SRAITH PICTIÚR: Seó Faisin sa Scoil

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 13). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Seó Faisin sa Scoil

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan cur síos ar imeacht scoile go raibh tusa páirteach ann.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Tabhair míniú, déan cur síos, tabhair sonraí, abair gur thaitin/nár thaitin sé leat, inis céard a d’fhoghlaim tú, déan inniúlacht/cumas a chur in iúl.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Seó Faisin sa Scoil

(Téacs an fhíseáin)


1) Bhí scoláirí na séú bliana suite ar a sáimhín só sa seomra caidrimh.
Tháinig an Mháistreás Ní Shé chun cainte leo agus thug sí le fios dóibh go raibh easpa airgid sa scoil.
D’fhiafraigh sí díobh an raibh smaointe acu chun airgead a bhailiú.
Mheas scoláire amháin gur cheart dóibh crannchur a bheith acu.
Mhol scoláire eile go gcuirfidís ceolchoirm ar stáitse.

2) Dhein an Mháistreás machnamh ar na smaointe a bhí acu agus tháinig sí ar ais chucu níos déanaí an lá céanna.
Mhol sí na smaointe iontacha a bhí acu.
Bheartaigh sí go ndéanfaidís seó faisin.
Phléadar na rudaí ar fad a bhí le heagrú.
Bhí ionad le haimsiú agus éadaí le fáil ar iasacht.

3) Crochadh fógraí ar fud na scoile.
Tharraingíodar go leor airde.
Dúirt an fógra go mbeadh an seó ar siúl i halla na scoile.
Thug sé am, dáta agus an táille chomh maith.
Ceapaim go raibh gach mac máthar ag iarraidh a bheith ina mainicíní.

4) Bhí ar na scoláirí dul go dtí na siopaí éadaí ar fud an bhaile.
D’iarradar orthu éadaí a thabhairt ar iasacht i gcomhair na hócáide.
Bhí úinéirí na siopaí an-chabhrach agus flaithiúil.
Thug na siopaí Scoth na bhFaisean agus Teach Faisin go leor éadaí ar iasacht. Dúirt na scoláirí go dtabharfaidís togha na haire do* na héadaí.

5) Faoi dheireadh is faoi dheoidh tháinig oíche na cinniúna.
Bhí an saol agus a mháthair bailithe isteach sa halla.
Bhí crith cos agus lámh ag teacht ar na mainicíní.
D’éirigh go han-mhaith leo, áfach.
Reáchtáladh crannchur ag am sosa.
Bhí €5 ar na ticéid.

6) Ag deireadh na hoíche tháinig an príomhoide amach ar an ardán chun buíochas a ghlacadh le gach duine a thug tacaíocht don ócáid.
Ghabh sí buíochas speisialta leis an séú bliain a dhein obair na gcapall ag eagrú na hócáide.
Bailíodh an t-uafás airgid.
Bhí an t-airgead le caitheamh ar áiseanna nua don scoil.

*Is minic a chuirtear an litir ‘s’ leis an bhfocal ‘do’ i nGaeilge na Mumhan nuair a thagann sé roimh ‘na’: “dos na héadaí” = do na héadaí.

Ceisteanna:

  • Cad is ainm dos na siopaí?

  • Cé mhéad airgid a bailíodh, meas tú?

  • Cad iad na duaiseanna a bhí sa chrannchur?

  • Cén lá, am, táille atá luaite sa bhfógra?

  • Cad air a bhí an t-airgead le caitheamh?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Seó Faisin sa Scoil'