Suas le 160 Gaeilgeoirí líofa á lorg ag an nGarda Síochána

Caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge rud a fhágann go mbeidh suas le 160 Gaeilgeoir á lorg ag an nGarda Síochána sa dá bhliain amach romhainn

Suas le 160 Gaeilgeoirí líofa á lorg ag an nGarda Síochána

Cuirfear áit ar leataobh do 160 Gaeilgeoir líofa sa bhabhta earcaíochta is déanaí sa Gharda Síochána.

De réir socruithe a rinneadh leis an Choimisinéir Teanga caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge rud a fhágann go mbeidh suas le 160 Gaeilgeoir á lorg ag an Gharda Síochána sa dá bhliain amach romhainn.

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan, inné go mbeidh 1,600 Garda nua á n-earcú as seo go ceann dhá bliain chun folúntais a líonadh agus chun cur le líon na nGardaí san fhórsa.

Nuair a tháinig sé chun solais in 2014 nach raibh Gaeilge ag ochtar den naonúr Gardaí a bhí lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, rinne t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin socrú go gcuirfeadh an Garda Síochána áiteanna ar leataobh feasta do Ghaeilgeoirí líofa.

Sárú a bhí san easpa Gaeilgeoirí i measc bhaill foirne na nGardaí i nGaoth Dobhair ar Acht an Gharda Síochána 2005. Éilítear san Acht sin go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Gardaí a mbeadh plé acu le daoine sa Ghaeltacht.

Sa leabhrán eolais a bhaineann leis an bhabhta earcaíochta is déanaí, deirtear go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána agus an eagraíocht féin “tiomanta go hiomlán” dá gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go bhfuil “lúcháir” ar an Choimisinéir go mbeidh sruth speisialta ann do chainteoirí líofa Gaeilge.

De réir an fhógra, beidh ar iarrthóirí a bhfuil spéis sa sruth Gaeilge scrúduithe labhartha agus scríofa a dhéanamh le léiriú go bhfuil siad líofa sa teanga agus go mbeadh siad in ann “réimse seirbhísí leathan” a chur ar fáil i nGaeilge.

Cuirfear iarrthóirí shruth na Gaeilge a n-éiríonn leo sa bhabhta earcaíochta chun na Gaeltachta ar feadh tréimhse.

Tá go dtí an 6 Meitheamh ag iarrthóirí cur isteach ar na folúntais seo.

Fág freagra ar 'Suas le 160 Gaeilgeoirí líofa á lorg ag an nGarda Síochána'

  • Seán Mac Gearailt

    An mbeidh na leabhair, na léachtaí agus an cúrsa oilúna as Gaeilge fosta?

  • Pól Réamonn

    Más glacann muid a gcuid taifead chun coirpigh a aimsiú mar aon chomhartha, cuardach fada agus gan toradh a bheidh ann.