Tá beagán ioróine ag baint leis gur i gcluiche a bhí cosctha ar a chuid ball ar feadh trí scór go leith bliain a saolaíodh an scéal ba mhó i gceist i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael sa seachtaine seo.
I gcruicéad na hAstráile tuairim leathchéad bliain ó shin a facthas, nó ba chirte a rá a ‘chualathas’, an tsuaraíl ar a dtugtar ‘sledging’ na laethanta seo.
Níltear cinnte cé as ar baisteadh é, daoine ag ceapadh go mbaineann sé leis an gcasúr ollmhór ar a dtugtar ord, dream eile a cheapann go mba amhránaí darbh ainm Percy Sledge ba chúis leis. Sheinneadh sé siúd amhrán dar teideal ‘When a Man Loves a Woman’ agus bhí babhlálaí i New South Wales a thosaíodh ar an amhrán sin agus é ag tabhairt aghaidh ar chéile comhraic a raibh a bhean chéile ag dul thar claí le fear eile.
Níl a fhios agam cén focal Gaeilge is fearr a d’oirfeadh dó agus seo é bhur seans cur le liosta na dtéarmaí nua spóirt. ‘Cladhaireacht’ an rud is túisce a ritheann liom féin, ach ar ndóigh theastódh téarma i bhfad níos sainiúla ná sin.
Níos minicí ná a chéile baineann gáirsiúlacht leis an gcaint agus beagnach i gconaí sin bunaithe ar mhná atá i saol an té a bhfuiltear ag iarraidh a bheith ag cur as dó – gníomh chomh suarach agus nach fiú dul níos faide leis anseo.
Ach bíonn corrcheann greannmhar ann. Bhí an babhlálaí Astrálach Merve Hughes ina mháistir ar an gceird. Ní raibh aon locht aigesean ar a bheith gáirsiúil ach oiread le ceann, ach bhí cumas an ghrinn ann freisin. Geábh a raibh bata agus bóthar tugtha aige don Sasanach Graeme Hick agus é siúd ag stánadh go brónach ar a bhata, dúirt Hughes leis…. “Mate, if you just turn the bat over, you’ll find the instructions on the other side.”
Rógaireacht níos mó ná maslacht a bhaineann leis an gcineál sin dea-chainte nach dtarlaíonn ach go hannamh anseo agus ansiúd san imirt. Is mór idir é agus an íde béil, suarach, leanúnach a gcaithfear glacadh leis mar chuid de chluiche an lae inniu, de réir a bhfuil feicthe agam ar chuid de leathanaigh spóirt na nuachtán an tseachtain seo.
Bheinnse féin den tuairim nach bhfuil baint ná páirt ag a leithéid le haon chineál spóirt agus gur cheart chuile dhóigh agus andóigh a thriáil lena ruaigeadh.
Go bunúsach, is bulaíocht atá ann, bulaíocht ag cladhairí a bhfuil a fhios acu nach bhfuil sé iontu féin an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic le Cothrom na Féinne agus a bhíonn ag brath ar an bhfealltacht. Cuireann a n-easpa fearúlachta agus banúlachta iompú mo ghoile orm. Cuireann sé as níos mó ná sin arís dom nuair a fheicim gur dóigh le duine de na peileadóirí is cróga agus is cneasta dá bhfaca mé le linn mo shaoil, Darragh Ó Sé, gur cuid de chluiche na peile Ghaelaigh anois é agus nach bhfuil aon dul as againn.
Más fíor sin, cén teachtaireacht atá muid a sheoladh chuid na mílte páiste atá ag foghlaim bunscileanna an chluiche agus na mílte ógánach a bheidh ag iarradh bróga a laochra a líonadh amach anseo?
Ba shuimiúil liom agus ba údar misnigh a léamh go ndeir beirt de mhóriománaithe an lae inniu, Patrick Horgan agus Henry Shefflin nár tháinig siad féin trasna ar a leithéid riamh ina gcluiche féin – ní raibh ann ach go raibh sé ráite acu nuair a cuireadh an teoiric faoi mo bhráid gur amhlaidh nach mbítear in ann é a chloisteáil de bharr na gclogad!
Ní shin le rá nach mbíodh a bheagán nó a mhórán de dhea-chaint na hiomána riamh ann. Tiobraid Árann agus Áth Cliath a d’imir a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann i 1961, an t-iománaí iomráiteach John Doyle ar chlé sa líne leathchúil ag na Tiobradaigh. Os a chomhair amach bhí Achill Boothman, an t-iománaí ba thapúla in Éirinn ag an am agus fear a mba nós leis fáinne óir a bheith i leathchluas dá chuid.
Bhí líne tosaigh Áth Cliath ag déanamh scriosa ar chosantóirí cáiliúla na dTiobradach i dtús na himeartha, go háirithe Boothman, a dheartháir Bernie. Larry Shannon agus Willie Jackson. Ba chosúil don dara bliain as a chéile go raibh Doyle agus a chomrádaithe le cluiche ceannais na hÉireann a chailleadh in aghaidh foirne gur bheag seans a tugadh dóibh, (Loch Garman an bhliain roimhe).
Isteach sa dara leath agus Achill Boothman tar éis na sála a thaispeáint dó uair amháin eile, scread Doyle ar a lánchúlaí, Michael Maher, “the next time that little hoor comes running in here like that, you turn him and I’ll deal with him then!”
Ní miste le himreoirí croíúla ar chuma Doyle nó Dharragh Uí Shé beagán dea-chainte a dhéanamh nuair is gá, ach níorbh éigin dóibh ná ní toil leo go ndéanfadh siad chomh beag sin díobh féin agus go mbeidís ag brath ar an tútachas.
Fág freagra ar '‘Sledging’? Bulaíocht ag cladhairí nach féidir leo buachtaint le Cothrom na Féinne'