Sin é a scéal agus má tá bréag ann bíodh…

Cé gur féidir le leithéidí Michael Jordan adhmad a bhaint as éachtaí agus gaiscí na laethanta a chuaigh thart, ní hamhlaidh do Lance

Sin é a scéal agus má tá bréag ann bíodh…

Sraith faisnéise eile faoi Lance Armstrong, fear a bhíonn níos mó ar a chompord leis an éitheach ná mar a bhíonn sé leis an bhfírinne.

Bréagadóir cruthanta tiarnúil coráistiúil é Lance Armstrong. Chaith sé blianta fada ag stealladh éithigh faoi dhrugaí a ghlacadh a chuir lena chumas agus é i mbun rothaíochta agus faoi dhaoine a raibh sé de dhánaíocht iontu an fhírinne a insint faoi.

An cheist a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ag tabhairt faoin tsraith faisnéise dhá chlár (Lance, ESPN, Dé Domhnaigh) ná cén uair is féidir iontaoibh a chur i bhfear an éithigh?

An mbeidh sé fós ag iarraidh na fíricí a mhúnlú chun a shástachta? An mbeidh sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn i gcónaí? An féidir focal uaidh a chreidiúint?

Tar éis na sraithe tá mé chomh dall ar an bhfear is a bhí mé riamh.

Go deimhin d’fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil gá le clár faisnéise eile faoi rothaí Texas óir gur tháinig a leithéid os ár gcomhair in 2013 agus 2014 agus tháinig scannán faoi amach in 2015.

Cad atá le foghlaim ón saothar seo ina bhfuil Lance féin i lár an aonaigh agus meitheal mhór de chloigne cainte bailithe isteach?

Ar an gcéad dul síos ní dóigh liom go gcabhróidh an saothar seo le Armstrong a chlú a fháil ar ais in aon tslí.

Ní dóigh liom gur féidir leath den mhéid a deir sé a chreidiúint. Faoi mar a deir Floyd Landis, is fear é a bhíonn níos mó ar a chompord leis an éitheach ná mar a bhíonn sé leis an bhfírinne.

Cé go labhraíonn sé go neamhbhalbh faoi thógáil drugaí déanann sé iarracht spior spear a dhéanamh den chúram ar uairibh á rá go raibh gach rothaí ag an am báite sa chúram. Ní dóigh liom go bhfuil tromchúis a ghníomhartha dulta abhaile air agus dá réir, níl sé sásta nó in ann freagracht a ghlacadh.

Cé go n-admhaíonn sé go raibh an tslí ar chaith sé leis an soigneur as Éirinn Emma O’Reilly ar an rud is measa dá ndearna sé, go mórmhór nuair a thug sé striapach uirthi i dteistíocht, tugann sé “piece of shit” ar Landis agus gan aon mhíniú a bheadh fiú leathshásúil aige faoi canathaobh go mbeadh an chloch sa mhuinchille aige dó i gcónaí.

Meabhraítear dúinn cé chomh loite a bhí (agus atá?) an spórt le drugaí.

Taibhsíodh do rothaithe nach raibh an dara suí sa bhuaile acu ach snámh leis an tuile.

É sin nó dul abhaile agus jab a fháil chomh maith le Tadhg an mhargaidh.

An rud a bhí difriúil faoi Lance ná go raibh sé sa Táin, ní hamháin mar gheall ar na seacht mbua sa Tour de France ach mar gheall ar a chomhrac i gcoinne na hailse roimhe sin.

É ag éirí aniar as leaba a bháis le gaiscí a dhéanamh ar an rothar agus lena charthanacht Livestrong.

Lena cheart a thabhairt dó, agus labhraíonn rannpháirtithe éagsúla faoi seo, is cinnte go ndein sé maitheas leis an eagraíocht sin agus bhí a chroí san obair. Is léir chomh maith gur úsáid sé an ailse agus Livestrong mar sciath chosanta nuair a tháinig cúrsaí go cnámh na huillinne.

Tá toise láidir Éireannach ag baint le scéal Lance agus an tsraith seo, dá réir. Labhraíonn Emma O’Reilly go hionraic, tomhaiste agus déantar dreasanna cainte le David Walsh, duine de na hiriseoirí ba mhó a bhí sa tóir ar Lance agus comhcheilg na ndrugaí. Cuireadh agallamh ar Pat McQuaid chomh maith ach ba mhór an t-iontas dom nár cuireadh ceisteanna níos crua air i dtreo dheireadh na sraithe.

Níl aon radharc ar Paul Kimmage, fear a shocraigh go raibh dóthain cainte déanta aige faoi Armstrong.

Is mór an bhéim síos do Lance a shaol ó 2013 i leith. Tá na cásanna dlí tar éis luí ar a phóca, cé nach bochtán é más aon fhianaise a thigh breá in Aspen.

Cé gur féidir le leithéidí Michael Jordan adhmad a bhain as éachtaí agus gaiscí na laethanta a chuaigh thart, ní hamhlaidh do Lance. Tá gean ag an bpobal ar laochra cosúil le Jordan, ach is fuath agus drochiontaoibh a bhíonn roimh Lance.

Deir Armstrong nach bhfuil na cinntí a dhein sé ag teacht idir é agus codladh na hoíche. Ní chuireann sin iontas orm ach, mar is gnáth, níl a fhios againn an féidir é a chreidiúint.

Fág freagra ar 'Sin é a scéal agus má tá bréag ann bíodh…'