Stáit Dheighilte Mheiriceá – Trump ag déanamh raic de réir a bhriathair

Tá na scórtha ordú feidhmiúcháin sínithe ag Trump le coicís anuas, cuid acu níos conspóidí ná a chéile

Stáit Dheighilte Mheiriceá – Trump ag déanamh raic de réir a bhriathair

Stáit Aontaithe Trump? Níl sé ach coicís ó insealbhaíodh é ach tá cur chuige an Uachtaráin ag cothú na corraíola a bhí á tuar ó toghadh é.

Tá na scórtha ordú feidhmiúcháin sínithe ag Trump le coicís anuas, cuid acu níos conspóidí ná a chéile.

Tá Ard-Aighní in go leor de na Stáit ag tabhairt dúshlán in aghaidh na n-orduithe agus an tuairim ann gur ag an gCúirt Uachtarach a bheidh an focal deiridh ar na ceisteanna áirithe sin.

Glactar leis, mar shampla go mbeidh leasú bunreachtúil ag teastáil leis an riail faoi shaoránacht do pháistí a shaolaítear sna Stáit Aontaithe a chur ar ceal, riail atá i bhfeidhm ó 1868 faoin gceathrú leasú dhéag ar an mBunreacht. Is ar an 19 Feabhra a thiocfaidh an t-ordú áirithe sin i bhfeidhm agus beidh le feiceáil an mbeidh an Chúirt Uachtarach reatha a bhíonn ag maíomh as an gcosaint a thugann siad don Bhunreacht sásta drannadh leis an leasú áirithe sin le polasaí Trump a chur i bhfeidhm.

Idir an dá linn tá fógra scoir – nó tairiscint éirí as – tugtha d’oibrithe rialtais agus pacáiste iomarcaíochta tairgthe dóibh arb ionn é agus ocht mí tuarastail. Seo iarracht ag Trump an líon daoine atá fostaithe ag an rialtas láir a laghdú go sonrach agus cur le héifeachtúlacht na seirbhíse poiblí ar mhaithe leis an mana ‘Drain the Swamp’ a chur i gcrích. Tuairiscítear an cur chuige a bheith bunaithe ar stíl bhainistíochta Elon Musk a bhfuil lorg a láimhe ar go leor dá ndéanann Trump.

Fuair na fostaithe seo a gcuid fógraí scoir roinnt uaireanta an chloig tar éis an chinnidh deireadh a chur le híocaíochtaí ón rialtas feidearálach ar nós Medicaid, íocaíochtaí d’easláin agus íocaíochtaí dífhostaíochta. An aidhm a bhí leis an ordú na trilliúin dollar a shábháil don státchiste. Cuireadh stop trí na cúirteanna le teacht i bhfeidhm an ordaithe sin agus tá sé ar fionraí anois. Beidh lá eile aige sna cúirteanna go cinnte.

Maíonn an Teach Bán gur ar chistí a bhí á gcaitheamh ar chúrsaí aeráide agus comhionannais, eagraíochtaí neamhrialtais a bhí an t-ordú dírithe mar chuid d’iniúchadh ar chaiteachas feidearálach.

Bhí laghdú ar chaiteachas i gcroílár fheachtas Trump ach ar shamhlaigh na daoine bochta a bhí ag vótáil dó trí mhí ó shin gur ar a gcuid árachais sláinte agus íocaíochtaí dífhostaíochta féin a bheifí ag díriú?

Idir an dá linn, tá na mílte dá ngabháil in aghaidh an lae i gcathracha ar fud na Stát Aontaithe agus dá ndíbirt as an tír. Tá na cúirteanna ar a mbionda ag éisteacht cásanna ar an ábhar sin freisin.

Cuirtear an-bhéim i bpoblacht ar bith ar scaradh na gcumhachtaí idir an feidhmeannas agus na breithiúna. Tá castacht i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe mar gur gnáthnós ag Uachtarán breitheamh atá ar aon dul leis féin go polaitiúil a ainmniú. Is é Trump a d’ainmnigh triúr de na breithiúna atá ar an gCúirt Uachtarach faoi láthair agus an cháil orthu go bhfuil siad caomhach faoi chúrsaí sóisialta ach thar a bheith dílis do bhunbhrí an Bhunreachta.

Bíodh nó ná bíodh breathnaíonn sé gur ar a gceann a thitfidh sé go leor de na cinntí a theastaíonn ó Trump a chur i bhfeidhm, a fhaomhadh nó diúltú dóibh. Beidh siad gnóthach. Agus idir an dá linn is deighilte ná riamh a bheidh Stáit Aontaithe Trump.

Fág freagra ar 'Stáit Dheighilte Mheiriceá – Trump ag déanamh raic de réir a bhriathair'