SLÉACHT NA hOMAÍ 1998-2018: An lá a bhfuair an t-uafás an ceann is fearr ar an dóchas…

B’fhéidir nár mhiste agus na mairbh á dtabhairt chun cuimhne i mbliana cuimhneamh freisin ar an dóchas a bhí ann sna míonna roimh uafás na hÓmaí

SLÉACHT NA hOMAÍ 1998-2018: An lá a bhfuair an t-uafás an ceann is fearr ar an dóchas…

Pictiúr: Photocall Ireland

Fiche bliain ó shin ar Lá Fhéile Muire sa bhfómhar thug mé aghaidh go sona sásta ar Chorfú na Gréige. Bhí mé ag tnúth le coicís spóirt agus spraoi chomh maith le grian. I lár na hoíche a bhíonn na heitiltí chuig oileáin na gréine sa nGréig go minic agus dá réir, i lár na hoíche a aistrítear na turasóirí chuig na hóstáin ina mbíonn siad ag fanacht. Is cuimhin an oíche sin go maith – bhris an bus agus cuireadh amach ar an mbóthar muid ag fanacht go ndeasófaí é. Is amhlaidh a tugadh bus nua chomh fada linn agus ar deireadh thiar shroich muid an t-árasán ag a cúig a chlog ar maidin.

Bhí muid traochta tuirseach lá arna mhárach agus is beag a chorraigh muid ón linn snámha. Amach linn ag dinnéar an oíche sin agus bhí muid ag faire ar phictiúir de shléacht agus ár a bhí tarlaithe áit éigin ar dhroim na cruinne a bhí i bhfad uainn. Cheal eolas ar theanga na tíre ní raibh a fhios againn cá raibh an t-uafás tarlaithe ach nuair a chuaigh muid i gcomhair deoch ar an mbealach abhaile fuair muid an scéal.

Inár dtír bheag féin a tharla sé. Ní raibh muid in ann é a chreidiúint ná a thuiscint. Bhí muid ag brath ar theilifís agus ar nuachtáin as an mBreatain le muid a choinneáil ar an eolas agus go deimhin na nuachtáin a bhí ar fáil dúinn ní aon dea-chlú a bhí orthu riamh i dtaobh na hÉireann. Ní raibh gutháin phóca, táibléid, idirlíon gan sreanga ná go deimhin idirlíon ar bith le fáil le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn.

Ghlaomar abhaile agus láithreach bonn agus thuig muid go raibh an tír cráite. Naoi nduine fhichead maraithe – fir, mná, páistí agus turasóirí. Teaghlaigh ag fáil faoi réir le filleadh ar an scoil cúpla seachtain dár gcionn. Iad seolta i mbealach a mbasctha ag foláireamh a bhí míchruinn nó nár tuigeadh é. Trí lá caointe. Cumhachtaí speisialta frith-sceimhlitheoireachta le cur i bhfeidhm. Nóiméad ciúnais ag chuile chluiche sa tír. Ach thar aon ní eile – daoine cráite,  scanraithe, imníoch.

Bhí sé d’ádh orm go raibh go leor ama caite agam sna sé chontae sa gcéad leath de 1998. Mar chuid de mo chuid oibre bhíodh mé ag tuairisciú ó bhabhtaí éagsúla cainteanna, faoi idirbheartaíocht aimsir na sneachta i Stormont, agus faoi na reifrinn inar ghlac pobal na hÉireann le comhaontú Aoine an Chéasta. An gliondar. An dóchas. An tír ar bhealach a leasa tar éis blianta fada uafáis. Thuig muid ar fad nach raibh an scéal réitithe ná an teannas agus an choimhlint thart. Ach shíl muid go raibh tús nua i ndán don tír.

Is beag eolas atá agam ar an Ómaigh ach tá go leor bailte beaga cosúil leis ar fud na hÉireann. Nach aisteach go bhfuil an baile anois ina shiombail den uair a bhfuair an t-uafás an ceann is fearr ar an dóchas.

Níor ciontaíodh aon duine riamh as an mbuamáil. Fearacht go leor eachtraí fuilteacha eile i dTuaisceart  Éireann tá ceisteanna go leor le freagairt faoin lá sin, an 15 Lúnasa 1998. Tá muintir na hÓmaí ag leanacht ar aghaidh leis an saol. Tá an méid a baineadh amach i bpróiseas na síochána le brath ar shráideanna na sé chontae fiú má tá teannas i gcónaí in áiteacha. Ach tá an pholaitíocht ina lánstad – agus tugann an folús sin deis do leithéidí na ndaoine a leag buama na hÓmaí teacht i dtír ar an éadóchas.

B’fhéidir nár mhiste agus na mairbh á dtabhairt chun cuimhne i mbliana cuimhneamh ar an dóchas a bhí ann sna míonna roimhe sin agus a chinntiú nach mbítear faillíoch ná siléigeach maidir le réiteach a dhéanamh.

Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'SLÉACHT NA hOMAÍ 1998-2018: An lá a bhfuair an t-uafás an ceann is fearr ar an dóchas…'