SRAITH PICTIÚR: An Fhoireann ag Cruthú go hIontach

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi spéis atá agat i gcúrsaí spóirt? An bhfuil spórt tábhachtach do dhaoine óga? Cén fáth?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairimí a nochtadh agus a lorg, léirigh suim nó easpa suime, tabhair moladh/déan cáineadh.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 


An Fhoireann ag cruthú go hiontach

(Téacs an fhíseáin)

 

1) Meán Fómhair seo caite chonaic Seán agus Pól fógra faoi shraith iomána.

Chuir siad an-spéis sa bhfógra.

Ceapaim go raibh an tsraith iomána seo á reáchtáil ag Coláiste Eoin.

Dúirt Seán gur cheart dóibh triail a bhaint as agus dúirt Pól go labhródh sé leis an Uasal Ó Sé faoi.

2) Bhí an-spéis ag Seán agus Pól a bheith páirteach sa tsraith iomána.

An lá dár gcionn, chuaigh siad chun cainte leis an Uasal Ó Sé.

Dúirt sé go mbeadh orthu obair na gcapall a dhéanamh dá dteastódh uathu a bheith ar an bhfoireann.

Mhínigh sé dóibh go mbeadh traenáil ar siúl tar éis na scoile dhá uair in aghaidh na seachtaine.

Thug Seán agus Pól le fios gur mhaith leo a bheith páirteach.

3) D’oibrigh an fhoireann go dian dícheallach ar feadh cúpla mí.

Bhídís báite le hallas tar éis traenála.

Bhíodh an bainisteoir ag béicíl in ard a chinn is a ghutha agus é ag iarraidh iad a spreagadh.

Faoi mhí Aibreáin, bhí an chraobh sroichte acu.

Bhí an bainisteoir an-sásta leo.

4) Bhí gach duine sa scoil ag tnúth go mór leis an gcluiche ceannais.

Eagraíodh busanna le lucht leanúna a thabhairt go dtí an cluiche.

Bhí na busanna ag fágáil ag a dó a chlog.

Mhol an fógra do na scoláirí tacaíocht a thabhairt don fhoireann.

Ceapaim go raibh na himeoirí ag éirí neirbhíseach.

5) Sa deireadh thiar thall, tháinig lá na cinniúna.

Measaim go raibh comhrac an bhradáin sa gcluiche ach thug Coláiste Eoin an lá leo sa deireadh.

Bhí an pháirc dubh le daoine nuair a bronnadh an corn ar chaptaen na foirne.

Bhí imreoirí Choláiste Phádraig in ísle brí agus imreoirí Choláiste Eoin ar mhuin na muice.

6) An lá dár gcionn, cuireadh fáilte mhór rompu ar scoil.

Thréaslaigh an príomhoide a mbua leo.

Tá cuma an-bhródúil ar an bpríomhoide agus an bainisteoir.

Dúirt an príomhoide go mbeadh cóisir acu an lá sin.

Bhí lúcháir ar na buachaillí.

Ceisteanna:

Cén scór a bhí ann?
An raibh Seán agus Pól ar an bhfoireann?
Cén chaoi a d’imir siad sa chluiche ceannais?
Cá raibh an cluiche ar siúl?
An raibh slua ag an gcluiche meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: An Fhoireann ag Cruthú go hIontach'