Socrú ‘sealadach’ atá i gceist le ciorruithe ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta – Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Deir Rónán Mac Con Iomaire go bhfuil ‘infheistíocht shuntasach’ déanta ag RTÉ i gcóras taighde maidir le lucht éisteachta RnaG agus go ndéanfar an sceideal a mheas amach anseo bunaithe ar an taighde sin

Socrú ‘sealadach’ atá i gceist le ciorruithe ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta – Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur socrú “sealadach” atá i gceist leis na ciorruithe atá le déanamh ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta an mhí seo chugainn.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, tá deireadh á chur ag RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an bplé agus an scagadh a dhéantar ar chúrsaí nuachta ar an gclár Nuacht a hAon am lóin.

Tá gearradh siar á dhéanamh ar an gclár nuachta, atá á chraoladh le 25 bliain, mar chuid de na hathruithe atá á ndéanamh ar sceideal an stáisiúin toisc seachtar a bheith ag fágáil na heagraíochta ar luathscor.

Mar chuid de na hathruithe céanna, beifear ag cur leathuair an chloig breise leis an gclár cúrsaí reatha tráthnóna Cormac ag a Cúig, a bheidh ag tosú ag leathuair tar éis a ceathair  feasta.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire ar Adhmhaidin ar maidin inniu gur “sceideal sealadach” atá i gceist leis an sceideal ciorruithe, a bhaineann leis an dá mhí amach romhainn, Aibreán agus Bealtaine. Bheadh sceideal ciorruithe an tsamhraidh ag teacht i bhfeidhm an uair sin, a dúirt sé.

“Ins sa sceideal sealadach seo, dhá mhí, tá muid ag breathnú ar céard is féidir linn a dhéanamh chun an rud is fearr a chur ar fáil don lucht éisteachta,” arsa Ghrúpcheannasaí RTÉ ar Adhmhaidin.

Agus deireadh á chur leis an dara cuid de Nuacht a hAon, tosóidh an chuid eile de sceideal an tráthnóna leathuair an chloig níos túisce. Ag 1.30pm seachas 2pm a thosóidh Ardtráthnóna le Máirtín Tom Sheáinín, mar shampla.

Cuirfear leathuair a chloig breise leis an chlár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig, a bhíonn á chraoladh ó stiúideo RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath.

Tuigtear gur Cormac ag a Cúig a thabharfar go fóill ar an gclár a bheidh ag tosú leathuair a chloig níos luaithe.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire go bhfuil “infheistíocht shuntasach” déanta ag RTÉ i gcóras leanúnach taighde maidir le lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta.

“Seo an chéad uair riamh i stair na seirbhíse go mbeidh sé seo ar fáil agus bunaithe air sin, agus ar ábhar eile, tá sé i gceist sceideal suntasach nua a chur ar fáil in san fhómhar,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Is é atá i gceist leis an gcóras taighde nua sin ná go mbeidh RTÉ Raidió na Gaeltachta le páirt a ghlacadh i ‘Fios Físe’, córas atá bunaithe ag TG4 i gcomhar le hAcadamh na Ollscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le taighde a dhéanamh faoi mhianta lucht féachana an stáisiúin teilifíse Gaeilge i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is é atá i ‘Fios Físe’ ná painéal daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu a roghnaíonn ‘dialann féachana’ a líonadh uair sa tseachtain agus an t-eolas sin a roinnt le TG4. Baineann ‘Fios Físe’ le tuairimí daoine faoi sheirbhís TG4 seachas le líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar an stáisiún.

Dúirt Mac Con Iomaire go ndéanfaí na socruithe sceidil “is fearr d’éisteoirí Raidió na Gaeltachta” bunaithe ar an taighde nua.

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh gá leis na hathruithe ar an sceideal.

“An deireadh a bheadh le chuile rud a fhágáil mar atá ná… go mbeadh an lucht éisteachta ag fáil caighdeán níos measa nó níos ísle mar gheall go bhfuil tú ag déileáil le bheith ag iarraidh an rud céanna a chur ar fáil le níos lú daoine. Ní féidir é sin a dhéanamh agus tá sé sin le feiceáil ní hamháin i Raidió na Gaeltachta ach ar fud na heagraíochta [RTÉ].”

Dúirt Mac Con Iomaire nach raibh aon duine ag iarraidh “go mbeadh comhghleacaithe, cairde, daoine a bhfuil scil agus taithí acu” ag dul an doras amach, ach gurb í “fírinne an scéil” ná go bhfuil RTÉ ag dul a bheith €20 milliún i bhfiacha.

Dúirt sé go bhfuil sé ráite “bliain i ndiaidh bliana” ag RTÉ leis an rialtas, nach féidir “leanacht a bheith ag déanamh an méid atá á dhéanamh ar an maoiniú atá ann”.

Seachtar ó fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ag fágáil na heagraíochta faoin gclár iomarcaíochta deonaí a fógraíodh anuraidh chun laghdú a dhéanamh ar líon na foirne in RTÉ. Beidh na daoine sin ag dul ar luathscor aimsir na Cásca.

Níl cead daoine nua a fhostú in áit na ndaoine sin atá ag imeacht ar luathscor, ach tá painéal bunaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta d’oibrithe seachtracha a bhféadfaí tarraingt air chun freastal ar riachtanais áirithe.

Fág freagra ar 'Socrú ‘sealadach’ atá i gceist le ciorruithe ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta – Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ'

  • Learraí

    Tá éacht á dhéanamh ag craoltóirí RnG le blianta fada anuas agus ba mhór an éagóir é dá ndéanfaí aon chur isteach ar an tseirbhís iontach a shláthraíonn siad. Lon agus faoiseamh is ea RnG ón gclisiam féintábhachtach a bhíonn ó na stáisiúin eile go rómhinic.