Stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Tá rúin maidir le hÉirinn Aontaithe, cúrsaí oideachais, cúrsaí infheistíochta agus cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an Aonach

Stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Tá sé in am do Chonradh na Gaeilge machnamh a dhéanamh ar an stádas a bheadh ag an nGaeilge in Éirinn Aontaithe chun seasamh aontaithe maidir leis an gceist a ghlacadh.

Sin atá á mholadh i gceann de na rúin a phléifear ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo agus moltaí á ndéanamh ag baill na heagraíochta maidir leis an obair ba cheart di díriú uirthi sa todhchaí.

Chomh maith le ceist na teanga in Éirinn Aontaithe, tá rún eile le plé a mholann go n-iarrfaí ar an Rialtas iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhainfeadh “le tiontú iomlán” go dtí an Cló Gaelach.

Anocht a chuirfear tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge 2023, atá á reáchtáil ar an Aonach i dTiobraid Árainn, agus maidin amárach a phléifear rúin na bliana seo.

An Líonra Gaeilge, craobh de chuid Chonradh na Gaeilge, atá ag moladh gur cheart tús a chur le réamhobair maidir le seasamh an Chonartha ar cheist na Gaeilge in Éirinn Aontaithe. Táthar ag moladh coiste a bhunú le tuarascáil a réiteach ina leagfaí amach seasamh reatha na Gaeilge sa dlí ó thuaidh agus ó dheas, comparáidí idir Éire agus tíortha dátheangacha eile agus dreáchtfhoráil bhunreachta i dtaobh cúrsaí teanga a réiteach.

Moltar go mbeadh an tuarascáil sin réidh in am d’Ard-Fheis 2024 ionas go mbeadh “ar chumas an Chonartha seasamh aontaithe soiléir a thógaint ar cheist seo na Gaeilge sa phlé náisiúnta atá ar siúl i dtaobh athaontaithe”.

Craobh Bhéal an Átha Mhóir atá ag moladh go n-iarrfaí ar an Rialtas iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na deacrachtaí a bhainfeadh “le tiontú iomlán go dtí an Cló Gaelach sa chóras oideachais is foilsitheoireachta, na meáin, comharthaíocht agus araile” agus go lorgófaí tuairimí an phobail maidir leis an chló sin a chur in úsáid arís.

Tá Craobh Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ag iarraidh go gcuirfí feachtas ar bun chun daoine a spreagadh le sloinne Gaeilge a úsáid agus tá An Ard-Chraobh ag iarraidh go bhfreastalódh Conradh na Gaeilge ar mhórshiúl amháin ar a laghad de chuid Bród gach bliain mar aitheantas den obair atá déanta ag an bpobal LADT+ maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail sin.

Pléifear beagnach trí scór rún ar fad ag Ard-Fheis 2023 agus cuid mhaith acu bainteach le hábhair atá ag déanamh imní do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le fada, cúrsaí oideachais, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí maoinithe ina measc.

Tá plean infheistíochta nua le seoladh ag Conradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis agus tá Uachtarán an Chonartha ag iarraidh go n-eagrófaí “feachtas uileghabhálach” bunaithe ar an bplean “le cothrom na Féinne a bhaint amach do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Deir Paula Melvin nach gcaitear ach idir 0.13% agus 0.17% de chaiteachas an stáit ó dheas ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta agus gur idir 0.02% agus 0.08% atá i gceist ó thuaidh.

I rún eile in ainm Melvin, deir sí go bhfuil éigeandáil ann i dtaobh na Gaeilge sa chóras oideachais i láthair na huaire agus fadhbanna ann le córas na ndíolúintí, le sonraíochtaí nua agus eile.

Tá Melvin ag moladh gur cheart a éileamh ar an Aire Oideachais an éigeandáil a aithint agus glacadh leis na moltaí atá mar chuid den fheachtas Gaeilge4All atá forbartha ag Conradh na Gaeilge.

Tá craobh Ghaelphobal Ard Mhacha Theas ag iarraidh go n-éileofaí ar an Fheidhmeannas ó thuaidh, nó ar Rialtas na Breataine mura mbíonn aon Fheidhmeannas ann, Acht Gaelscolaíochta a thabhairt isteach a dhéanfaidh “sainriachtanais na hearnála a aithint go soiléir sa dlí”.

Tá Craobh Ghleann an Iolair freisin ag iarraidh go n-eagrófaí feachtas leis an Ghaeilge a thabhairt isteach mar ábhar roghnach i mbunscoileanna Béarla ó thuaidh agus go lorgófaí maoiniú le cúntóirí teanga lánaimseartha a thabhairt isteach i scoileanna Béarla chun an Ghaeilge a theagasc.

Ó dheas, tá Coiste Ceantair Átha Cliath ag iarraidh go ndéanfaí na coláistí oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge bunscoile agus meánscoile a athbhunú “le go n-ardófar caighdeán múinteoireachta na teanga”.

Maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta, molann Craobh Chairde an Chlub gur chóir do Chonradh na Gaeilge tosú ar thithe a thógáil sa Ghaeltacht agus iad a dhíol ar phraghas an chostais le muintir na Gaeltachta chun cabhrú le buanú na bpobal Gaeltachta.

Tá Gaelphobal Thamhlachta ag éileamh go leithdháilfí cuid áirithe d’fhorbairt tithíochta an stáit ar Ghaeilgeoirí agus ar theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge “chun lonnaíochtaí lán-Ghaeilge nua a éascú agus a chruthú i mbailte is i gcathracha na tíre”.

Toghfar uachtarán reatha an Chonartha, Paula Melvin ina huachtarán arís mar níl aon iarrthóir eile ag seasamh ina coinne. Toghadh Melvin ina huachtarán den chéad uair anuraidh.

Fág freagra ar 'Stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'