Socrú déanta lasmuigh den chúirt maidir le cás Ard-Chúirte faoi bhunú Gaelcholáiste 

Maíodh i gcás san Ard-Chúirt gur sáraíodh an tAcht Oideachais 1998 agus Bunreacht na hÉireann nuair a diúltaíodh bunú Gaelcholáiste a cheadú i gCrois Araild san ardchathair

Socrú déanta lasmuigh den chúirt maidir le cás Ard-Chúirte faoi bhunú Gaelcholáiste 

Socraíodh lasmuigh den chúirt cás in aghaidh cinneadh a rinne an Roinn Oideachais gan cead a thabhairt Gaelcholáiste a bhunú ar shuíomh de chuid an stáit i gCrois Araild don scoilbhliain seo chugainn.

An Foras Pátrúnachta agus tuismitheoirí Gaelscoile sa cheantar a thug an cás in aghaidh an Aire Oideachais agus an Ard-Aighne san Ard-Chúirt.

Éisteadh an cás ar feadh dhá lá sa chúirt Dé Céadaoin agus Déardaoin seo caite ach tuigtear do Tuairisc.ie gur tháinig na páirtithe ar réiteach lasmuigh den chúirt Dé hAoine.

Ghabh an Breitheamh Bronagh O’Hanlon buíochas leis na páirtithe go léir agus chuir sí fáilte roimh an scéala go rabhthas tagtha ar réiteach. 

Tá na téarmaí a bhain leis an gcomhréiteach faoi rún de réir an tsocraithe a rinneadh.

Sa chúirt Déardaoin, dúirt Cormac Ó Dúlacháin, an t-abhcóide sinsearach ar son An Foras Pátrúnachta agus na ngearánaithe eile, go raibh sé á mhaíomh ag an Roinn Oideachais i mionnscríbhinn nach raibh dóthain spáis ar an suíomh le dhá iarbhunscoil a thógáil ann agus go ndéanfadh Gaelcholáiste ar an suíomh i gCrois Araild dochar don Ghaelcholáiste is gaire di.

Ba é a thuiscint ón ráiteas sin, a dúirt an t-abhcóide, go raibh a n-intinn déanta suas i gcónaí ag lucht na Roinne gur iarbhunscoil Bhéarla ina mbeadh 1,000 dalta ag freastal uirthi a thógfaí ar an suíomh.

Bhí fianaise na Roinne agus an Stáit le héisteacht Dé Aoine ach thángthas ar réiteach a raibh na páirtithe sásta leis.

 Bhí na gearánaithe ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an cinneadh diúltú don iarratas go mbunófaí Gaelcholáiste ar an suíomh, cinneadh a deir siad a sháraigh an tAcht Oideachais 1998 agus Bunreacht na hÉireann.

Dúirt Caitríona Uí Lochlainn agus  Christine Ní Chiardubhán go raibh a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil Mológa agus gur sárú ar a gcearta teanga agus a gcearta mar thuismitheoirí a bhí sa chinneadh a d’fhág nach mbeadh deis ann na páistí a chur go dtí Gaelcholáiste sa cheantar.

Cormac Ó Dúlacháin agus Dáithí Mac Cárthaigh an fhoireann dlí a bhí ag lucht an dúshláin.

D’áitigh siad go bhfuil dóthain spáis ar an suíomh do scoil Bhéarla ina mbeadh 600 dalta agus scoil lán-Ghaeilge ina mbeadh 400 dalta agus gur chóir freastal ar an éileamh mór a deir siad atá ar an ngaeloideachas sa cheantar.

I mí na Samhna 2019 chinn an tAire Oideachais iarbhunscoil nua a cheadú do cheantair Bhaile Átha Cliath/Cluain Sceach agus Baile Átha Cliath 6 Thiar. Thug an Roinn Oideachais le fios gur thacaigh 291 tuismitheoir sa cheantar le hiarratas Educate Together a bheith mar phátrún ar an scoil nua agus gur thacaigh 167 le hiarratas an Foras Pátrúnachta a bheith mar phátrún. Dúradh gur 60 vóta a fuair iarratas Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus gur seachtar a thacaigh leis an iarratas a rinne Scoil Sinéad.

Bhí 32.76% ag iarraidh gurbh í an Ghaeilge a bheadh mar theanga theagaisc sa scoil nua agus 61.9% a bhí ag iarraidh gur scoil Bhéarla a bheadh ann. Dúradh nach raibh aon Ghaelcholáiste sa dá cheantar pleanála scoile agus gur i mBaile an tSaoir, 3.54 ciliméadar ón suíomh i gCrois Araild, a bhí an Gaelcholáiste is giorra don áit. Chinn an Roinn Oideachais pátrúnacht na scoile nua a bhronnadh ar Educate Together agus gur scoil Bhéarla ilchreidmheach a bheadh inti ina mbeadh Aonad Gaeilge.

Fág freagra ar 'Socrú déanta lasmuigh den chúirt maidir le cás Ard-Chúirte faoi bhunú Gaelcholáiste '