Socraithe ag TG4 gan aon díospóireacht cheannairí a chraoladh

Beidh trí phobalbhreith á ndéanamh mar chuid de sholáthar TG4 d’olltoghchán 2020, i nDún na nGall, i nGaillimh Thiar agus i gCiarraí

Socraithe ag TG4 gan aon díospóireacht cheannairí a chraoladh

Tá sé deimhnithe ag TG4 nach mbeidh aon díospóireacht toghcháin á craoladh acu.

As ceannairí na bpáirtithe is mó ní bheadh dóthain Gaeilge ach ag Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, chun go mbeidís ar a gcompord i mbun díospóireachta fada, cé go bhfuil dóthain Gaeilge ag cuid de na ceannairí eile chun agallamh gearr a dhéanamh.

Le linn fheachtas olltoghcháin 2016, chraol TG4 agallaimh aonair le ceannairí na bpáirtithe ach níl sé i gceist é sin a dhéanamh i mbliana ach oiread, agus is cosúil anois gur chomhtharlúint ámharach a bhí i mórdhíospóireacht rathúil na gceannairí ar TG4 le linn Olltoghchán 2011.

Bhí Gaeilge ag ceannairí na dtrí mhórpháirtí an bhliain sin, Micheál Martin, Enda Kenny, Fine Gael, agus Eamonn Gilmore, Páirtí an Lucht Oibre, ach ní raibh raibh dóthain Gaeilge 

ag ceannaire Shinn Féin Gerry Adams nó ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Joan Burton in 2016.

Bhíothas ag súil díospóireacht bheo a chraoladh ina ndéanfadh an Teachta Dála Pearse Doherty ionadaíocht ar Adams agus ina ndéanfadh Aodhán Ó Ríordáin ionadaíocht ar Burton, ach níor glacadh leis an moladh sin.

In 2018, tar éis dóibh roinnt dianmhachnaimh a dhéanamh faoin scéal, shocraigh TG4 gan mórdhíospóireacht bheo idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta a bheith acu toisc, a dúradh, nach bhféadfadh plé “cothrom” a bheith ann “gan sciar mór den chaint a bheith i mBéarla”.

Cé gur thuill díospóireacht na gceannairí in 2011 ardmholadh agus mórchuid poiblíochta don stáisiún, rinneadh roinnt cáineadh ar an dara díospóireacht pholaitíochta a craoladh an bhliain chéanna. B’in díospóireacht thoghchán uachtaránachta 2011, clár a craoladh in ainneoin nach raibh Gaeilge ach ag iarrthóir amháin, Micheál D. Ó hUigínn

Seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie go mbeadh “clúdach cuimsitheach ar an teilifís, ar líne agus ar na meáin shóisialta” le linn fheachtas Olltoghchán 2020.

Beidh trí phobalbhreith á ndéanamh mar chuid den soláthar sin, i nDún na nGall, i nGaillimh Thiar agus i gCiarraí.          

Beidh torthaí na bpobalbhreitheanna sin le fáil ar Vóta 2020, clár uair a chloig á chraolfar gach Máirt agus Déardaoin le linn an fheachtais. 

Craolfar torthaí na céad phobalbhreithe ar chlár beo as Dún na nGall Déardaoin seo chugainn.  An Mháirt dár gcionn, an 28 Eanáir, a chraolfar torthaí phobalbhreith Ghaillimh Thiar agus beidh torthaí Chiarraí ar fáil ar chlár beo an 4 Feabhra.

Beidh cláracha speisialta á gcraoladh beo le linn an chomhairimh chomh maith.

Fág freagra ar 'Socraithe ag TG4 gan aon díospóireacht cheannairí a chraoladh'

  • MacAnRí

    Tá sé scannalach amach is amach nach mbeadh díospóireacht as Gaeilge (ar TG4) ón na ceannairí na bpáirtithe nó ionadaithe !! Cad chuige ? Tá Gaeilge ag Pearse Doherty, Kyne nó McHugh, srl..seafóid

  • Pól Ó Braoin

    Tá muid ag súil le cearta Gaeilge agus feabhais ó dhream nach bhfuil a ndóthain Gaeilge acu féin le gabháil ag caint ar TG4. Chuirfeadh sé soir thú!
    Moladh: Cuireadh TG4 na cainteoirí Gaeilge ag díospóireacht agus bíodh ag an dream eile! Cloisimis na polaiteoirí gaelacha ag díospóireacht agus más rud é go dtabharfaidh sin buntáiste poiblíochta dóibh is maith atá sé tuillte acu siúd atá in ann ár dteanga a labhairt.