B’ait an gála de Prime Time a bhí againn ar RTÉ ar an Déardaoin. Is fada roimhe sin ó bhí dhá mhír chomh difriúil óna chéile curtha le hais a chéile. Níos luaithe sa tráthnóna d’fhógair ceann feadhna RTÉ, Kevin Bakhurst, go raibh Ryan Tubridy curtha de dhroim seoil. Baineadh stangadh as an bpobal óir gur ceapadh go rabhthas ar tí a fhilleadh chun na heagraíochta a fhógairt. Ráiteas Tubridy faoin dara tuairisc ó Grant Thornton a chuir conach ar Bakhurst agus RTÉ. An é go rabhthas ag dúil le leithscéal len é agus an chonspóid a lean é a chaitheamh fé thóin chártaí? An é nach leomhfadh an eagraíocht an tuiscint a bheith ann go rabhthas róbhog air?
Pé acu scéal tosnaíodh ag rith le brothall. Bailíodh Bakhurst isteach sa stiúideo agus ní cuimhin liom an uair dheireanach gur thug aoi an oiread sin eolais i mbeagán focal. Bhí a chuid cainte pioctha ach ní raibh sé seachantach. Ní raibh aon mhuinín idir na páirtithe a thuilleadh, dar leis. Thug sé le fios go hoscailte gur €170,000 an táille a bhí socraithe agus go raibh aontú ann faoi €150,000 a íoc ar ais. Déarfainn gur cuireadh drithlíní faitís le droim na réalta eile nuair a chuir sé in iúl go mbeadh a bpá ag laghdú.
Tá na cosa á gcur i bhfeac.
Níor mhiste liom a bheith i mo chuil ar an mballa do na comhráití conarthaí sin. N’fheadar an mbeidh Noel Kelly i láthair. I ndiaidh an phaiste cainte sin bhí vox pop againn agus ní fhaighim aon bhlas riamh ar mhíreanna dá leithéid. Cheapas go rabhthas críochnaithe leis an gcuid seo den chlár a cuireadh le chéile faoi dheifir ach nuair a d’fhilleamar ar an stiúideo bhí Terry Prone, Fintan O’Toole agus Fionnán Sheahan bailithe timpeall an bhoird. Is dóigh liom gur mheabhraigh sin dúinn go bhfuil an chonspóid seo ina seó bóthair le tamall.
Is cinnte gur léirigh an chéad mhír an áiféis agus neafaiseacht a bhain le conspóid Tubridy.
Déantóir scannán é Finn Boylan a d’ardaigh a sheolta leis chuig an Úcráin le clár faisnéise a dhéanamh faoin gcogadh ansan. Bhí sé neadaithe le fórsaí na hÚcráine ar an líne thosaigh. Chuir Philip Gallagher agallamh air faoin eispéireas ansin agus bhí roinnt dá scannánaíocht le feiscint. Ba chrá croí é láthair an áir a bhaint amach fiú. É ag imeacht go Krakow ansin go Lviv agus Kyiv sular thug sé aghaidh ar an líne thosaigh. Ba léir go raibh tionchar mór ag an tréimhse san Úcráin air. Labhair sé faoin oíche go raibh sé in ionad leighis sealadach nuair a tháinig scata daoine gortaithe chuig an ionad. Bhí beirt marbh ar shroichint an ionaid dóibh, cailleadh beirt eile ar an mbord obráide agus b’éigean na cosa a bhaint de dheichniúr eile. Níor tugadh le fios dúinn cén uair go mbeadh an saothar os comhair an phobail ach is cinnte gur saothar ar leith a bheidh ann.
Fág freagra ar 'Slán fágtha le Tubridy ar chlár ait Prime Time'