Snámhaí Éireannach eile ag ceiliúradh agus bonn airgid buaite ag Nicole Turner

Fágann gaisce Nicole Turner go raibh foireann na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha

Snámhaí Éireannach eile ag ceiliúradh agus bonn airgid buaite ag Nicole Turner

Tá a tríú bonn buaite ag foireann na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo tar éis don snámhaí Nicole Turner bonn airgid a bhuachan ar maidin.

Chríochnaigh Turner sa dara háit sa snámh féileacáin 50m sa rannóg S6. Is beag a bhí idir formhór na snámhaithe sa rás, ní raibh ach soicind amháin idir Turner a bhí sa dara háit agus an duine a tháinig sa séú háit.

Yuyan Jiang ón tSín a tháinig sa chéad áit in 34.69, curiarracht dhomhanda nua. Chríochnaigh Turner in 36.30, leathshoicind chun tosaigh ar Elizabeth Marks ó na Stáit Aontaithe.

Ba bheag nár éirigh le Turner, atá naoi mbliana déag d’aois, bonn ccré-umha a thabhairt léi ó  na Cluichí Parailimpeacha in Rio cúig bliana ó shin.

Is í an dara snámhaí ar fhoireann na hÉireann a bhuaigh bonn i dTóiceo tar éis do Ellen Keane bonn óir a thabhairt léi sa snámh brollaigh 100m sa rannóg SB8 Déardaoin seo caite.

D’fhág gaisce Turner go raibh foireann na hÉireann ag ceiliúradh don dara lá as a chéile. Bhuaigh an lúthchleasaí Jason Smyth bonn óir a bhuachan inné.

Bhuaigh Smyth a cheathrú bonn óir as a chéile ag na Cluichí Parailimpeacha nuair a bhuaigh sé an rás 100m sa rannóg T13 Dé Domhnaigh. Bhuaigh Smyth le hoiread na fríde, 0.01 soicind, ar Skander Athmani na hAilgéire.

Sé bhonn óir ar fad atá buaite aige ag na Cluichí Oilimpeacha agus bhuaigh sé an rás 200m i mBéising agus i Londain.

Chríochnaigh Róisín Ní Riain, dalta óg i nGaelcholáiste Luimnigh, sa séú háit sa rás ceannais den mheascra aonair 200m SM13. Ba é sin an ceathrú rás ceannais ar éirigh le Ní Riain, atá 16 bliain, áit a bhaint amach ann ag na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo. Tá comórtas amháin fágtha aici, an snámh brollaigh 100m Dé Céadaoin.

Fág freagra ar 'Snámhaí Éireannach eile ag ceiliúradh agus bonn airgid buaite ag Nicole Turner'