Soiléiríonn cinneadh Ard-Chúirte na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí – Coimisinéir

'Cosnaíonn cinneadh an lae inniu cearta teanga agus tá deis ag an Rialtas cur leis na cearta teanga sin nuair a fhoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) go luath' a deir an Coimisinéir Teanga

RonanCoim-1218

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, roimh chinneadh na hArd-Chúirte maidir le hathchomharc a rinne na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinnidh a rinneadh in imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara.

“Fáiltím roimh chinneadh na Cúirte inniu a dhearbhaíonn fionnachtana an imscrúdaithe a rinne m’Oifig sa chás seo. Soiléiríonn an cinneadh seo na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí nuair a bhíonn siad i mbun cumarsáide leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal sin agus is maith ann an soiléiriú sin,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Dúirt sé go raibh “dea-chaidreamh oibre cothaithe” idir a Oifigsean agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le níos mó ná deich mbliana anuas.

“Leanann an dea-chaidreamh sin agus táim muiníneach go leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an dea-chleachtas atá cruthaithe acu i dtaobh na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge do shaoránaigh. Bhain an cás seo le leabhrán eolais a bhí i dteannta cumarsáid phearsanta agus a scaipeadh ar 1.7 milliún teaghlach ar fud na tíre. Socraíonn cinneadh an lae inniu fasach maidir leis na dualgais a thiteann ar chomhlachtaí poiblí nuair a bhíonn siad i mbun cumarsáide den chineál seo,” a dúirt an Coimisinéir.

Dúirt sé gurb é an rud is tábhachtaí dó mar Choimisinéir “ná go ndéanfaí cosaint ar chearta teanga an tsaoránaigh”.

“Creidim go gcosnaíonn cinneadh an lae inniu na cearta sin. Tá deis ag an Rialtas cur leis na cearta teanga sin nuair a fhoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) go luath,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill.

Fág freagra ar 'Soiléiríonn cinneadh Ard-Chúirte na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí – Coimisinéir'

  • Darragh Ó Náraigh

    Ní chreidim na stáitseirbhísigh/eagraíochtaí stáit seo:

    Tá siad de shiar ag clamhsán agus ag rá gur cur amú airgid agus ama é a bheith ag soláthair seirbhísí trí mheán na Gaeilge, ach ag an am gcéanna, ní miste leo dul chuig na cúirteanna, an t-uafás airgid cáiníocóirí agus ama a chur amú le cás cúirte a raibh teip i ndán dó ón dtús (agus ar chaill siad ar deireadh).

    Nách mbeadh sé i bhfad níos éascaí agus níos saoire dóibh dá mba rud é gur chloígh siad lena ndualgas sa chéad dul síos, (‘sé sin seirbhís Ghaeilge a sholáthar), in ionad am agus airgead a chur amú sna cúirteanna?