Nuair a chuir mé tús le Cuimhne agus Dearmad seacht mbliana go leith ó shin, seachtain nó dhó tar éis don lucht leighis a dheimhniú go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair, thuig mé go dtiocfadh deireadh leis an tsraith seo lá éigin, agus go mbeadh an colún deireanach deacair.
Tá an t-eagrán deireanach sin á chló isteach agam anois.
Fuair mo mháthair bás coicís ó shin, lá luathfhómhair i ndeireadh mhí Lúnasa.
Fearacht mórchuid daoine a dtagann galar Alzheimer orthu, theip ar an gcuid sin den inchinn a stiúrann an slogadh, gníomh de chuid na colainne nach gcuimhníonn an chuid is mó againn air, fiú amháin, ach atá fíorchasta.
Thachtfaí mo mháthair dá dtabharfaí bia (fiú bia leachtaithe) nó deoch di feasta – bás fíor-mhíchompordach, a dúirt an lucht leighis linn, agus b’fhearr, sin é an prótacal, ligean di bás a fháil den tart agus den tuirse. (Go teoiriciúil, bhí rogha againn í a choinneáil beo le feadán cothaithe. Ach ós rud é nach mbeadh de thoradh air sin ach fad a chur le fulaingt, gníomh nach mór mídhaonna a bheadh ansin.)
Ceithre lá a mhair sí i ndiaidh dóibh éirí as an gcothabháil. Chaith mé féin, mo dheartháir óg, gaolta eile agus cairde cuid mhaith den am sin lena taobh agus bhí mé féin, mo dheartháir óg agus dlúthchara mná de chuid mo mháthar i láthair nuair a d’éag sí, chomh socair síochánta agus a d’fhéadfaí, fad is a lean na lonta dubha i mbarr na gcrann taobh amuigh den fhuinneog orthu ag ceol.
An rud is mó a chuir ionadh orm ná chomh sciobtha agus a d’imigh an strainc aisteach sin a bhí curtha ag galar Alzheimer uirthi dá haghaidh. Suaimhneas síoraí a ghuítear ar na mairbh, ach fianaise eile gur aimsigh mo mháthair an suaimhneas sin ar an bpointe boise níl uaim.
Suaimhneas aisteach a mhothaigh mé féin nuair a d’imigh mé abhaile ar mo rothar an oíche sin, tar éis do na hadhlacóirí corp mo mham a thabhairt go teach tórraimh. Den chéad uair ó bhog mo mháthair isteach in ionad cúraim nach mór trí bliana ó shin, ní raibh imní orm faoina mbainfeadh di tar éis dom dul abhaile; ní raibh imní orm faoin meath a thiocfadh uirthi idir dhá chuairt.
Bhí sochraid le heagrú ansin agus bhí an seomra san ionad cúraim le folmhú laistigh de sheacht lá; tá cinntí móra saoil le déanamh agam féin agus idir chuile útamáil is beag am a fuair mé le mo mhachnamh a dhéanamh nó fiú amháin le mo mháthair a chronú i gceart.
Mar sin féin tá mé ceart go leor, nó chomh ceart go leor agus is féidir a bheith tar éis bhás tuismitheora; an t-aon bhuntáiste amháin a bhaineann le galar Alzheimer – más buntáiste ar chor ar bith é, agus tá súil agam nach mbeidh baint agam leis an ngalar gránna sin riamh arís go deo – ná go mbíonn neart ama agat chun slán a fhágáil ag duine. D’fhág mé slán ag mo mháthair na mílte uair le blianta beaga anuas, ach déanfaidh mé uair amháin eile é.
Slán, a mhamaí.
Mairéad Ní Nuadháin
Brón agus briseadh croí an Alex. Ní maith linn do bhris.
Fachtna Ó Drisceoil
Deireadh ré duit fhéin agus do na léitheoirí. Go raibh maith agat as ucht an turas a roinnt linn. Déanaim comhbhrón leat Alex.
Caoimhín
Mo chomhbhrón leat, a Alex. Léigh mé cuid mhaith den tsraith i gcaitheamh na mblianta agus bhí ábhar machnaimh sna hailt i gcónaí. Go raibh maith agat as do thaithí, do smaointe, agus blianta deireanacha do mháthar a roinnt linn. Suaimhneas síoraí di. Tabhair aire duit féin.
Risteárd Hincks
Mo chomhbhrón ó chroí leat, a Alex.
Breda Finn
Mo chomhbhrón ort agus ar do mhuintir a Alex.