Spás sábháilte ba chóir a bheith sa leabharlann

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Eolas a chur ar fáil seachas léitheoirí a ‘chosaint’ uaidh, an phríomhaidhm a bhí ag an leabharlann riamh

Spás sábháilte ba chóir a bheith sa leabharlann

Samhlaigh go bhfuil tú 13 bliana d’aois. (B’fhéidir go bhfuil tú 13 bliana d’aois – sa chás sin, fair play duit go bhfuil colún faoin scríbhneoireacht chruthaitheach á léamh agat i nGaeilge. Coinnigh ort ar an gcaoi sin!)

Tá tú 13 bliana d’aois, mar sin, agus ó thosaigh caithir ag fás faoi d’ascaillí agus in áiteanna eile tá míshuaimhneas ort.

B’fhéidir gur buachaill thú atá i ngrá leis an gcara atá agat.

B‘fhéidir gur cailín thú ar mhaith léi a bheith ina fear.

Deir do chuid cairde go bhfuil rud éigin ‘cearr’ – mhothaigh siadsan go raibh tú ‘éagsúil’ sular mhothaigh tú féin é agus, ina nduine agus ina nduine, thosaigh siad do do thréigean.

Tá tú uaigneach anois chomh maith le míshuaimhneach, agus tá freagraí uait ar cheisteanna nach bhfuil an misneach agat iad a chur – dá mbeadh fáil agat ar dhuine a bhféadfá iad a chur orthu, fiú amháin.

Cinnte dearfa ní chuirfeá ar do thuismitheoirí iad, dá leathanaigeanta iad; ag deireadh an lae níl tusa ag iarraidh a fháil amach ach oiread céard a bhíonn ar siúl taobh thiar de dhoras dúnta a seomra codlata siúd maidin Domhnaigh. Uch!

Ó, dá mbeadh duine eile ann, duine ar comhaois leat féin nó bliain nó dhó níos sine b’fhéidir, duine a bheadh cosúil leatsa agus a d’fhéadfadh rud nó dhó a mhíniú duit. Nó, ar a laghad ar bith, a scéal a roinnt leat. Ní bheifeá leath chomh huaigneach.

Thriail tú cara samhailteach a chruthú, ach theip ort toisc nach bhfuil an t-eolas agat féin a theastódh uait chun carachtar ficseanúil a chur i dtoll a chéile a thaispeánfadh an bealach duit. Ar chaoi ar bith, tá tú róshean anois do chairde samhailteacha.

Cairde san fhíorshaol atá uait dáiríre, ach dhéanfadh cara déanta as dúch agus páipéar cúis. Cruthaithe ag duine eile – duine fásta – a bheadh a leithéid de charachtar ar ndóigh, ach tá tú díreach tar éis foghlaim ar scoil faoin ‘mbrionglóid fhicseanúil’ a chuireann ar chumas an léitheora scéal a léamh agus ligean air féin nárbh ann don údar riamh.

Fearacht do ‘chairde’ ar scoil nach labhraíonn leat níos mó, ba mhaith leat leabhar a léamh ina mbeadh laoch an scéil cosúil leat féin.

An leabhar Heartstopper – Boy Meets Boy le Alice Oseman, mar shampla, a bhfaca tú an clúdach ar na meáin shóisialta an lá cheana ach a raibh faitíos ort ‘is maith liom’ a thabhairt dó ar eagla go dtabharfadh éinne suntas dó; scéal faoi bheirt bhuachaillí sna déaga a thiteann i ngrá lena chéile.

Nó seans gur ceist fhéiniúlachta éagsúil atá ag teacht idir tú féin agus codladh na hoíche agus gur mó an dúil atá agat sa neamhfhicsean ná san fhicsean. An Trans Teen Survival Guide úd le Owl agus Fox Fisher ar chuala tú trácht air, cá bhfaighfeá cóip de sin? Tá do chuid airgid phóca ar fad caite agat agus ar ndóigh, arís, dá leathanaigeanta iad, ní fhéadfaidh tú ceist a chur ar do thuistí a leithéid de leabhar a cheannach duit. Míneoidh tú gach rud dóibh in am trátha ach tá tú ag iarraidh rudaí a oibriú amach duit féin ar dtús.

Cá bhfaighfeá cóip de na leabhair sin?

Sa leabharlann ar ndóigh.

Ach is baolach nach bhfuil sé sin chomh héasca agus a bhíodh.

Le seachtainí beaga anuas, tá grúpaí a thugann Irish Education AllianceParents’ Rights Alliance agus Lawyers for Justice orthu féin tar éis agóidí a dhéanamh i leabharlanna ar fud na hÉireann i gcoinne leabhair atá dírithe ar léitheoirí idir 12 agus 17 mbliana d’aois agus a bhfuil ábhair LADT+ faoi chaibidil iontu, nó sin a thuairiscíonn The Irish Times.

Dealraíonn sé freisin go bhfuil cead oifigiúil tuismitheora, agus é sínithe, á éileamh anois ag leabharlanna nuair a bhogann léitheoirí óga suas ó aoisghrúpa amháin go dtí an chéad aoisghrúpa eile. I bhfocail eile: ní leor 12 bliain d’aois a bhaint amach chun fáil a bheith agat ar na leabhair sa rannóg 12-14; caithfidh tú cead sínithe a bheith agat ó do thuistí, agus beidh ort é a fháil arís nuair a bheidh tú 14.

Ar ndóigh tá gá le rannóga aoise i leabharlanna. Tá Lolita, príomhcharachtar an úrscéil iomráitigh le Nabokov, 12 bliain d’aois ach níor mhaith le héinne go léifeadh duine ar comhaois léi an scéal sin.

Ach ná déanaimis dearmad gur eolas a chur ar fáil, seachas léitheoirí a ‘chosaint’ ón eolas céanna, an phríomhaidhm a bhí ag an leabharlann riamh.

Lena chois sin, spás sábháilte, daonlathach ba chóir a bheith sa leabharlann: áit a mbeadh déagóir óg a bheadh ag iarraidh rudaí áirithe a oibriú amach dó féin ar a chompord ann, seachas áit a mbeadh sé i mbaol a ionsaithe ag agóideoirí.

Maidir le hargóint na n-agóideoirí céanna gur ‘idé-eolaíocht inscne’ nó ‘pornagrafaíocht’ atá sna leabhair LADT+ atá siad ag iarraidh a ruaigeadh as na leabharlanna: cacamas.

Ní fiú ‘bolscaireacht’ a dhéanamh do chlaonadh gnéis nó rogha inscne óir tagann duine ar an saol leo sin, agus ní fhoilseodh foilsitheoir ar bith leabhar do léitheoirí óga a mbeadh pornagrafaíocht dháiríre ann. Agus fiú dá bhfoilseodh – ní bheadh le déanamh ach an leabhar sin a chur i rannóg aoise níos airde, nó dá mba ghá, i rannóg na ndaoine fásta.

Fág freagra ar 'Spás sábháilte ba chóir a bheith sa leabharlann'

  • Dónall Ó Mearáin

    Spás sábháilte ba cheart a bheith sa leabharlann, cinnte, agus leabhair oiriúnacha ar fáil do dhaoine óga. Ar ndóigh, is gá bheith cúramach le rogha na leabhar. Ceist amháin. Cad as a dtagann an smaoineamh go dtagann daoine ar an saol le “rogha inscne”?

  • Humphrey Ó Ceallacháin

    Tá sé tábhachtach freisin go ndéarfaí le déagóirí gan aon chinneadh tobann a dhéanamh maidir le glacadh le hormóin shintéiseacha ná dul faoin scian agus iad óg, óir is rudaí iad sin a d’fhéadfadh dochar do-athraithe, fadtéarmach a dhéanamh dóibh. Más ag gríosú páistí dul faoin scian nó hormóin shintéiseacha a thógáil atá leabhair sa leabharlann, thuigfeann cén fáth a mbeadh imní agus amhras ar thuismitheoirí.

  • Caoimhín

    Ba chóir do na tuistí sin a bheith i mbun cainte lena bpáistí seachas a bheith ag agóid in aghaidh leabhair. Tugann na leabhair seo faoiseamh do páistí gan aon bhealach eile chun a gcuid mothúcháin a ligean amach. Má tá imní agus amhras ar thuistí, ba chóir dóibh a bheith ag caint lena bpáistí gan bhreithiúnas.

  • Antóin

    Díol suime é nár ligeadh do dhuine do na ‘hagóideoirí’ sleachta as ceann de na leabhair a léamh beo ar an aer.

    Dar leat gur cacamas é ach is léir domsa go bhfuil ‘idé-eolaíocht inscne’ a brú ar an tsochaí agus ar an aos óg le tamall anuas. Bí geall áfach go bhfuil corparáidí ilnáisiúnta ag faire ar an mhargadh nua seo.

    Tar éis an tsaoil, fireann agus baineann ie ea a chruthaigh sé iad

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hAlex Hijmans, ‘Spás sábháilte ba chóir a bheith sa leabharlann’, tuairisc.ie, Dé Sathairn, Aibreán 8, 2023.

    Tuigtear domsa gur gnách gur colún faoin scríbhneoireacht chruthaitheach a bhíonn ag Alex Hijmans ar tuairisc.ie. Foilsíodh alt le Hijmans, Satharn na Seachtaine Móire, arb é is cuspóir dó fealsúnacht Hijmans ar chúrsaí LADTAI+ a chur chun cinn.

    Ní hé sin amháin é, ach is dírithe ar an réim aoise 13 bliana + atá an chéad leath, nó mar sin, den alt aige. Cén locht atá air sin, arsa tusa? Is í aois an toilithe leis an mbeartaíocht chollaí sa Stát seo, 17 mbliana. Rinneadh iarracht sa bhliain 2014 ar Bhille a rith san Oireachtas, An Bille um an Dlí Coiriúil (Grúmaeireacht Leanaí), 2014, ach chuaigh an Bille i léig mar gur tháinig deireadh leis an Rialtas sular ritheadh an Bille. Iarracht ba ea an Bille sin ar éifeacht a thabhairt do Threoir 2011/93/EU ag Parlaimint na hEorpa, agus ag an gComhairle, dar dáta Nollaig 13, 2011, agus an Treoir sin a chur in ionad Chreat–Chinneadh na Comhairle 2004/68/JHA. Treoir ba ea í maidir le leanaí a chosaint ar mhí–úsáid ghnéasach agus ar theacht i dtír gnéasach, agus ar phornagrafaíocht leanaí. Mura bhfuil dul amú ormsa, níl leagan oifigiúil Gaeilge ar an mBille, ar an Treoir, ná ar an gCreat–Chinneadh, ar fáil.

    Ba é aidhm Bhille 2014 –– an Bille nár ritheadh –– leasú a dhéanamh ar alt 3 den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 (mar a leasaíodh le halt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú), 2007). Bhí Acht 1998 ansin le leasú, le fo–alt nua (2A) a chur in ionad fho–alt (2A) mar a bhí; agus fo–alt nua (2B) a chur in ionad fho–alt (2B) mar a bhí.

    Bheadh sé iomarcach an téacs ar fad a thabhairt, ach is é éirim an leasaithe go mbeadh duine ciontach i gcion, dá ndéanfadh sé/sí ceann ar bith de na cionta a liostaítear, agus dhlífí, tar éis a c[h]iontaithe ar díotáil, príosúnacht suas le 14 bliana a chur air/uirthi.

    Is beag nach mar a chéile leasú (2A) nua, agus leasú (2B) nua [Mé féin a d’aistrigh na sleachta seo go Gaeilge]:

    “(2A) Duine ar bith taobh istigh den Stát––
    (a) a dhéanann gníomh ar bith díobh seo a leanas ar leanbh:
    (i) tathant, iarraidh, comhairliú, misniú, soláthar, nó mealladh, is cuma cén tslí, lena n–áirítear slite faisnéise agus cumarsáide teicneolaíochta, chun go ndéanfadh an leanbh gníomh ar bith, lena n–áirítear casadh leis an duine sin; nó

    (ii) cumarsáid leis an leanbh, is cuma cén tslí, lena n–áirítear slite faisnéise agus cumarsáide teicneolaíochta, d’fhonn go gcuirfeadh an leanbh muinín ann/inti

    agus

    (b) an duine a dhéanamh amhlaidh ar intinn rud ar bith a dhéanamh arbh ionann é agus teacht i dtír ar an leanbh[,]

    Is iad na difríochtaí idir leasú (2A) nua agus leasú (2B) nua gur ag tagairt do ‘Dhuine ar bith taobh istigh den Stát’ atá leasú (2A) nua, agus gur ag tagairt atá leasú (2B) nua do ‘Dhuine ar bith, ar saoránach den Stát é/í, nó ar taobh amuigh den Stát a bhíonn gnáthchónaí air/uirthi, a dhéanann, agus é/í taobh amuigh den Stát [gníomh ar bith díobh seo a leanas:]

    Ní bheadh de chosaint ag an duine sin, ach an fo–alt seo a leanas [i nidiaidh fho–alt (2B)]:

    “(2C) Cosaint a bheidh ann, i gcoinne imeachtaí i dtaobh ciona, faoi fho–alt (2A) nó faoi fho–alt (2B) den alt seo, an cosantóir a chruthú gur chreid seisean/sise go réasúnta, go raibh 17 mbliana sáraithe ag an leanbh a líomhnófaí go ndearnadh cion ina c[h]oinne, le linn an chiona a líomhnófaí a dhéanamh.

    Níor ritheadh Bille 2014, mar a deirim, ach tá sé le tuiscint nach foláir i gcónaí don Stát seo Bille mar é a rith chun go mbeadh dlí an Stáit ag teacht le Treoir 2011/93/EU ag Parlaimint na hEorpa, agus ag an gComhairle, dar dáta Nollaig 13, 2011.

    Is deacair gan an mheabhair a bhaint as alt Hijmans gurb amhlaidh atá seisean ag iarraidh déagóirí, a bhfuil 13 bliana sáraithe acu, a mhealladh chun ábhar a léamh nach dleathach dóibh a léamh san aois ina bhfuil siad, ábhar pornagrafúil; agus páirt a ghlacadh i mbeartaíocht chollaí nach dleathach dóibh páirt a ghlacadh inti go dtí go mbeidh siad 17 mbliana; agus brú a chur ar na déagóirí sin gan aon mhuinín a chur ina dtuismitheoirí.

    De réir taighde a rinne an tOllamh Susan M. Sawyer, agus comhghleacaithe léi, ‘The age of adolescence’, The Lancet Child and Adolescent Health (Eanáir 17, 2018) ní thosaíonn an teacht in inmhe go fisiceach go dtí go sáraíonn duine 10 mbliana d’aois, agus ní thagann deireadh leis an teacht in inmhe go fisiceach go dtí go sáraíonn duine 24 bliana. Dá réir sin, is an–deacair a dhéanamh amach cén bun eolaíochta atá le cur ina luí ar dhuine faoi bhun 24 bliana d’aois gur homaighnéasach ó bhonn, nó gur tras–inscneach ó bhonn, atá sé nó sí.

    Admhaíonn Airteagal 42.1 de Bhunreacht na hÉireann ‘gurb é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh.’ Mar seo a ghabhann Airteagal 3. 1º:

    3 1° Ní cead don Stát a chur d’fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.

    Agus admhaíonn Airteagal 44.2.1º go ‘Ráthaítear do gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh.’

    Cén bun dlí atá, mar sin, leis an Stát a dhéanamh éigeantach, cúrsa ar bith ar an gcollaíocht, rud atá siad a bheartú a dhéanamh ó Fhómhar na bliana seo ar aghaidh?

    Na heagraíochtaí a luann Alex Hijmans, a bheith ag déanamh agóide i gcoinne leabhair áirithe a bheith sna leabharlanna poiblí, Irish Education Alliance, Parents’ Rights Alliance, agus Lawyers for Justice, ní eagraíochtaí rúnda, ná leathrúnda, iad. Is féidir teacht ar a gcuid láithreán Gréasáin gan aon dua, agus tá a gcuid polasaithe leagtha amach ar na láithreáin sin. Is eagraíocht múinteoirí iad Irish Education Alliance. Is eagraíocht tuismitheoirí iad Parents’ Rights Alliance. Agus is eagraíocht ag lucht dlí iad Lawyers for Justice. Tá leagan Gaeilge ar fáil, ach í a iarraidh, de bhileog amháin, ar a laghad, den méid atá curtha amach ag Parents’ Rights Alliance.

  • stiofan123@gmx.com

    Ní ón taobh amuigh amháin a bhíonn an agóidíocht agus an leithcheal ag púscadh ach ón taobh istigh freisin.

  • Léitheoir rialta

    Maith thú, a Alex! Táim ag teacht go hiomlán leat. Tearmann í an leabharlann don déagóir atá ‘difriúil’ ó dhéagóirí eile. Is fear aerach mé féin agus bhí sé deacair teacht ar eolas a chabhródh liom 20 bliain ó shin (bhí sé ann ach bhí sé níos teoranta). Tá na grúpaí seo ag dul thar fóir. Tuigim go bhfuil údar imní ag cuid acu go pointe áirithe ach ní hé réiteach na faidhbe srian a chur le heolas. Caithfear a thaispeáint do na tuismitheoirí agus na múinteoirí sin nach aon bhaol dá bpáistí eolas ceart cruinn faoi chúrsaí gnéis, claonadh gnéis, féiniúlacht inscne srl. a chur ar fáil dá bpáistí. Mura féidir leis na déagóirí an t-eolas atá uathu a fháil, cá bhfaighidh siad é? Ar líne ar ndóigh, agus is mó i bhfad an baol atá ann dóibh ansin áit a bhféadfaidís go leor eolas míchruinn a fháil (gan trácht ar phornagrafaíocht!) – ní tharlódh sé sin sa leabharlann!