Sochraide Jackie Healy-Rae ar an Luan

Ina bhaile dúchais Cill Garbháin a chuirfear an polaiteoir aitheanta, Jackie Healy-Rae, a bhásaigh inné.

TD Jackie Healy Rae
Jackie Healy Rae. Pictúir: Photocall Ireland

Ar an Luan ina bhaile dúchais – Cill Garbháin – a chuirfear i gcré na cille Jackie Healy-Rae (83), an t-iartheachta dála, a bhásaigh inné in Ospidéal Ghinearálta Chiarraí i dTrá Lí.

Bhí aithne mhór air ar fud fad na tíre go háirithe ón 3 thréimhse a chaith sé i dTeach Laighean –  péire de na tréimhsí sin nuair a bhí sé i measc grúpa beag de theachtaí neamhspleácha a raibh cothromaíocht na cumhachta acu. Thacaigh sé le rialtais de chuid Fhianna Fáil le linn an ama sin ach d’úsáid sé an chumhacht a bhí aige le maoiniú ar leith a fháil d’fhorbairtí éagsúla ina dháilcheantair féin, Ciarraí Theas.

Iarbhall d’Fhianna Fail a bhí ann ach scair sé ón bpáirtí sin sa bhliain 1997 nuair a theip air ainmniúchán olltoghcháin a fháil agus ba mar theachta neamhspleách a toghadh é.

Ar fheirm bheag a rugadh Jackie Healy sa bhliain 1931 – duine de sheisear clainne.

Tháinig an dara cuid dá shloinne ón mbaile fearainn – Ré Chaisleach (Reacashlagh) i bparóiste Chill Garbháin – inar saolaíodh é. Bhíodh nós ann teaghlaigh áirithe a lua go sonrach lena n-áit dhúchais le hiad a aithint ó theaghlaigh den sloinne céanna a bhí coitianta sa chomharsanacht agus is as sin a tháinig an sloinne dúbailte Healy-Rae.

Chaith sé tamall ag obair i Meiriceá sna caogaidí ach d’fhill sé ar Chiarraí arís sna seascaidí. D’imir sé peil agus iománaíocht le Cill Garbháin agus ba cheoltóir é – an sacsafón a rogha uirlis. Go deimhin chas sé an sacsafón tráth ar an Late Late Show.

Ach is de bharr a chaipín cáiliúil agus a chuid ráitis i dtuin chainte Chiarraí a chuimhneofar ar an bpolaiteoir glic. Nuair a ceistíodh é agus é ag éirí amach as tacsaí ag Teach Laighean faoina thacaíocht do chomhrialtas Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais nuair a bhí an IMF ag teacht chun tarrthála ar an tír dúirt sé; “I don’t know what is going on. I’m just up from the bogs of Kerry.”

Tá ríshliocht polaitiúil fágtha ina dhiaidh ag Jackie Healy-Rae le beirt dá chlann mhac, Michael agus Danny agus duine dá gharchlann Johnny, gafa leis an gcúram.

Tá ráitis ómóis eisithe ag iliomad polaiteoir as gach páirtí ar bhás fhear Chill Gharbháin.

Fág freagra ar 'Sochraide Jackie Healy-Rae ar an Luan'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Ar Dheis láimh Dé go raibh a anam uasal.Chuir mé aithne ar Jackie nuair a bhí mé ag obair mar teagascóir talmhaíochta do Choiste Talmhaíochta Chiarraí sa Neidín sna seachtóidí déanacha.Bhí sé ina bhaill den Choiste Talmhaíochta ag an am agus thug sé an-tachaíocht dom agus bhí sé i gcónaí dearfach chun seirbhisí níos fearr a chur ar fail d` fheirmeoirí.

    Dhein sé obair na gcapall ar son muintir Chiarraí Theas igcónaí agus táim chinnte nách mbeidh a leithéad ann arís.