Stad curtha gan choinne le hobair forbartha i gcúig ghaelscoil

Bhí an obair thógála in ainm is a bheith ag dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus na tógála, ach fuair beagnach trí scór scoil scéal ón Roinn go raibh stad curtha leis an bpróiseas mar gheall ar bhrú airgid

Stad curtha gan choinne le hobair forbartha i gcúig ghaelscoil

Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnacha

Tá cúig Ghaelscoil i measc 58 scoil ina bhfuil stad curtha le hobair thógála ag an Roinn Oideachais.

Is iad na scoileanna a bhfuil stop curtha lena bhforbairt, Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac i mBaile Átha Cliath, Gaelscoil Lir i dTeach Sagard in iarthar na hardchathrach, Gaelscoil na gCeithre Máistrí i mBaile Dhún na nGall, Gaelscoil an Inbhir Mhóir i gCill Mhantáin agus agus Gaelscoil Eois i gCluain Eois.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnacha, pátrún na scoileanna, go raibh “an-díomá” orthu faoin scéal agus go raibh sé ag súil go dtosófaí ar an obair arís a luaithe agus ab fhéidir é.

Dúirt sé go raibh lucht na scoileanna féin “an-trína chéile” faoi stad a bheith curtha leis an obair “riachtanach” a bhí geallta dóibh.

Ní raibh aon choinne acu leis an scéal, a dúirt sé.

Bhí na foirgnimh nua atá geallta do na scoileanna in ainm is a bheith ag dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus na tógála nuair a tháinig an scéal go raibh stad curtha ag an Roinn leis an bpróiseas mar gheall ar bhrú airgid.

“Tá fíor-dhíomá orainn mar gheall ar an moill atá curtha le forbairt cuid dár scoileanna…tá cuid acu ag fanacht le blianta fada i gcóiríocht shealadach,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.

“Cuirfidh an mhoill seo brú mór ar na scoileanna atá ag streachailt de bharr easpa cóiríochta le fada. Tá géarghá leis an bhforbairt a bhí pleanáilte dóibh agus tá iarratas déanta againn ar An Roinn Oideachais gach iarracht a dhéanamh chun maoiniú breise a fháil agus tús a chur leis an obair tógála.

“Ba chóir go mbeadh cóiríocht bhuan ag gach scoil. Tá Gaelscoil Phádraig mar shampla i bhfoirgnimh réamhdhéanta ón chéad lá. Sin 27 bliain ó shin. Is scoil í seo a bhfuil faillí déanta uirthi agus is gá don stát a chinntiú nach leanfar leis an bhfaillí seo.”

Dúirt Cian Ó Cuanacháin, Príomhoide Ghaelscoil an Inbhir Mhóir, nach bhféadfaí glacadh “in aon chor” le cinneadh na Roinne Tá Gaelscoil an Inbhir Mhóir suite i bhfoirgnimh shealadacha le breis is 25 bliain agus deir Ó Cuanacháin gur mhaith leis “soiléiriú láithreach nach mbeidh moill ar an dáta don bhogadh isteach mar gheall ar an bhfógra seo”.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil Dé Máirt gur ardú ar chostais tógála ba chúis leis an bhfadhb. Bhí ranna rialtais áirithe eile sa chás céanna, a dúirt sé. Dúirt sé go raibh súil aige go réiteofaí an fhadhb roimh an gCáisc.

Dúirt an Roinn Oideachais go raibh a gclár oibre agus a gcuid tosaíochtaí á meas acu mar gheall ar cheist mhaoinithe. Bhí an brú a bhí orthu i dtaobh maoiniú caipitil á phlé acu leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, a dúradh.

‘Tuigeann an Roinn Oideachais go maith an gá atá le tacú le feidhmiú an chórais scoile agus tá rún againn cúrsaí a shoiléiriú a luaithe agus is féidir do na scoileanna atá i gceist maidir lena dtograí tógála,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais.

Fág freagra ar 'Stad curtha gan choinne le hobair forbartha i gcúig ghaelscoil'