Diúltú san Ard-Chúirt d’athchomharc na gCoimisinéirí Ioncaim faoi chinneadh an Choimisinéara Teanga

Fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, roimh chinneadh an Bhreithimh Colm Mac Eochaidh

Ronán Ó Domhnaill

Diúltaíodh san Ard-Chúirt ar maidin d’athchomharc a rinne na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinnidh a rinne an Coimisinéir Teanga.

Bhain an cás le faisnéis faoin gcáin mhaoine áitiúil a dháil na Coimisinéirí Ioncaim ar an bpobal i gcoitinne idir 2012 agus 2013.

Dáileadh an fhaisnéis ar 1.6m teach ar fad, ach níor dáileadh leagan Gaeilge di ach ar roinnt bheag mílte duine.

D’fhógair an Breitheamh Colm Mac Eochaidh san Ard-Chúirt ar maidin nach raibh sé ag glacadh le hathchomharc na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tabharfaidh sé a bhreithiúnas iomlán níos déanaí inniu.

Chuir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, fáilte roimh chinneadh an Bhreithimh.

Shocraigh an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, imscrúdú a thionscnamh faoin scéal i ndiaidh dá oifig cuid mhór gearán ón bpobal a fháil, agus cinneadh san imscrúdú sin gur sháraigh na Coimisinéirí Ioncaim Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Nuair a éisteadh an cás i mí na Samhna seo caite, mhaígh lucht dlí na gCoimisinéirí Ioncaim gurb í foclaíocht na reachtaíochta agus a bhfuil de bhrí le “cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne” bun agus barr an scéil.

Maíodh nach “cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne” a bhí i gceist i gcás na gCoimisinéirí Ioncaim mar go raibh na focail “príobháideach agus faoi rún” scríofa ar an bhfaisnéis a dáileadh ar shaoránaigh ina nduine agus ina nduine agus go raibh a n-ainmneacha féin scríofa uirthi freisin.

Níor ghlac an tAbhcóide Sinsearach Séamus Ó Tuathail, a bhí ag feidhmiú ar son an Choimisinéara Teanga, leis an áiteamh nach “cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne” a bhí i gceist.

Ghéill sé gur litreacha príobháideacha a bhí i gceist ach gur cumarsáid phoiblí a bhí sa leabhrán eolais a scaipeadh, de réir fho-alt 9.3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúila, foráil a éilíonn gur go dátheangach nó i nGaeilge amháin a bheadh faisnéis a dháiltear ar an bpobal i gcoitinne.

Ba chóir go mbeadh a leithéid de chomhfhreagras curtha ar fáil sa dá theanga, a dúirt an tAbhcóide Sinsearach Séamus Ó Tuathail.

 

Fág freagra ar 'Diúltú san Ard-Chúirt d’athchomharc na gCoimisinéirí Ioncaim faoi chinneadh an Choimisinéara Teanga'