Tá fadliosta do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025 fógartha agus ceithre leabhar Gaeilge i measc na 19 leabhar atá ainmnithe ar an liosta.
Is iad na leabhair Ghaeilge atá ar an bhfadliosta ná Éanna Corr le Antain Mac Lochlainn, Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy, Na Trí Mhuicín le Áine Ní Ghlinn agus Paddy Donnelly, agus Bearradh Gruaige d’Eoinín le Muireann Ní Chíobháin agus Róisín Hahessy.
Chuir Darach Ó Scolaí, Stiúrthóir agus bunaitheoir Leabhar Breac, a d’fhoilsigh Éanna Corr le Antain Mac Lochlainn, fáilte roimh an scéala.
“Tá ríméad orainn go bhfuil an t-úrscéal Éanna Corr le hAntain Mac Lochlainn ainmnithe do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann. Úrscéal do dhéagóirí is ea Éanna Corr, úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol. Guímid gach rath ar Antain Mac Lochlainn.”
Úrscéal eile do dhéagóirí é an leabhar Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy. Foilsithe ag LeabharCOMHAR is é seo an tríú leabhar sa tsraith.
San eagrán is deireanaí seo den scéal tá Emily ag filleadh ar an nGaeltacht arís, ach mar fhostaí an uair seo.
D’fháiltigh an scríbhneoir Richie Conroy roimh an ainmniúchán dá leabhar, Caillte agus Aimsithe.
“Is aistear fada é ó pheann an scríbhneora go glac an léitheora agus táim an-bhródúil go bhfuil ár leabhar ar an liosta seo i measc na leabhar is fearr a foilsíodh le bliain anuas.
“Tá an t-uafás oibre i gceist le foilsiú leabhair. Is aitheantas é seo don fhoireann uile. Don Conroy, a rinne na léaráidí, na heagarthóirí, an dearthóir, gach duine i LeabharCOMHAR, clódóirí CL Print agus iadsan a oibríonn sna leabharlanna agus sna siopaí leabhar ar fud na tíre a chuireann an leabhar i nglac an léitheora.”
Tá dhá phictiúrleabhar san áireamh ar an liosta do na gradaim agus is iad Futa Fata, teach foilsitheoireachta sa Spidéal, a d’fhoilsigh an péire acu. Athinsint i bhfoirm véarsaíochta ar an síscéal clasaiceach é Na Trí Mhuicín le Áine Ní Ghlinn agus é maisithe ag Paddy Donnelly. Ghnóthaigh an leabhar Gradam Réics Carló 2024 i nGradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge. Ag scríobh faoin leabhar dúirt moltóirí an Oireachtais gur ‘athinsint fhileata cheolmhar’ a bhí ann agus an greann go smior ann.
Do léitheoirí an-óg atá an pictiúrleabhar eile atá ar an liosta do ghradaim leabhar pháistí Éireann i mbliana. Leabhar cairtchláir é Bearradh Gruaige d’Eoinín le Muireann Ní Chíobháin agus é maisithe ag Róisín Hahessy. Seo é an tríú leabhar sa tsraith ‘Eoinín’, ina leantar eachtraí uainín óg agus é ag déanamh a bhealaigh sa saol.
Bhí 169 leabhar istigh ar Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann i mbliana agus as na leabhair sin tá 19 leabhar roghnaithe don fhadliosta.
Tá Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann (ar a dtugtaí Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann/Gradaim Leabhar na Bliana Bisto tráth) á reáchtáil ó 1990 i leith agus is iad sin na príomhghradaim do leabhair do pháistí in Éirinn. Reáchtálann Leabhair Pháistí Éireann na gradaim ar bhonn bliantúil d’údair and do mhaisitheoirí a rugadh in Éirinn, atá ina gcónaí in Éirinn nó ar saoránaigh Éireannacha iad, agus tá na gradaim ann do leabhair Ghaeilge agus Bhéarla.
Fógrófar gearrliosta na ngradam i mbliana ag ócáid sa Crescent Arts Centre i mBéal Feirste ar an 5 Feabhra agus fógrófar buaiteoirí na ngradam ag ócáid i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine.
Fág freagra ar 'Ceithre leabhar Gaeilge ar liosta Ghradaim KPMG'