Stormont i sáinn pholaitiúil agus fógra déanta ag Givan go bhfuil sé ag éirí as

Dúirt Paul Givan go mbeadh sé ag éirí as a chúram mar Chéad-Aire ag meán oíche anocht

Stormont i sáinn pholaitiúil agus fógra déanta ag Givan go bhfuil sé ag éirí as

Tá sé fógartha ag Paul Givan an DUP tráthnóna go bhfuil ag éirí as a phost mar Chéad-Aire i dTionól Stormont.

Dúirt Givan go mbeadh sé ag éirí as a chúram ag meán oíche anocht, cinneadh a chothóidh imní faoina bhfuil i ndán do roinnt na cumhachta.

Pribhléid a shaoil a bhí ann a bheith ina Chéad-Aire, a dúirt sé.

Dúirt sé gur minic gur bhraith sé “ualach trom” air féin agus é ag iarraidh “an rud ceart” a dhéanamh don uile dhuine. Mhaígh sé go raibh a chroí i ndílárú na cumhachta ach go raibh “tástáil” á cur ag an bprótacal Breatimeachta ar institiúidí Stormont agus ar an “cothromaíocht chigilteach” a chothaigh Comhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn.

Nuair a éireoidh Givan as ní bheidh an Feidhmeannas ábalta cinneadh ar bith a dhéanamh faoi aon pholasaí úr.

Is cuid d’agóid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (DUP) in aghaidh Phrótacal Thuaisceart Éireann beart seo Givan.

Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann Brandon Lewis gur “údar mór imní” dó cinneadh Givan agus an DUP agus d’impigh sé air dul siar ar an gcinneadh “láithreach” chun go mbeadh an Feidhmeannas in ann freastal ar an bpobal.

Dúirt sé go raibh sé mar thosaíocht ag Rialtas na Breataine go mbeadh Feidhmeannas láidir i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.

“Ní féidir linn filleadh ar an tsáinn pholaitiúil agus ar an marbhántacht,” a dúirt Lewis.

Dúirt sé go raibh sé soiléir go raibh an Prótacal ag cruthú fadhbanna móra ach go raibh Rialtas na Breataine meáite ar na fadhbanna sin a réiteach agus Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint.

Agus Givan ag éirí as an gCéad-Aireacht, beidh Michelle O’Neill, an LeasChéad-Aire, í féin as a post. Is oifig nó cúram roinnte idir an an bheirt airí iad an leaschéad-aireacht agus an chéad-aireacht agus ní cheadaítear do dhuine fanacht in oifig má éiríonn an duine eile as an bpost.

Féadfaidh na hairí eile fanacht ina bpoist i gceannas ar na ranna éagsúla ach ní féidir leo aon chinneadh úr a dhéanamh.

Fágann éirí as Givan nach mbeidh ar chumas Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann feidhmiú i gceart. Is faoi chathaoirleach an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a thagann an Feidhmeannas le chéile agus dá n-uireasa ní bheifear ábalta aon chruinniú a reáchtáil.

Tá an DUP ag áitiú go bhfuil an bonn á bhaint de stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe ag an bprótacal mar nach ionann a chaitear leis na sé chontae agus a chaitear leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

Ocht mí ó shin, mí an Mheithimh 2021, a ceapadh Paul Givan ina Chéad-Aire, tráth a raibh cúrsaí sách corrach sa DUP.

Fág freagra ar 'Stormont i sáinn pholaitiúil agus fógra déanta ag Givan go bhfuil sé ag éirí as'

  • An Teanga Bheo

    Ríocht easaontaithe na Breataine i bponc arist agus iad ag eirí as a chéile i Westminster.