Spreagfaidh an éigeandáil aeráide ealaín den scoth fós!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní bhíonn néal gan gealán

Spreagfaidh an éigeandáil aeráide ealaín den scoth fós!

Aontaím go láidir leis an dearcadh nár cheart breathnú ar an ‘bhficsean aeráide’ (‘cli-fi’ atá á thabhairt air sa Bhéarla, go bhfóire Déithe an Dúlra orainn) mar sheánra nua – ach gur chóir go mbeadh an t-ollchliseadh aeráide atá ag bagairt orainn ina dhlúthchuid d’aon fhicsean liteartha comhaimseartha dáiríre.

Mar a dúirt an t-údar as Meiriceá, Siobhan Adcock, an lá cheana ar an suíomh scríbhneoireachta LitHub: ‘… if you’re writing realistic fiction that’s set in the modern world right now, you’re already writing about climate change in some way.’

Ag brath ar an áit a mbeadh cónaí ar scríbhneoir, tá an talamh ag éirí seasc agus tá na foraoiseacha trí thine, tá na hoighearshruthanna ag leá agus na haibhneacha ag cur thar bruach, nó tá éin nach bhfaca sé riamh cheana ag déanamh neadacha ina ghairdín agus is fada an lá ó chonaic sé beach.

Rudaí a thabhairt faoi deara, sin é jab an scríbhneora. An scríbhneoir comhaimseartha nach dtabharfadh suntas ina shaothar don éigeandáil aeráide atá faoi lán seoil inár dtimpeall inniu, níl a jab á dhéanamh i gceart aige. 

Ghabhfainn chomh fada, fiú amháin, le faillí choiriúil a chur ina leith.

Ach rud amháin is ea cúrsaí aeráide a shní isteach i gcúlra pé togra scríbhneoireachta a bheadh idir lámha agat; rud eile ar fad is ea an t-ollchliseadh aeráide atá ag bagairt orainn a thógáil mar ábhar inspioráide agus ealaín dhiamhrach a chruthú. Sin é go díreach a rinne an t-amhránaí as an Iorua, Susanne Sundfør, ar an albam is deireanaí uaithi, Music for People in Trouble, a tháinig amach anuraidh.

Is aoibhinn liom thar aon rud eile ar an albam sin an chaoi a dtéann sí sall is anall, i bhfaiteadh na súl go minic, idir téamaí na haeráide agus an ghrá, agus idir an rud uilíoch agus an rud pearsanta. Ní dóigh liom go bhfaca mé fealladh leannáin á lua cheana i gcomhthéacs dhíothú an fhiadhúlra agus scrios na timpeallachta, ach éiríonn le Sundfør é sin a dhéanamh go nádúrtha san amhrán Bedtime Story: 

And when the nights are cold and strange

And all the birds are gone

And all the oil’s been spilt

And left us on this earth alone

I think about the time

You reassured me you were mine

Oh what is love but a frail little dreamcatcher?

Nó céard faoi shéanadh athrú aeráide, coilíniú an spáis agus… póga? Seo sliocht as an amhrán Reincarnation:

I might be crazy, but baby, lately

I don’t believe the news

They say it’s ending

To stop pretending

To start looking for the clues

A glass cylinder

Where we can linger

Let me take us to the stars

I won’t be missing

Your tender kissing

‘Cause the light will wipe out all the scars

An t-amhrán deireanach ar an albam, dísréad i gcomhar leis an amhránaí Meiriceánach John Grant dar teideal Mountaineers, an sampla is fearr dá bhfuil i gceist agam ach tá sé rófhada le hathfhoilsiú anseo ina iomláine. Ach tabhair éisteacht do Susanne Sundfør agus tabharfaidh tú faoi deara nach mbíonn scamall gan gealán: spreagfaidh éigeandáil aeráide na linne seo ealaín den scoth fós.

Fág freagra ar 'Spreagfaidh an éigeandáil aeráide ealaín den scoth fós!'