Suas le 40 moladh sa chéad dréachtphlean teanga do limistéar lasmuigh den Ghaeltacht

Deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltacht go bhfuil dréachtphlean teanga do Ghaillimh á bhreithniú ag oifigigh a Roinne

Suas le 40 moladh sa chéad dréachtphlean teanga do limistéar lasmuigh den Ghaeltacht

Tá an chéad dréachtphlean teanga a ullmhaíodh faoi scáth Acht na Gaeltachta do limistéir lasmuigh den Ghaeltacht curtha faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. 

Dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta neamhspleách Catherine Connolly go bhfuil dréachtphlean teanga do chathair na Gaillimhe mar ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’ faoi Acht na Gaeltachta curtha faoi bhráid a Roinne agus go bhfuil sé á bhreithniú ag oifigigh na Roinne faoi láthair.

An eagraíocht Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an gComhairle Cathrach a d’ullmhaigh an plean do chathair na Gaillimhe. Fostaíodh saineolaithe ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh le comhairle a chur ar fáil in ullmhú an dréachtphlean. 

Cuireadh an dréachtphlean chuig Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana agus chuir an Foras faoi bhráid na Roinne é ar an 24 Deireadh Fómhair. Foras na Gaeilge a bheidh freagrach as maoiniú a sholáthar d’fheidhmiú an phlean teanga nuair a bheidh sé faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil beagnach dhá scór moladh déanta sa dréachtphlean maidir le cur chun cinn na teanga sa chathair. Tá na moltaí sin roinnte i réimsí éagsúla, ina measc tuismitheoirí agus an óige, gnó agus teicneolaíocht, seirbhísí poiblí agus na healaíona. 

Tuigtear freisin go moltar sa phlean go gceapfaí ar a laghad oifigeach pleanála teanga amháin do chathair na Gaillimhe leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Bhí an tAire Stáit Kyne i láthair i dTrá Lí, contae Chiarraí ar an Aoine seo caite nuair a seoladh próiseas comhairliúcháin poiblí do phlean teanga bhaile Thrá Lí. Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí atá ceaptha mar cheanneagraíocht chun an plean teanga sin a chur le chéile agus iad ag obair i gcomhar le Coiste Comhairleach, ar a bhfuil ionadaithe ó réimse leathan eagraíochtaí agus grúpaí atá ag feidhmiú i dTrá Lí. 

Beidh siad ag dul i gcomhar le muintir Thrá Lí idir seo agus mí Feabhra 2020 chun tuairimí agus moltaí a fháil agus chun taighde a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le saol na Gaeilge i dTrá Lí. Dúirt lucht ullmhaithe an phlean go raibh trí phríomhaidhm acu – breis deiseanna a chruthú do dhaoine le cur lena gcumas sa Ghaeilge agus deiseanna a chruthú leis an teanga a úsáid ina saol laethúil chomh maith le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú ar an mbaile.

Sheol an tAire Kyne plean teanga do cheantar Chiarraí Theas le linn cuairte ar Uíbh Ráthach ag an deireadh seachtaine freisin. Tá Victor Bayda, arb as an Rúis dó, fostaithe ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh mar oifigeach peanála teanga leis an bplean a chur i bhfeidhm. 

Fág freagra ar 'Suas le 40 moladh sa chéad dréachtphlean teanga do limistéar lasmuigh den Ghaeltacht'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá súil ó Dhia agam go gcuirfear na 40 moltaí seo i bhfeidhm ach, mar a deir muid i gCailifeoirnia, ‘ní choinneoidh mé an anáil istigh’