Stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí i dTuaisceart Éireann á lorg ag TG4

Tá TG4 ag lorg áit níos feiceálaí ar an Ardán Freeview sa Tuaisceart

Stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí i dTuaisceart Éireann á lorg ag TG4

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá obair ar bun chun stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí i dTuaisceart Éireann a bhaint amach do TG4, mar atá ag S4C sa Bhreatain Bheag agus ag BBC Alba in Albain.

Is faoi Rialtas na Breataine atá sé an stádas a bhronnadh ar TG4.

Tá an stádas á lorg ag TG4 chun áit níos feiceálaí ar Ardán Freeview i dTuaisceart Éireann. Táthar ag iarraidh go mbogfaí an cainéal ón áit atá acu faoi láthair ar chainéal 52 go dtí cainéal 8.

Thug Digital UK, a chuireann Freeview ar fáil, le fios do TG4 gurb í an Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt sa Bhreatain atá freagrach as a leithéid d’ainmniúchán. Is féidir leis an Rúnaí Stáit cainéil a chur le liosta na gcainéal seirbhíse poiblí le hOrdú Reachtúil.

Tá TG4 anois chun dul i gcomhairle leis an Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt sa Bhreatain sa bhliain nua in iarracht stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí a bhaint amach.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile, go mbeadh sé i dteagmháil lena chomhghleacaithe sna sé chontae chun cás TG4 a chur chun cinn.

Dúirt Ó Donnghaile go raibh sé tábhachtach go mbeadh sé níos éasca teacht ar an stáisiún Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

“Tá lucht féachana iontach mór ag TG4 sna sé chontae, tá’s agam sin ó bheith mar chuid den phobal Gaelach. Fiú daoine nach bhfuil Gaeilge acu, molann siad na cláracha faisnéise agus a leithéid.

“Is féidir le TG4 mar stáisiún cur leis an lucht féachana atá acu faoi láthair má dhéanann siad níos mó oibre agus má dhéanann sé níos éasca do dhaoine idirghníomhú a dhéanamh leo.”

Dúirt Ó Donnghaile gur léiriú eile a bhí sa scéal ar na fadhbanna a bhíonn ag muintir an Tuaiscirt teacht ar ábhar a chraoltar ó dheas den teorainn.

“Sílim go gcaithfear a leithéid seo, an bac atá ar dhaoine sna sé chontae dul isteach ar chomórtais RTÉ agus an fhadhb níos ginearálta atá ann ó thaobh geoblocking, sílim go bhfuil orainn dearcadh níos leithne a bheith againn chun na neamhréireanna seo atá ag teacht chun cinn an t-am ar fad a réiteach.”

Fág freagra ar 'Stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí i dTuaisceart Éireann á lorg ag TG4'

  • S. Mac Muirí

    Iontach dearcach. Is maith liom an chéim chun tosaigh seo.

  • Concubhar

    Más maith is mithid. Tugadh geallúint go mbeadh rochtain nios forleithne agus níos éasca ar TG4 i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ní raibh geo-blocáil san áireamh ag an uair sin, ní doigh liom go raibh sé fiú indéanta. Tá sé in am fáil reidh leis an dteorainn digiteach atá tagtha chun tosaigh in ainneoin na geallúintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta. Tá cuid mhaith den locht faoi seo ar na pairtithe polatúla, thuaidh agus theas, a lig na máidí le sruth ar na ceisteanna seo, páirtí Niall Ó Donnghaile san áireamh.