Státseirbhísigh le foghlaim faoi chearta teanga ar chúrsaí sa tseirbhís do chustaiméirí

Tá sé i gceist go mbeadh gné na feasachta teanga á cur le tuilleadh cúrsaí de chuid OneLearning amach anseo

Státseirbhísigh le foghlaim faoi chearta teanga ar chúrsaí sa tseirbhís do chustaiméirí

Beidh státseirbhísigh ag foghlaim faoi chearta teanga feasta agus iad ag freastal ar chúrsaí sa tseirbhís do chustaiméirí agus ar chúrsaí do bhainisteoirí sóisearacha.

Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí a shocraigh go mbeadh an fheasacht teanga mar chuid de na cúrsaí seo a bhíonn á reáchtáil ag OneLearning, aonad foghlama agus forbartha na Státseirbhíse.

Tá sé i gceist go mbeadh gné na feasachta teanga á cur le tuilleadh cúrsaí de chuid OneLearning amach anseo.

Mar chuid den phlean atá acu chun feidhm a thabhairt don reachtaíocht teanga nua, tá sé i gceist ag an dá roinn cur le líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge laistigh den státchóras chomh maith “le níos mó feasachta a chruthú ar an teanga i gcoitinne”.

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta, Patrick Donovan sa Dáil go bhfuil beartaithe “feachtas feasachta mór” a reáchtáil sa chéad leath den bhliain i mbliana “ag díriú ar na deiseanna fostaíochta atá ann dóibh siúd le Gaeilge sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí”.

Tá sé mar phríomhsprioc ag an reachtaíocht teanga nua gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

De réir figiúirí a foilsíodh an fómhar seo caite ní gá Gaeilge a bheith ag duine ach do 0.4% de phostanna na státseirbhíse.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, atá bunaithe faoin reachtaíocht nua, atá freagrach as Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a ullmhú.

Tá go dtí Meitheamh 2024 ag an gcoiste nua chun an plean sin a ullmhú.

Mar chuid den phlean níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos chomh maith faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.

Fuair Ollscoil na Gaillimhe conradh bliana €325,000 chun taighde a dhéanamh faoi na laigí sa soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus déanfaidh siad moltaí faoi conas na bearnaí sa soláthar sin a líonadh.

Beidh orthu taighde agus moltaí a dhéanamh chomh maith a chabhróidh lena chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre oifigí an stáit sa Ghaeltacht. Beidh taighde le déanamh chomh maith faoi líon na ndaoine san earnáil phoiblí a bhfuil Gaeilge acu. Déanfar moltaí freisin maidir le hearcú daoine a bhfuil  Gaeilge acu.

Dúirt Aite Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan go raibh dóchas aige go n-éireodh leis an rialtas na spriocanna earcaíochta don Ghaeilge a bhaint amach.

“Leis an obair uile a dhéanfar maidir le cur i bhfeidhm an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Idir é seo uilig, táim an-dóchasach gur féidir an sprioc seo a bhaint amach.”

Fág freagra ar 'Státseirbhísigh le foghlaim faoi chearta teanga ar chúrsaí sa tseirbhís do chustaiméirí'

  • Mac Billings/Billie Dónall Mór

    ????? ????????????????? ??????????????????????????????

    Cinsearacht 2023 ?????????????????????????????????????

  • Mac Billings/Bilie Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    ‘Státseirbhísigh le foghlaim faoi chearta teanga ar chúrsaí sa tseirbhís do chustaiméirí’
    Scéal grinn eile ón ‘Chóras’

    Scríobh litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Labhair í agus mairfidh sí .

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************