Spéis ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ranganna Gaeilge a chur ar fáil do pháistí Éireannacha thar lear

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcuireann Rialtas na Polainne ranganna ar fáil anseo chun eolas ar an bPolainnis agus ar stair na tíre a chothú i ngasúir na bPolannach atá in Éirinn

Spéis ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ranganna Gaeilge a chur ar fáil do pháistí Éireannacha thar lear

Tá ráite ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur “an-smaoineamh” é don stát ranganna i nGaeilge agus i stair na hÉireann a chur ar fáil do pháistí Éireannacha thar lear.

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív a rinne an moladh agus é i láthair ag cruinniú le hoifigigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i dTeach Laighean tráthnóna inné.

Dúirt an Teachta de chuid Fhianna Fáil go bhfuil ranganna dá leithéid curtha ar fáil ag Rialtas na Polainne do ghasúir mhuintir na Polainne atá ina gcónaí in Éirinn chun eolas ar an teanga agus ar stair agus oidhreacht na tíre a chothú i measc na bpáistí.

Dúirt an Teachta Ó Cuív gur fhág na ranganna nach bhfuil aon ghasúr de bhunadh na Polainne in Éirinn “dall ar a ndúchas féin má tá aon spéis ag na tuismitheoirí go mbeadh an dúchas sin acu” agus dúirt sé gur chóir don Roinn smaoineamh ar a leithéid de chlár a chur ar bun d’Éireannaigh ar fud na cruinne.

“Nuair a thagann gasúir abhaile ansin, ní bheadh an míbhuntáiste acu nach mbeadh aon Ghaeilge acu ná aon tuiscint acu ar an tír seo,” a dúirt an Teachta.

Mhol sé go gcuirfí na ranganna ar fáil do ghasúir gach Éireannach atá thar lear, seachas páistí daoine a bhíonn ag obair don stát amháin.

Mheas Seán Ó Riain, Oifigeach na Gaeilge agus an Ilteangachais sa Roinn Gnóthaí Eachtracha gur “an-smaoineamh” a bhí i moladh Uí Chuív agus gur chóir don Roinn smaoineamh ar ranganna deireadh seachtaine sa Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí Éireannacha thar lear.

“Measaim go mbeadh an-spéis ag daoine ansin,” a dúirt sé.

Chaith Ó Riain cúig bliana ag obair in ambasáid na hÉireann sa Pholainn agus dúirt sé gur an-sampla iad muintir na Polainne de dhaoine a chuireann béim ar leith ar chúrsaí teanga agus oidhreachta.

“Bhí siad an-dílis dá dteanga féin nuair nach raibh aon tír acu sa Pholainn ar feadh 123 bliain. Ní raibh an Pholainn ann ach bhí an eaglais ansin agus bhí an tsochaí dílis don teanga. Is féidir linne cuid mhaith a fhoghlaim ó na Polannaigh is dóigh liom.”

Cuireann Roinn Oideachais na Polainne tacaíocht ar fáil chun ranganna a reáchtáil do ghasúir in institiúidí i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, an Cabhán agus Port Láirge.

Fág freagra ar 'Spéis ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ranganna Gaeilge a chur ar fáil do pháistí Éireannacha thar lear'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Tá an tSualainn i bhfad chun cinn ar an domhan mór sa chás seo. Cuireann rialtas na Sualainne airgead ar fáil ionas go múinfear teanga an teaghlaigh (nach Sualannais í) do pháistí, má tá líon áirithe páistí i gceist, sa ‘hemspråk’ (teanga baile). Bheinn go mór i bhfábhar plean seo na Roinne Gnóthaí Eachtracha.