‘Strus’ ar 80% de lucht earnáil na Gaeilge de bharr an bhrú a bhaineann le cuma na hoibre a chur ort féin

Léiríonn suirbhé atá déanta ag Ar Son na Cúise an fhírinne lom faoin lorg uafásach atá á fhágáil ag an bpaindéim ar lucht earnáil na teanga atá ag déanamh tada ón mbaile ó thús na ráige

‘Strus’ ar 80% de lucht earnáil na Gaeilge de bharr an bhrú a bhaineann le cuma na hoibre a chur ort féin

Deir 80% de lucht earnáil na Gaeilge go bhfuil “strus” agus “imní” orthu de bharr na ndúshlán a bhaineann le cuma na hoibre a chur ort féin nuair atá tú ag déanamh tada ón mbaile seachas ón oifig.

Léiríonn suirbhé atá déanta ag Ar Son na Cúise an fhírinne lom faoin lorg uafásach atá á fhágáil ag an bpaindéim ar lucht earnáil na teanga atá ag déanamh tada ón mbaile ó thús na ráige.

Tuairiscíodh roimhe seo ar Ar Son na Cúise go raibh ag éirí go hiontach le lucht na hearnála agus iad ag déanamh tada ón mbaile seachas san oifig, ach dealraíonn sé go bhfuil an ghéarchéim ag luí go trom orthu faoin tráth seo.

97.7% de lucht earnáil na Gaeilge a thug le fios go bhfuil sé i bhfad níos crua cuma na hoibre a chur ort féin nuair atá tú ag déanamh tada ón mbaile seachas san oifig. 

Bhí an 2.3% eile róghnóthach ag déanamh tada ón mbaile chun an cheist a fhreagairt.

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé leis an imní atá ar dhaoine san earnáil go bhfuil an baol ann go ngéillfidh an dream is leochailí ina measc don chathú rud éigin a dhéanamh.

Is amhlaidh go bhfuil lucht na hearnála anois ag impí ar a chéile an fód a sheasamh agus gan tada a dhéanamh ag an mbaile sna laethanta amach romhainn.

Tá sé ina imní freisin go bhfuil an nuacht imithe as a bheith ag déanamh tada ón mbaile seachas a bheith ag déanamh tada san oifig agus go bhfuil an baol ann dá bharr go dtiocfaidh róbhrú as seo go ceann cúpla lá ar an gcóras faoina ndéantar tada agus go dteipfidh ar fad air.

De réir réamh-mheastachán na saineolaithe bainfidh lucht na hearnála buaic a ndíomhaointis amach faoi lár na seachtaine seo chugainn, tráth a dtiocfaidh brú as cuimse orthu cuma na hoibre a chur orthu féin, nó rud éigin a dhéanamh fiú.

Dúirt foinse shinsearach amháin san earnáil, a ghlac sos beag ó bheith ag déanamh tada ón mbaile chun labhairt le Ar Son na Cúise, gurb iad an cúpla seachtain seo romhainn na laethanta is cinniúnaí ar fad sa ghéarchéim.

“Tuigimid a dheacra is atá sé tada a dhéanamh ón mbaile agus molaimid go mór na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag daoine tada a dhéanamh ar mhaithe leis an earnáil ar fad. 

“Ach is údar imní dúinn na scéalta go bhfuil daoine atá in ainm is a bheith ag déanamh tada ón mbaile ag éirí bréan de na srianta agus ag cur corrtvúit ‘spreagúil’ amach idir dhá bhoxset, nó ag déanamh corrmholadh nó, go bhfóire Dia orainn, ag dul ag méiseáil le físchomhdhálacha nó ag déanamh ráiteas faoi nithe nach dtuigeann siad, i nGaeilge nach dtuigeann aon duine.”

“Ní foláir do na daoine sin smaoineamh, dá dhíomhaoine is atá aon duine againn is ag brath ar an duine is díomhaoine ar fad againn atáimid.”

Fág freagra ar '‘Strus’ ar 80% de lucht earnáil na Gaeilge de bharr an bhrú a bhaineann le cuma na hoibre a chur ort féin'