Spiorad na réabhlóide ina beatha i seó cumhachtach de chuid IMRAM

Bhí fuinneamh agus dóchas le brath i gcur i láthair paiseanta Dhairena Ní Chinnéide sa seó Siúracha na Gealaí Caillte, seó in ómós don bhfile Beat, Diane di Prima

Spiorad na réabhlóide ina beatha i seó cumhachtach de chuid IMRAM

Siúracha na Gealaí Caillte
Amharclann an Smock Alley
Féile IMRAM

In ainneoin na stoirme, bhailigh slua maith ag Amharclann Smock Alley le freastal ar ócáid filíochta, amhránaíochta, cheoil, agus ealaíne de chuid IMRAM, in ómós don bhfile Beat, Diane di Prima.

Chuir Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, tús leis an oíche trí dhán a léamh i ndlúthpháirtíocht leo siúd atá ag fulaingt de dheasca na cogaíochta sa Phalaistín agus in Iosrael.

Sluaghairm a bhí sa taispeántas a lean Dé hAoine seo caite. Bhí fuinneamh, dóchas, agus uaillmhian le brath i gcur i láthair paiseanta Dhairena Ní Chinnéide, inar chuir an file ‘comhrá’ os ár gcomhair a thrasnaigh farraigí na samhlaíochta agus í ag labhairt go díreach, ceanúil leis an ‘mbean chóir’ di Prima. Comhrá a bhí ann a dhírigh ar chumhacht spioradálta, mhiotasach, agus ar ár gcumas comhchoiteann gníomhú leis an gceangal lenár ndúchas a chaomhnú agus leis an domhan nádúrtha a chosaint i gcoinne fhórsaí na sainte agus an fhoréigin.

Bhí an taispeántas roinnte ina dhá chuid, bunaithe ar dhá mhórshaothar de chuid Diane di Prima. Freagra a bhí i gCuid I ar an dán eipiciúil ‘Loba’, inar tarraingíodh anuas íomhá an fhaolchú fhiáin agus teanga na troda.

Rinne Ní Chinnéide neart is cumhacht nádúrtha na híomhá sin a cheiliúradh i léiriú iontach lán le fuil, le mian, agus le spiorad. Cuireadh an comhrá seo inár láthair le híomhánna den chéad scoth, iad deartha ag an ealaíontóir físe, Margaret Lonergan.

I gCuid II díríodh ar Litreacha Réabhlóideacha, sraith dánta a scríobh di Prima in San Francisco le linn thréimhse na réabhlóide sóisialta sna seascaidí déanacha.

In éineacht le guth Ní Chinnéide, bhí amhránaíocht mhothálach, dhiamhair ó Oleysa Zdorovetska, agus fuaimrian atmaisféarach ón gcumadóir Nick Roth. Bhí pianódóireacht agus tionlacan sacsafóin againn agus stíleanna éagsúla á meascadh, ón snagcheol a shamhlaítear go minic leis na ‘Beats’, go ceol timpeallach a chuir go mór le hatmaisféar na filíochta.

Ag leanúint leis an nguth láidir, diongbháilte a chualathas ón tús, rinneadh fadhbanna an lae inniu, go háirithe an ghéarchéim aeráide, a léiriú le taobh mhórghluaiseachtaí polaitiúla, réabhlóideacha na seascaidí, rud a bhí an-láidir i saol agus i bhfilíocht di Prima. An cheist ba mhó – cá bhfuil an spiorad réabhlóideach sin imithe anois? Cuireadh ina luí orainn ansin a thábhachtaí atá sé leanúint ar aghaidh leis an ‘gcogadh’, leis an troid ar son an chomhionannais agus ar son sláinte na timpeallachta.

Taispeántas bríomhar a bhí i Siúracha na Gealaí Caillte le teachtaireacht láidir, fhiúntach Diane di Prima – gur chóir i gcónaí díriú ar cad is féidir linn a bhaint amach – agus ar an ngníomh seachas ar an éadóchas.

Fág freagra ar 'Spiorad na réabhlóide ina beatha i seó cumhachtach de chuid IMRAM'