Sruth an tsaoil agus an oideachais ag scuabadh na gcurach go cladach

Óró mo churachaín – ach cé a bheidh ar cheann an mhaide rámha? Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán do na rásaí curach sna blianta amach romhainn

Sruth an tsaoil agus an oideachais ag scuabadh na gcurach go cladach

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Togha na bhfear agus plúr na mban iad siúd a chuireann teannadh leis na curachaí sna rásaí ar chóstaí an iarthair chuile shamhradh.  Ach, tá an taoide ag trá ar na fir, tá na foirne éirithe níos sine agus níl aon chosúlachtaí ann, mórán, go bhfuil fir óga fhuinniúla ag teacht ina ndiaidh ar cheann an mhaide rámha.  Tá an leathchéad caite ag cuid mhaith de na hiomróirí anois, tá tuilleadh acu sna daichidí agus is beag duine acu atá sna fichidí.

Níl aon bhaol ar na féilte iomartha agus seoltóireachta fós ach bheadh sé ina amhras faoina bhfuil i ndán do na rásaí curach sna blianta amach romhainn – mura dtiocfaidh athrú mór. 

Sin a bhí le rá ag Micheál Mac an Rí as Cloch na Rón agus Michael Loftus as Leitir Mealláin le gairid.  Tá obair éachtach déanta acu beirt in imeacht na mblianta ar rásaí na gcurach agus ag eagrú comórtas ar chóstaí an iarthair. 

Feiceann an bheirt acu an claonadh atá ann, áfach.

Creideann Michael Loftus, a bhí ina bhall de cheann de na foirne ab fhearr ar chóstaí an iarthair ar feadh i bhfad (in éineacht le Seán Ó Ceallaigh agus Réamonn Ó Súilleabháin), gurb é an t-údar is mó atá lena laghad fear óg a bheith ar fáil ná nach bhfuil cleachtadh ag mórán daoine óga anois ar obair na farraige ná an chladaigh. 

“Bhí muide, agus cuimse daoine óga eile, ag plé leis an gcineál sin oibre ó bhí muid an-óg. B’fhada leat go ligfí isteach sa gcurach thú agus do mhaidí rámha agat féin.  Tá an saol sin athraithe,” a deir Michael.    

Chuir caint Mhichael mé ag machnamh ar an gcaint a rinne fear a bhí ag cruinniú sa gClochán deich mbliana fichead ó shin. Bhí ionadaithe as coistí pobail in iarthar Chonamara ag cur an tsaoil trína chéile ag an gcruinniú.  “Is é an saoroideachas an dúshlán is mó a tháinig isteach i bpobal Chonamara le fada an lá,” arsa an fear úd. 

“Táthar ag cur an chineáil oideachais ar dhaoine a thabharfaidh amach as a n-áit dhúchais go deo iad.”

Ní ag caitheamh anuas ar an oideachas dara nó tríú leibhéal a bhí an fear seo. Bhí sé ag tabhairt a bhreithiúnais ar an saol mar ab fhacthas dó é.  Bhí sé ag dul in aghaidh srutha ach bhí  bun na spéire i bhfad ó bhaile feicthe aige freisin.

An tseachtain seo d’fhoilsigh nuachtán Domhnaigh cuntas ar an lear déagóirí a théann ar aghaidh ón meánscoil go dtí an córas oideachais tríú leibhéal i bPoblacht na hÉireann.  In iarthar Chonamara – tír mhór thraidisiúnta na gcurachaí – téann gar go maith de 75% go dtí na coláistí.  Níl an dream a théann ar printíseacht áirithe, rud ait ann féin mar sin oideachas freisin, shílfeá.    

Ní bheidh ach fíorbheagán den 75% úd bainteach le curachaí agus, is cinnte, as an mbeagán sin féin, nach mbeidh mórán duine ar bith ann a bheidh ag bacadh le rásaí.  Tá scil agus cleachtadh agus cruas colainne de chineál áirithe ag baint leis na curachaí céanna, agus, mar a deir, Michael Loftus, níor mhór duit a bheith ag plé leo ó bhíonn tú i do sheanghasúr.

Baineann cuid den lagan seo ar an lear daoine óga atá ag plé leis na curachaí leis an gcaint a rinne an fear úd sa gClochán blianta fada ó shin. 

Tá an t-oideachas ag diúl na ndaoine as na ceantair tuaithe agus, freisin, ag cur deireadh cuid mhaith le cineálacha oibre agus caitheamh aimsire traidisiúnta, athrú cultúir.  Chuile sheans go ndéarfadh an fear a labhair an dá abairt sin sa gClochán nach raibh aon rogha eile ann. Fear réadúil a bhí ann agus d’fheicfeadh sé go raibh sruth an tsaoil ag scuabadh na gcurach go cladach.

Ach an fiú, nó an féidir, cuid ar bith den chultúr agus den oidhreacht sin a shábháil ar nós mar a bhíodh sé?

D’eagraigh Cumann na gCurach i gConamara, mar shampla, roinnt cúrsaí oiliúna iomartha do dhéagóirí agus bhí freastal maith go leor orthu.  Sin tamall de bhlianta ó shin.  Ach is beag foireann a tháinig chun cinn i measc na bhfear dá bharr sin.  B’fhéidir gur fiú iarraidh eile a thabhairt faoi, ach cuimhnítear i gcónaí gur daoine atá ag plé leis go deonach, agus i bhfad ag plé leis freisin, a eagraíonn cúrsaí mar seo agus ní féidir coinneáil leis an ngníomhaíocht seo go brách. Ach chuile sheans i gcónaí go bhfuil an bhuncheist ann, an féidir a bheith ag súil go mairfidh traidisiúin mar seo mura bhfuil an bhunáit ann, sin an cineál saoil agus bealaí oibre a choinníonn traidisiúin ón tseanaimsir cothaithe?

Ba dhíol suntais a raibh le rá ag príomhoide agus iar-phríomhoide bunscoile i Maínis agus ar an Aird Mhóir in iarthar Chonamara ar na cláracha Ar Scoil Arís ar TG4 le gairid. Cláracha iad seo ina ndeachaigh Máirtín Davy Ó Coisdealbha ar ais chuig scoileanna a raibh sé iontu 30 bliain ó shin chun labhairt arís le ‘gasúir’ na haimsire a caitheadh agus le gasúir na linne seo.  Bhí príomhoidí na 1980idí agus na linne seo ar an bhfocal céanna, ba mhó go mór deis a bhí ann 30 bliain ó shin leis na gasúir a thabhairt síos le cladach píosa de lá breá, ní féidir corraí amach ón suíochán anois mar go gcaitear cloí leis an gcuraclam oifigiúil bunscoile. 

Spreagann an méid sin cúpla ceist.  Céard is oideachas ann?  Tuige nach féidir an t-oideachas a mhúnlú roinnt i dtreo na háite ina bhfuil an scoil? Agus cé a bheidh ar cheann an mhaide rámha?

     

Fág freagra ar 'Sruth an tsaoil agus an oideachais ag scuabadh na gcurach go cladach'

  • Manus

    Scoileanna Cladaigh? Níl fhios ag mórán idir óg is aosta faoin fharraige. Nach bhfuil F orest schools ar fud na tíre anois?

  • lucyrua

    Aontaím. Bíonn thuismitheoirí ag cuartú caithimh aimsirí dá gcuid gasúr. Caithfidh clubanna a bhunú agus daoine a oiliúint agus fógraíocht a dhéanamh. Aclaíocht níos coitianta ná riamh chomh maith.

  • Máire Uí Dhufaigh

    Tá na deiseanna céanna ann agus a bhí 30 bliain ó shin siúlóidí dúlra, staire etc a eagrú taobh istigh den lá scoile. Is féidir neart lochtanna a fháil ar an gcuraclam bunscoile ach níl sé chomh cúng agus thugtar le fios anseo.