 'Súil ag Gaeil Uí Lochlainn, na Piarsaigh agus na Fianna greim a choinneáil ar a gcoirn'